Is móreagraíocht Gaeilge í Glór na nGael, a dhíríonn ar thrí réimse oibre: forbairt na Gaeilge sa teaghlach, forbairt na Gaeilge i measc an phobail, agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó. Ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael, aithnítear na daoine agus na grúpaí a sheasann amach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de ar fud fad na tíre. I mbliana, bhronnaíodh gradaim Ghlór na nGael in Óstán an Ghlasáin, Co. na hIarmhí oíche Shathairn an 10ú Márta. Bhí duaischiste de luach €77,000 ina iomláine, agus beidh an t-airgead sin á úsáid ag choistí pobail, grúpaí Gaeilge agus cumainn 3ú leibhéal chun forbairt a dhéanamh ar a gcuid oibre ar son na teanga amach anseo.

I gComórtas na gColáistí 3ú Leibhéal, d’éirigh leis an gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliaith an dara áita bhaint amach, agus bhí ionadaithe ón gCumann Gaelach UCD iontach sásta ag teacht abhaile le €2,000 mar dhuais. Bronntar duaiseanna ar na cumainn gaelaigh ar a thagann an feabhas is fearr i rith na bliana. Chaill UCD amach ar an gcéad spota, faraor – bhí an bua ag ár gcairde i gColáiste na Trionóide don ceathrú bliain as a chéile.

Bhuaigh Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardhá, bunaitheoirí an ‘Pop-Up Gaeltacht’, Gradam Speisialta Ghlór na nGael i mbliana. Ní raibh amhras ar bith ann ach go raibh sé breá tuillte ag an mbeirt a tháinig suas leis an gcoincheap is simplí agus is éifeachtaí chun an Ghaeilge a scaipeadh le blianta beaga anuas: “Roghnaítear teach tabhairne uair sa mhí agus bailíonn Gaeil ann. Chun ól, like.”

Ach b’iad Glór na Móna, Béal Feirste a fuair príomhdhuais Ghlór na nGael, agus seic le haghaidh €20,000. Bunaíodh Glór na Móna sa bhliain 2004, agus bhí sé mar aidhm acu an Ghaeilge chur chun cinn san Uachtar Chluannaí in iarthar Bhéal Feirste. Ní hamháin go gcuireann an grúpa ranganna, imeachtaí cultúrtha agus seirbhísí eile ar fáil, ach chomh maith le sin déanann an siad iarracht dul i ngleic le fadhbanna sóisialta amhail dífhostaíochta fad téarmach agus idir ghlúine.


Erin Nic An Bhaird – Eagarthóir Gaeilge