Tá sé faiseanta a bheith faoi bhrú agus a bheith ag obair go déanach agus go dian. Is é an status quo sa saol corparádach agus saol oibre go minic. Féachtar air mar éacht má bhíonn tú ag déanamh gach rud go dtí go mbíonn tú spíonta agus traochta agus ní thógtar na himpleachtaí do sin ar an duine san áireamh.
Leanann cultúr an bhrú ar aghaidh tar éis na hollscoile agus ba mhaith liom é a phlé mar ní cheapaim go labhraítear faoi dhainséar an bhrú minic go leor. Cinnte is cabhair é an brú uaireanta, is spreagadh é le spriocanna a bhaint amach ach nuair a bhíonn sé iomarcach,is féidir leis a bheith dochrach.
D’fhoglaim mé féin faoi dhainséar an bhrú agus an éifeacht ar an gcorp i rith scrúduithe na Nollag agus labhróidh mé faoi seo agus ansin faoi thaithí a fuair mé ó dhaoine eile.
Déantar breithiúnas ar do chumas san ollscoil ó do ghrádanna agus mar sin níor theastaigh uaim torthaí maithe a fháil nó pas, theastaigh uaim torthaí den chéad scoth a fháil agus chreid mé le go leor oibre go bhféadfainn é seo a bhaint amach. Is mé ceann de na daoine aisteacha sin a chur iarracht isteach sa Teastas Sóisearach agus mar sin admhaím gur chuir mé brú orm féin go hacadúil ó aois óg ach go dtí seo bhí mé inn ann deileáil leis.
An uair seo, bhí an brú agus an strus iomarcach. Lean mé meon an seanfhocail ‘imíonn an túirse ach fanann an tairbhe’. Ní raibh mé chun stopadh nó moilliú síos cé gur thuig mé go raibh mé tuirseach agus nach raibh mé ag léiriú ómóis do mo chorp. Lean mé ar aghaidh mar chreid mé gur fiú an brú ach anois tuigim nach bhfuil é sin fíor. Chaith mé uaireanta fada sa leabharlann, ag dul abhaile sa dorchadas le dul i mo choladh chun éirí arís ar maidin chun an rud céanna a dhéanamh arís.
Tháinig an-chuid den bhrú uaim féin cinnte agus mé i mbliain na céime ach creidim go bhfuil cultúr an bhrú sa tsochaí agus san ollscoil i gceist freisin. Bhí ceatadán mór den mhodúil ag brath ar an scrúdú deireanach agus bhí siad brúite le chéile, le cúig scrúdú agam i sé lá agus mar sin lean mé ar aghaidh ag staidéar go ródhian mar a dhéanadh le hinneall.
Mar mhac léinn eacnamaíochta tá sé ionam a bheith loighciúil agus réasúnach agus ní raibh mé in aon chor. Thosaigh mé ag ithe mo theanga i mo choladh i seachtain an staidéir agus dúirt an dochtúir go raibh sé mar thoradh ar an mbrú. Níor tharla aon rud mar seo dom riamh. Fuair mé othrais bhéil dona a mhair go dtí Lá Nollag. Bhí mo chraiceann uafásach, ní raibh fonn ithe orm agus ní raibh mé mar mé féin ar chor ar bith.
Is duine réchúiseach agus sóisialta mé ach níor theastaigh uaim labhairt le héinne san RDS agus go hiondúil d’ith mé mo lón liom féin. Bhí mé ag caoineadh roimh gach uile scrúdú seachas ceann amháin, ag siúl ar an N11 go dtí an RDS, fiú roimh scrúdú a bhí mé go hiomlán ar mo chompord faoi. Ní raibh sé mar mo ghnáthiompar agus ní raibh ciall ná réasún leis.
Shroich mé buaicphointe an bhrú ar an Domhnach roimh an dara sheachtain do scrúdaithe. Tháinig mé abhaile déanach ón leabharlann agus bhí orm mo lón a dhéanamh don chéad lá eile agus ansin bhí sé pleanáilte agam dul i mo choladh. Chuir mé paicéad pasta ar ais sa chófra agus ar an ndrochuair, thit buidéal iomlán d’ola olóige ar an talamh, bhris sé agus bhí ola agus gloine i ngach uile áit. Ní dhearna mé aon rud ar feadh dhá nóiméad seachas stanadh air, ag súil go raibh mo shúile ag imirt cleas orm agus nach raibh praiseacht ceart sa chistin. Bhí sé i ndiaidh meánoíche ag an stáitse seo, bhí mé tuirseach traochta le scrúdaithe ag teacht ar an Luan,Máirt agus Céadaoin agus ní raibh sé idéalach in aon chor go raibh ciseach uafásach le glanadh agam ag an bpointe sin. Bhailigh mé an gloine agus chur mé é sa bhosca bruascar agus thosaigh mé ag glanadh an ola le seannuachtán ach ghlac seo roinnt mhaith ama toisc go raibh ar an ola a bheith suaite isteach sa nuachtán go hiomlán sula mbeadh sé glan. Bhí mé ar mo ghlúine go hiomlán i ndeireadh na feide. Thosaigh mé ag caoineadh mar bhí sé beagnach a dó a chlog ar maidin agus chuala mo Mham mé agus tháinig sí le cabhrú liom. Ghlanamar é le chéile agus nuair a chuaigh mé thuas staighre, bhí mé fós trí chéile mar ní raibh uaim ach coladh maith agus ní fhéadfainn a bheith tuirseach do mo scrúdaithe. Chuala mo Dhaid mé agus cheap sé go raibh rud uafásach tar éis tarlú, ní raibh i ndáirire, ach leis an struis agus an tuirse bhí mo mhothúcháin míle uair níos measa agus níos láidre. Ní eachtra uafásach a bhí sa doirteadh ola ach bhí mé chomh teann agus faoi bhrú ag an bpointe sin, le scrúdú ar an Luan, bhí mé go hiomlán traochta agus cloíte.
Chríochnaigh mé mo scrúdaithe agus bhí mé sásta leo ach bhí mé gan mhothú ina ndiaidh, in ionad a bheith ar bís nó lán le faoiseamh. D’éirigh mé an-tinn i mí Eanair le heaspa fuinnimh ar feadh coicíse nach raibh gnách agus creidim go raibh mo chorp ag déanamh iarrachta chun athshlanú ó na scrúdaithe.
Ag breathnú siar air anois, ní cheapaim go bhfuil aon réiteach éasca ann. Moltar rudaí deasa mar chomhairle le strus a laghdú ar nós sos a ghlacadh , téigh ag siúl nó labhair le do chairde. Go hiondúil agus go réalaíoch is í an fhadhb ná go mbraitheann tú nach féidir leat stopadh nó moilliú síos agus ní bhíonn an comhairle seo ró-chabhrach . Silim go gcaithfear fréamh na faidhbe a fheabhsú, é sin an brú ag deireadh an téarma a laghdú agus níos mó measúnú leanúnach a chur i bhfeidhm. Níor chóir breathnú ar bhrú mar chomhartha go bhfuil tú ag obair go dian, mar dhea-thréith nó rud a moltar. Is eipidéim mhór atá ann le hiarmhairtí dáirire ar an duine Is mar sin a chreidim nach fiú an brú mar gheall ar an dochar a dhéanann sé ach ní dhéantar go leor cainte faoi.
I mo chás féin, cé nach bhfuil torthaí scrúduithe ar fáil go fóill, ní fiú pé gradanna a fuair mé an dímheas a léirigh mé ar mo chorp. Níor ghlac agus ní glacfaidh mé riamh iad, ach tuigim anois cén fáth go nglacann daoine drugaí staidéar. Tá sé scannalach go mothaíonn daoine go bhfuil orthu iad a thógáil toisc go bhfuil an brú chomh hard sin le torthaí maithe a fháil.
Tá triail chailiúil ann a chur francaigh faoi bhrú mar gheall ar ghas áirithe i láthair agus d’fhorbair siad othrais sa bholg agus sa bhéal agus ón mbrú. Léigh mé faoi seo blianta ó shin ach ní fhaca mé na héifeachtaí ar mo chorp féin go dtí seo. Theastaigh uaim níos mó eolais a bhailiú faoi bhrú scrudaithe agus an éifeacht ar an gcorp.
Chuir mé suas scéal ar Instagram chun taithí ó dhaoine eile a fháil Le bheith fíreannach, níor cheap go bhfaighfinn mórán scéala ó dhaoine ach an mhalairt ar fad a bhí fíor. Tháinig scéalta chugam ó dhaoine a labhraím leo go minic ach freisin ó dhaoine nach bhfeicim go minic agus bhí a dtaithí ar fad an-difriúil.
Bhí duine A ann a fulaingíonn le soiriáis an-dona ar a lámha nuair a bhíonn sí faoi bhrú timpeall séasúr na scrúdaithe. Baineann pian uafásach leis agus ní bhíonn sé ródheas nuair a bhíonn sé ag scamhadh. Dúirt sí go bhfuil sé éirithe níos measa agus í ar an ollscoil ach tá sí fíorbhuíoch gur ar a lámha amháin a bhíonn sé.
D’inis duine B dom go mbíodh sí ag caitheamh anuas go laethúil ar feadh míonna ag teacht suas don Ardteist mar gheall ar a himní. Chuir brú na hardteiste isteach uirthi gach uile lá i bhfad sula raibh sé tosaithe, rud atá uafásach.
Roinn duine C atá i mbliain na céime i UCD a taithí ag an Nollaig. Bhí trí scrúdú lastuigh de 24 uair aici. Bhí sí an-bhuartha nach bhfaigheadh sí dótháin colaidh go bhfuair sí taibléid cholaidh. Bhí sí imníoch nach dtitfeadh sí ina coladh leis an strus agus go mbeadh sí traochta do na scrúdaithe sin. Bhí mothúcháin chosúla ag daoine ina cúrsa, ina measc duine amháin a d’éirigh róthinn chun na scrúdaithe a dhéanamh. Mhol sí go mbeadh níos mó méasúnú leanúnach níos fearr chun an brú a laghdú agus chun tuairisc níos cruinne de do chumas a fháil. Bhí brionglóidí aici mí ina dhiaidh gur chaill sí an scrúdú. Dúirt sí go raibh an brú ag an am ollmhór agus go raibh sé dochreidte gur bhraith sí éifeachtaí an bhrú i bhfad i ndiaidh na scrúduithe.
Sheol duine D scéal chugam óna deirfiúr óg sa chéad bhliain sa mheánscoil agus bhí orm an teachtaireacht a léamh arís le bheith cinnte gur léigh mé é i gceart go raibh sí chomh hóg sin agus ag fulaingt ó bhrú scrúdaithe. Níl aon fhadhb le himní aici nó le feidhm luadrach ach tharla rud aisteach, nua agus neamhghnách di sa choicís roimh a scrúdaithe agus i rith na scrúdaithe iad féin. D’fhorbair sí tic neamhdheonach agus athrú anála. Bhíodh sí ag anáil cosúil mar a bhíonn tú tar éis a bheith ag caoineadh agus ag an am céanna ag ardú a lámh go hard ag cliceáil a méara agus bhog a ceann freisin. Tharla sé mar gheall ar na scrúduithe amháin agus stop sé ina ndiaidh agus ní raibh aon amhras ag an dochtúir ach go raibh sé bainteach le strus. Dhéanadh sí é beagnach gach 30 soicind agus bhí sí trí chéile faoi toisc go raibh sé chomh haisteach agus neamhdheonach. D’aontaigh duine D nach dtugtar aird ar an mbrú sa chóras agus bhí an ionadh uirthi nuair a chonaic sí a deirfiúr faoi thionchar an bhrú.
Bhí scéalta eile ann ó dhaoine a chailleann agus a chuireann meachán orthu, a bhíonn fuil mhíosta neamhrialta aici agus iad faoi bhrú agus duine amháin a d’éirigh an-tinn i rith an Teastas Shóisearaigh agus nach raibh in ann é a chríochnú. Tá sé soiléir dom ó mo thaithí féin agus ó dhaoine eile nach fiú é go mbeifeá ag follaingt go meabhrach agus an strus i d’intinn ach freisin go fisiciúil. Cuimhním ar bhás Avicii an bhliain seo chaite agus meastar go raibh tionchar ar an mbrú ar an tragóid seo agus tá an brú a bhí air le feiceáil go soiléir ina chlár fáisnéise.
Caithfear a bheith airdeallach ar an mbrú, go haonaireach agus sa tsochaí agus a aithint gur féidir leis a bheith dámáisteach agus dochrach. Dhírigh mé ar thaithí a bhaineann le scrúdaithe ach gan amhras bíonn an brú i gceist i i bhfad níos mó réimsí den saol. Ní féidir a shéanadh, cé go mbíonn brú úsáideach uaireanta leis an iomarca brú bíonn éifeacht aige ag ár gcorp.Caithfear labhairt faoi níos mó agus iarrachtaí a dhéanamh é a laghdú agus gan é a chur chun cinn. Ag deireadh an lae, ní fiú an brú.

 

Cecily Nic Cionnaith – Eagarthóir Gaeilge