discount serif; font-size: small;”>Bhuaigh an mac léinn talmhaíochta Máirtín Ó Maoilchiaráin trí bhonn ag Craobhchomórtas Liathróid Láimhe an Domhain san Óstán Citywest an mhí seo caite. Shuigh Aodh Ó Canainn leis le déanaí agus pléigh siad an t-eispéireas sin, buy a chaidreamh leis an spórt, agus a bhfuil i ndán do Mháirtín amach anseo.

Fear umhal is ea é Máirtín, ach is léir ó bheith ag caint leis go bhfuil sé an-dírithe go deo ar a cheird, is go bhfuil an-dúil aige inti. “Thosaigh mé ag imirt nuair a bhí mé aon bhliain déag d’aois, nuair a osclaíodh cuairt nua i mo cheantar dúchais, i Maigh Cuilinn. Níor imir mé ach iománaíocht agus peil Ghaelach roimhe sin ach nuair a bhain mé trial as an liathróid láimhe, thit mé i ngrá léi. Is cluiche iontach í don chomhordú lámh is súl, mar caithfidh imreoirí a bheith chomh maith céanna ar an gciotóg agus ar an deasóg. Mar sin bhí an suim agam ann, bhí sé an-dúshlánach. Chomh maith leis sin tá taobh iontach sóisialta ag baint le liathróid láimhe. Tá cairdeas déanta agam le go leor imreoirí éagsúla ó cheann ceann na tíre.”

Is iomaí gradam atá bainte amach ag an imreoir cumasach seo chomh maith. Luann sé comórtas i Meiriceá mar bhuaicphointe amháin; “Is dócha nuair a bhuaigh mé Craobhacha Singil agus Dúbailte an Domhain faoi 17 thall i bPortland Oregan sa bhliain 2009, agus an Craobh Domhanda (Dúbailte) faoi 19 ansin coicís ó shin, is dócha gurb iad mo bhuaicphointí idirnáisiúnta. Anseo sa bhaile in Éirinn an buaicphointe ná nuair a bhuaigh mé Craobh Idirmheánach na hÉireann i mbliana, ciallaíonn sé sin gur imreoir sinsir mé anois.”

Ní fear mór ceiliúrtha é Máirtín ach an oiread. Tá a aghaidh dírithe aige ar an gcéad chomórtas eile cheana féin, agus tá dian-traenáil i ndán dó; “Ag deireadh Mhí na Samhna beidh mé ag imirt le foireann COBÁC thíos i Loch Garman i gCraobh na hÉireann. Bhuaigh muid anuraidh é den chéad uair ó 1993. I ndiaidh sin tógfaidh mé sos don Nollaig, agus ansin tosóidh mé ag traenáil do Chraobh Sinsir na hÉireann ag tús Mhí Eanáir. Bím ag traenáil faoi dhó gach lá; déanaim go leor rudaí difriúla. Caithim go leor ama sa chúirt liathróid láimhe ag cleachtadh ‘shots’ liom féin. Téim chuig an ‘gym,’ an linn snámha, agus déanaim go leor reatha freisin. Tá sé tábhachtach a bheith aclaí, mar d’fhéadadh cluiche a bheith uair a chloig nó fiú dhá uair a chloig ar fhad. Tugaim aire dom féin, déanaim cinnte go bhfuil mé ag ithe bia atá sláintiúil agus a leithéid.”

Cé gur fear umhal é Máirtín, is fear uaillmhianach é chomh maith. Tá fís aige; “Beidh sé thar a bheith deacair ach ba mhaith liom Craobh Sinsir na hÉireann a bhaint amach sna blianta amach romhainn. Chomh maith, más féidir liom, bheadh sé iontach imirt go gairmiúil i Meiriceá ar feadh tamaillín; agus tá caint faoi láthair go mbeidh liathróid láimhe i Rio de Janeiro 2016 nó i 2020 do na Cluichí Oilimpeacha. Gan amhras ba bhreá liom a bheith ag imirt ar son na hÉireann sna cluichí sin.”

Tá Máirtín tar éis imeacht ó neart go neart le déanaí sa domhain liathróid láimhe. Leoga, tá an liathróid láimhe féin ag fás is ag forbairt leis. Is cinnte go bhfuil rudaí móra i dán do Mháirtín amach anseo, agus leis na cainteanna faoin liathróid láimhe sna Cluichí Oilimpeacha is cosúil go bhfuil rudaí móra i ndán don spórt féin! Nárbh iontach fear COBÁC a fheiceáil ag imirt ar son na hÉireann i Rio de Janeiro. Bímis ag faire amach dó!

Prófíl:

Ainm: Máirtín Ó Maoilchiaráin

Aois: 19

Airde: 6’

Cumann: Maigh Cuilinn Gaillimh agus UCD

Onóracha: 11 Craobh na hÉireann; 2 bhonn óir sna Cluichí Domhanda 2009; Bonn óir agus dhá bonn airgid sna Cluichí Domhanda 2012; Craobhchomórtas na gColáistí, Meiriceá 2012.

 

-Aodh Ó Canainn