Discus Care Made Easy t=”295″ />

Cé go bhfuil scéalta chailleach an uafáis ann faoinár gcóras sláinte le fada an lá, order líomhaintí seafóideacha gur ceann de chuid an tríú domhan é ina measc, case is anois a thosóidh ciorruithe ag goilliúint ar bhunseirbhísí agus chúram othar. Le tamall anuas, buy cialis mar mhac léinn leighis de chuid COBÁC sna hospidéil ollscoile tá léargas áirithe ag an tuairisceoir seo.Cé go raibh gearáin ag teacht go tiubh faoi fhadhbanna sa chóras le tamall de bhlianta is in olcas atá cúrsaí ag dul agus má bhí éifeacht ag cúrsaí cheana is mó go mór an éifeacht a bheidh ann amach anseo.

Ar an gcéad dul síos, na bardaí atá á ndúnadh. In ospidéal ollscoile mór de chuid an choláiste seo tá roinnt mhaith bardaí beaga dúnta. Is ait an rud é ciúnas iomlán na ndorchlaí seo ach is ag éirí níos líonmhaire atá. Tá ciúnas ann faoi seo le tamall, mar gur deacair aon ghearán a chlos thar challán na n-agóideoirí iomadúla taobh amuigh de gheataí na Dála, shamhlófá.

Tá ciorrú ar na dochtúirí ag cur isteach chomh maith, cé nach mbíonn mórán fíoroibre ar bun ag an mac léinn leighis, tarlaíonn anois go mbíonn duine breise de dhíth san obrádlann corruair! Is léir chomh maith an brú a bhíonn ann sna clinicí móra othar isteach, agus tá na liostaí feithimh ag dul i bhfad lá i ndiaidh a chéile.

Ó thaobh na ndochtúirí, tá glúin iomlán ag tréigean na tíre. Tar éis na bliana mar inteirn is fíorbheagán a bhíonn sásta fanacht de bharr an chaighdeáin saoil, oibre, easpa traenála is tacaíochta. I ngeall air seo tá na sluaite dochtúirí eachtrannacha á dtógáil isteach fhad is go dtéann na cinn ar íoc an stát breis is €100,000 á n-oiliúint go Trá Bhondi.

Anuas air sin tá dochtúirí ag dul i muinín na gcleasanna maoinithe seo a leanas, má tá costas mór ar antabheathaigh áirithe, déanfar iarracht iad a chlúdach faoi bhuiséad drugaí pobail in áit bhuiséad an ospidéil féin. Is cinnte go bhfuil an beartas glic seo ar son an phobail ach go fadtéarmach léiríonn seo bunfhadhbanna an chórais uile. Cé gur ón gcáiníocóir gach uile phingin sa deireadh thiar, caithfear cinntiú nach mbíonn aon áit thar a bhuiséad. Chomh maith, táimid ag bogadh i dtreo na Breataine ó thaobh drugaí airithe a dhiúltú anois toisc costas ró-ard a bheith leo, rud a bhí chun tarlú luath nó mall.

Chomh maith tá córas ad hoc ar bun go forleathan ina n-úsáidtear leapacha príobháideacha chun brú ar an gcóras poiblí a mhaolú. Má mheastar othar a bheith meánaicmeach, nó an chuma a bheith ar dhuine go mbeadh árachas sláinte príobháideach acu,déanfaidh an dochtúir iad a thógáil isteach sa chóras príobháideach scaití, iad a sheoladh chuig angceann poiblí faoi choinne obráide agus ansin iad a chartadh chun an ospidéil phríobháidigh arísi gcóir lae nó dhó. Gliceas athuair ach léiríonn seo laigí chóras an dá leibhéal go follasach.

Mar scéal beag le fíbín bhlianta an rachmais a léiriú atá seo thíos. San ionad Timpistí agus Éigeandála bíonn cuirtíní mar theorainn idir na leapacha, le tamall de bhlianta anuas athraíodh iad seo ó chuirtíní cadáis go cuirtíní páipéir, cinn a caitheadh amach in áit a ghlanadh. Anois, áfach, táthar tar éis filleadh ar ghlanadh na gcuirtíní cadáis. Ar an drochuair is deacair mórán dul chun cinn a dhéanamh ar an gcaoi seo toisc go ndearann na comhlachtaí leighis uirlisí agus earraí d’úsáid aon-uaire amháin.

an rialtas le ciorruithe níos déine a chur i bhfeidhm gan mhoill, ach leigheasfadh ceangal beag amháin cúrsaí go pointe; dualgas a bheith ar dhochtúirí fanacht ar feadh bliana nó dhó tar éis dóibh cáiliú. Ní fheadar áfach an bhfuil an toil ann.

Pé scéal é, má bhí go dona, beidh go holc.

Scaití = uaireanta

Ciorrú= ‘gearradh siar’

 

Eoghan Ó Murchadha

Discus Care Made Easy