Tá Aoibhinn Brentnall ina hOifigeach Gaeilge agus ina cónaí i dTeach na Gaeilge ar champas i mbliana. Tá sí sa cheathrú bliain agus ag déanamh staidéir ar Dhlí le Gaeilge. Labhair mé léi faoina tréimhse sa Teach agus mar Oifigeach go dtí seo. 

Tá tú i do chónaí i dTeach na Gaeilge. Cén saghas daoine a bhíonn ina gcónaí sa Teach? An mbíonn siad go léir ag déanamh staidéir ar an nGaeilge?

“Sea, tá mé i mo chónaí i dTeach na Gaeilge agus bhí mé i mo chónaí anseo fosta nuair a bhí mé sa chéad bhliain. Den chuid is mó ní bhíonn na daoine a chónaíonn sa Teach ag déanamh staidéir ar an Ghaeilic, díreach cúpla duine a bhíonn ag déanamh staidéir uirthi. Bíonn meascán maith sa teach. Ní hamháin go mbíonn cainteoirí dúchasacha nó daoine a bhfuil líofacht iontach acu sa teach, ach bíonn gach cineál saghas Gaeilic sa teach – daoine a d’fhoghlaim an Ghaeilic i scoil lán Béarla, Gaelscoil, sa Ghaeltacht, chomh maith le meascán de chanúintí difriúla.”

Bíonn sé deas sa bhealach sin go bhfuilimid uilig in ann Ghaeilic a labhairt le chéile ag foghlaim óna chéile.

Is scoláireacht é a bheith i do chónaí i dTeach na Gaeilge, cad a fhaigheann sibh leis an scoláireacht sin? An mbíonn oraibh an cíos iomlán a íoc don lóistín? 

“Bíonn orainn an cíos iomlán don lóistín a íoc agus ansin faigheann muid €1,500 in aghaidh na bliana, sin timpeall €180 gach mí, mar chuid den scoláireacht. Dar ndóigh tá muid buíoch as an airgead sin. Ach ar an taobh eile níl an méid airgid a fhaigheann scoláirí Theach na Gaeilge tar éis ardú ach tá ardú suntasach tar éis teacht ar an chíos agus ar an chostas maireachtála ó cuireadh tús leis an Teach beagnach 25 bliain ó shin agus ba dheas é dá dtiocfadh ardú ar an scoláireacht dá bharr chomh maith.”

Conas is féidir le duine chur isteach chun a bheith ina chónaí sa Teach? 

“Maidir le cur isteach ar an Teach, tagann an fhoirm iarratais amach chun cur isteach ar an Teach i mí Márta do na daoine atá sa bhliain dheireanach ar scoil, agus ansin tagann an fhoirm amach i mí Aibreáin do na daoine atá sa choláiste cheana féin. Agus bíonn na hagallaimh ar siúl thart ar mí na Bealtaine, sílim. Is foirm í ar SisWeb atá iontach éasca a líonadh ina ndéanann tú cur síos ar do thaithí ar an Ghaeilic.”

Bíonn oraibh imeachtaí a eagrú gach téarma chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus sibh i bhur gcónaí i dTnG. Cén imeachtaí a d’eagraigh tú go dtí seo?

“Mar gheall gur Oifigeach na Gaeilge mé d’eagraigh mise cúpla imeacht an téarma seo caite agus an téarma seo agus bhí siadsan uilig ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge s’againne.

An téarma seo, le linn Sheachtain na Gaeilge d’eagraigh mé Rith le Healthy UCD maidin Dé Luain. Rith muid thart ar champas agus ansin bhí maidin bhricfeasta againn. Oíche Dé Luain bhí Oíche Chultúrtha againn le ceol traidisiúnta, bia agus deochanna. Ar an Máirt bhí Tráth na gCeist againn. Bhí sin iontach deas agus bhí scaifte saghas mór againn agus bhí cúpla scoláire idirnáisiúnta ann ar fhoireann le daoine Éireannacha agus bhí siad ag obair le chéile agus ag foghlaim faoin chultúr Éireannach.

Ansin ar an Chéadaoin bhí imeacht againn le SU TCD agus bhí sé sin galánta mar gheall nach ndéanaimid imeachtaí leo de ghnáth, agus go pearsanta ceapaim gur trua é nach dtugaimid tacaíocht níos fearr dá chéile leis na hAontais. Agus mar gheall nach bhfuil muidne páirteach in USI déanann sé rudaí níos deacra fosta ná mar a bhíonn sé do na coláistí eile.

So bhí an t-imeacht le TCD iontach deas agus bhí scaifte ollmhór i gClub Chonradh na Gaeilge sa chathair. Grá don Ghaeilge an t-ainm a bhí ar an imeacht. Chuir muid frásaí Gaeilge bainteach leis an ghrá suas ar na ballaí agus bhí ceol traidisiúnta againn agus oíche cheiliúradh dheas a bhí ann. Ansin oíche Déardaoin, bhí Oíche na gCluichí againn ar champas.

I rith Sheachtain na Gaeilge sa téarma seo caite bhí Bingo Lócó againn ar Oíche Shamhna, Tráth na gCeist, Tae agus Plé, Céilí, Biongó Athchúrsála agus Seó Faisin agus níos mó.”

Cén rud is fearr leat faoina bheith i do chónaí i dTnG? 

“Sílim gurb é an rud is fearr faoi bheith i do chónaí i dTeach na Gaeilge ná an cairdeas. Mise go pearsanta, nuair a bhí mé sa chéad bhliain rinne mé cairde iontacha, agus tá siad go léir sáite i saol na Gaeilge. Faigheann tú do chairde is fearr sa Teach nó cinnte scaifte mór cairde a bhfuil an suim agus an paisean céanna acu don teanga mar atá agat féin. Is rud speisialta é sin. Nuair a thosaíonn daoine san ollscoil bíonn siad ag streachailt chun an cairdeas sin a fháil agus cuireann TnG slí iontach nádúrtha agus éasca ar fáil duit chun cairdeas a dhéanamh le daoine a bhfuil na suimeanna céanna acu mar atá agat.”

Is tusa Oifigeach Gaeilge Aontais na Mac Léinn. Cad a bhíonn i gceist leis an ról sin? 

“Maidir le mo ról mar Oifigeach Gaeilge an Aontais, níl oibleagáidí ort rudaí faoi leith a dhéanamh leis an fhirinne a rá. Caithfidh tú páirt a ghlacadh san Executive agus muna bhfuil tú ag déanamh do phost mar is ceart tuig leo tú a tháinseamh (impeach). Ach seachas na rudaí sin, ó thaobh na Gaeilge de níl oibleagáidí ort rudaí faoi leith a dhéanamh. 

Sílim gur rud pearsanta é, brú a chur ort féin chun rudaí a dhéanamh ar son na Gaeilge. Nuair a bhí mé ag iarraidh a bheith tofa mar Oifigeach Gaeilge chuir mé le chéile liosta de na spriocanna a bhí mé ag iarraidh a bhaint amach faoi dheireadh na bliana. Bhí cruinniú agam le Conradh na Gaeilge agus thug siadsan smaointe dom faoi conas an Ghaeilge a chur chun cinn. 

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh cabhrú leis na hollscoileanna uilig Oifigeach Gaeilge lánaimseartha a bheith acu. Dúirt mé leofa nár shíl mé go mbeimid in ann an sprioc sin a bhaint amach i mbliana. Ansin bhí muid ag labhairt faoi dhóigheanna eile chun sin a dhéanamh. Shocraigh muid ar choiste Gaeilge a thabhairt isteach, agus go mbeadh sé mar aidhm ag an choiste seo an Ghaeilic a chur chun cinn agus go n-oibreoimis go dtí pointe ag a bhfuilimid in ann Oifigeach Gaeilge lánaimseartha a bheith againn.

Mar a dúirt mé níl mórán oibleagáidí ar an Oifigeach, ach táim ag cur polasaí Gaeilge le chéile, agus seans go gcuirfidh sé sin oibleagáidí ar an Oifigeach Seachtain na Gaeilge a eagrú, a chinntiú go bhfuil an tAontas ag cur an Ghaeilic chun cinn, agus rudaí éagsúla mar sin. You get out of it, what you put into it, mar a deirtear. Agus nuair a ghlacann tú le post mar seo sílim go bhfuil tú paiseanta go leor chun do rogha rud maithe a dhéanamh ar son na Gaeilge.”

Orla Coffey – Eagarthóir Gaeilge