BB
Paula Ní Chathmhaoil, Cathaoirleach UCD Young Fine Gael.
AA
Eoghan Ó Donnchú, Cathaoirleach Shinn Féin UCD

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Le holltoghán ag druidim, cuirtear Cathaoirleach Ógra Fhine Ghael (Paula Ní Chathmhaoil) agus Cathaoirleach Shinn Féin (Eoghan Ó Donnchú) faoi agallamh. Ord na n-ainmneacha, agus na bhfreagraí thíos, cóirithe de réir aibítre.

  1. Cad a mheall tú chun na polaitaíochta i dtosach?

Ní Chathmhaoil: Bhí suim agam inti nuair a bhí mé níos óige. Bhí mé i mo bhall den fhoireann díospóireachta i mo scoil agus bhain mé sult as cúrsaí reatha a phlé. Ansin, nuair a thosaigh mé i gCOBÁC, d’iarr duine éigin orm sa Freshers Tent a bheith páirteach in Ógra! Chuir an smaoineamh déistin orm! Buíochas le Dia, tháinig cathaoirleach YFG agus “Ná bac leo ach an bhfuil suim agat i bhFine Gael?” a dúirt sé liom!

Ó Donnchú: Bhí an tsuim agam i gconaí sa pholaitíocht agus i gcursaí reatha. Agus mé ag fás aníos bhíodh a lán plé ann faoi chúrsaí nuacht an lae. Thart ar sheacht mbliana ó shin chuir mé spéis i bpolaitaíocht na Meiriceá, ach go háirithe san Uachtarántacht agus an stair a bhain leis (faoi thionchar ‘The West Wing’). Thart ar an am sin bhí an cúlú eacnamaíochta ag titim amach in Éirinn. Chun iarracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar an ngéarchéim thosaigh mé ag léamh faoi eacnamaíocht, stair, agus polaitíocht na hÉireann. Mheall sé seo ar fad mé chun na polaitíochta agus spreagann sé mé fós.


  1. An gceapann tú go raibh rath ar an rialtas reatha? Cén fáth?

Ní Chathmhaoil: I mo thuairimse, bhí an rialtas an-rathúil. Bhí sainordú ag an rialtais ó na Éireannaigh tar éis praiseach Fhianna Fáil chun téarnamh geilleagrach a sheachadadh agus tá sé déanta acu. Tháinig an tír i bhfad le 5 bliana anuas i dtaca le comhionannas, fostaíocht agus an geilleagar.

Ó Donnchú: Is cinnte go bhfuil rudaí dearfacha curtha i gcríoch ag an rialtas, tá dul chun cinn eacnamaíochta déanta acu i gcomparáid le 2011. Tá borradh ag teacht ar chúrsaí fostaíochta ach é sin ráite, siad na daoine is leochailí, na daoine a fhulaing i rith an Tíogair Cheiltigh atá fós ag fulaingt agus níl aon fhianaise ann go n-athróidh sé seo sa todhchaí. Rinne siad jab réasúnta maith i gcomparáid leis an rialtas a d’imigh rompu, ach, bheadh sé maslach do na daoine atá imithe ar imirce, agus na daoine atá ag fulaingt, a rá go raibh rath ar an rialtas.


  1. Anuraidh bhí idirghníomhaíocht idir an aos óg agus an pholaitaíocht sa Reifreann Chomhionannas Pósta. Cén t-ábhar a théann i bhfeidhm ar mhic léinn ag dul i dtreo an olltoghcháin?

Ní Chathmhaoil: Ceapaim go bhfuil lóistín tábhachtach. Le rialacha níos déine ar mhorgáistí, tá níos mó daoine ag fáil lóistín ar cíos agus tá níos lú ag ceannach. Mar sin, táimid anois i gcás ina bhfuil mic léinn in iomaíocht le daoine a bhí ag ceannach tithe deich mbliana ó shin.

Ó Donnchú: Dár ndóigh gan an tacaíocht ón aos óg sa reifreann ní bheadh an toradh iontach sin bainte amach againn. Go pearsanta tá imní orm nach mbraitheann an t-aos óg gur bealach éifeachtach í an pholaitíocht chun fadhbanna ina saolta a athrú. Braithim gur iad na rudaí is tabhachtaí i saol daoine óga ná costais oideachais, costais maireachtála, postanna fiúntacha do scileanna éagsúla, agus cursaí tithíochta agus cíosa. Tá imní ar dhaoine óga faoin éadóchas agus éiginnteacht ina maireann a muintir agus a bpobal go ginearálta. Tá dearcadh níos liobrálaí de dhíth orainn sa tír seo.


  1. Cén fáth gur cheart vóta a chaitheamh ar son do pháirtí?

Ní Chathmhaoil: Tá sé an-simplí – Cobhsaíocht eacnamaíoch. Chruthaigh Fine Gael go bhfuil siad in ann an geilleagar a bainistiú , gur páirtí ionraic iad agus gur foireann comh-aireachta iad. Mura bhféidir an geilleagar a bhainistiú i gceart, ní féidir tabhairt faoi aon bheartais eile i gceart. Níl ceannairí láidre iolracha iad na húrlabhraí rannóg ag aon cheann de na páirtithe eile. Ní mór dúinn na ceannairí láidre a choimeád – Leo i sláinte, Frances i gceartas agus Simon sa talmhaíocht mar shampla.

Ó Donnchú: Ní chuirim brú ar aon duine vótáil bealach ar leith. An fáth go mbeidh mise ag vótáil do Shinn Féin ná go gcreidim ina mór-fheidhmeanna: Éire a ath-aontú, poblacht uile Éireann a bhunú, saoirse shibhialta agus saoirse creidimh a threisiú, agus comhchearta agus comhdheiseanna a thabhairt chun chríche do gach éinne, mar a deir sé i bhForógra 1916. Tá géarghá leis an gcóras polaitíocht a athstructúrú agus tá sé thar am don chóras breith suas air. Is é lá vótála an t-aon lá go mbíonn gach éinne ar chomhchéim, molaim do gach éinne an deis a thapú agus vóta a chaitheamh.


  1. An bhfuil sé ar intinn agat a bheith páirteach go gníomhach sa pholaitaíocht tar éis na hollcoile?

Ní Chathmhaoil: Cinnte. Tá an suim agam i bpolaitíocht idirnáisiúnta, go háirithe gnóthaí na hEorpa. Tá Fine Gael ina bhall den ghrúpa polaitiúil is mó i bParlaimint na hEorpa, Páirtí an Phobail Eorpaigh. Bheadh sé iontach a bheith ag obair leo ag am éigin.

Ó Donnchú: Ah yeah, amach anseo lá éigin. Is é an phríomhfheidhm atá agam faoi láthair ná céim a bhaint amach. Tá aislingí agam dhom féin agus do mo thír, ach mar a dhéarfadh Dumbledore, ‘Is miste duit gan a bheith gafa i mbringlóidí, ag déanamh dearmaid ar mhaireachtáil’ (It does not do to dwell on dreams and forget to live).


  • Gearóid Óg O Greacháin, Eagarthoir Gaeilge