Abhar conspóide nua atá tagtha bealach na Gaeilge á chomhthéacsú ag John Mac Conchoille

Nuair a thagann glúin nua scríbhneoirí ar an bhfód, beireann siad traidisiún na scríbhneoireachta sin ar aghaidh leo. Is mar seo, de réir ama, a fhorbraítear traidisiún litríochta. Is réidhe an achair dár dteanga dúchais go bhfuil daoine óga ag saothrú na hiriseoireachta, agus á cur  in oiriúint do na hábhair  gur dual do shaol nua-aimseartha a linne. Bíonn an baol ann, ámh, mura bhfuil sé meabhrach ar an traidisiún lena mbaineann sé, go ligfí na maidí le sruth.

Tá mí bailithe anois ó scríobh iriseoir óg alt ar ábhar na collaíochta, ag maíomh air gur tabú atá sa Ghaeilge inti. Chorraigh sé clampar. Chuaigh an scéal chomh fada le Cormac @ a 5 ar Radió na Gaeltacha, agus ó tharla go raibh sé chomh mór sin i mbéal an phobail, bhí mórán daoine ann nach raibh  ar aon tuaraim leis. Creidim féin go bhfuil téarmaíocht na collaíochta crua fáiscithe sa Ghaeilge. Samplaí fánacha ón litríocht a bhuaileann ar áit na mbonn liom ná Cliusaíocht na Gaeilge, gluais ar an ndrúis le Rossa Ó Snodaigh, agus suaraíocht gháirsiúil Uí Chadhain in An Braon Broghach ach go háithrid; “Chuir na sáití den phócar a bhí sé (Máirtín Ó Riain) a thabhairt do ghríosach na tine” núis ar Nóra, tar éis don Rianach moladh di chun “spuaic a bhaint amach ar an leaba” in An Bhearna Mhíl.

Má ghlactar  leis, mar sin, go rinneadh neamhaird ar thraidisiún na scríbhneoireachta, caithfear a léiriú cén dochar a bhaineann le beag is fiú a dhéanamh den stair litríochta ar chor ar bith.  “Historical sense” ar a bhfuil dá thraidisiún ann, a deir T.S. Eliot, san aiste “Tradition and The Individual Talent”, ná “at the same time what makes a writer most acutely conscious of his place in time, of his contemporaneity, no artist of any art, has his complete meaning alone”. Ní rud ann féin í an chomhaimsearthacht, mar sin; is ó nósanna na seanaimsire a fáisctear saothar as an nua. Bíodh gur saol an lae inniu atá faoi chaibidil san alt, is léir  gur cnámh spairne a bhí sa mhéid agus nár tugadh stair an ábhair sin san áireamh, nó nach raibh ann ach blúirí fánacha di.

Céard a chuir tóin sa téis seo gur tabú atá sa chollaíocht, mar sin? Tionchar Meiriceánach, is cosúil. Bíodh aige go bhfuil sochaí na hÉireann as alt le sochaí Mheiriceá i dtaobh na collaíochta; is iondúil nach gcuireann na Meiriceánaigh fiacal san ábhar sin. An bhféadfaí go gcuirfeadh sin ár bhféiniúlacht as a riocht? Tá gach seans nár chuige seo ar chor ar bith a bhí an t-alt sin; is ar mo théid féin atáim ag trácht anois.  Tá sé tagtha ár mbealach go bhfuil scannánaíocht Hollywood ach go háirithe ag bagairt an bháis ar chultúr dúchas na tíre seo. Tá an chuma chéanna ar chultúir éagsúla ar fud na cruinne.

Cé nárbh í an scannánaíocht údar gach olc, dhúnfadh sé an croí ort agus a thuibhe de smúid a leagann sé ar éagsúlacht na gcúltur. Ar an mórgóir, ní phléann na scannáin ach go dromlach le cúrsaí an tsaoil, agus is teagasc Meiriceánach a chuireann siad abhaile ar an lucht féachana. Tá a shaoldearcadh sainiúil féin sníomhtha trí gach cultúr, agus baineann sin go dlúth le cumadóireacht ealaíne na tíre sin ; mar a chuireann Eliot friotal air “Every nation, every race, has not only its own creative, but its own critical turn of mind”.

Ní mhaith le daoine go mbeadh an meon sainiúil seo faoi chuingir ag tionchar eachtrannach. Tá sé de cheart ag údar ar bith a rogha ábhair a chur i láthair ar a rogha shlacht, agus tá sé chomh mór céanna de cheart ag duine a bheith curtha ó chompórd de bharr tionchair ghallda a bheith le brath ar scríbhneoireacht na Gaeilge. Ar bhealach, níl acu an dhá thaobh den argóint gur troime an chiall aige. Ach is féidir critic a thabhairt ar an gcás ina fhad agus ina leathadh.

Beir crua ar dhúid na neantóige agus ní dhéanfaidh sé thú a dhó, a deirtear. De bharr chlampair an ailt seo, is cosúil go mbíonn an ábhar scríbhneoireachta ina dhó neantóige freisin, agus caithfear breith ar dhúid an traidisiúna le dó a sheachaint. Ach, má bhíonn muid dóite cheana, ní fhada uainn an chopóg. Léiríonn fiúntas na critice “The Sacred Wood” ag T.S. Eliot é sin. Tá a fhios go maith ag an bhfear a chum teideal ar an gcaoi sin go bhfaighfear na slisneacha mar a thiteann an crann. Clisfidh cúram na scríbhneoireacht orainn mura mbíonn muid “conscious, not of what is dead, but of what is already living”.

One thought on “Dúid na Neantóige

Comments are closed.