Is seanscéal é anois do chách go mbímid ag breathnú trínár bhfotha nuachta ar Instagram nó Facebook agus go tobann tagann fógra suas don rud díreach a bhí á phlé agat le do chairde ag brúinse an mhaidin sin. Tarlaíonn sé cúpla uair agus glacann tú leis mar chomhtharlú. Ní bhíonn tú róbhuartha mar bíonn siad úsáideach agus mar chabhair duit fiú.

Áfach, i mo thuairim bíonn sé róchruinn agus rómhinic le bheith mar sheans agus creidim go bhfuil ár ngutháin ag éisteacht linn.

Tá a fhios againn go nglacann teicneolaíocht páirt an-mhór inár saolta go laethúil ónár ngutháin chliste go dtí uaireadóirí Apple agus Fitbits. Le cúpla bliain anuas, tá scannail tar éis teacht amach maidir leis an rialtas agus comhlachtaí príobhaideacha ag baint mí-úsáid as ár n-eolas. Cé go bhfuil reachtaíocht agus rialacha nua tagtha isteach maidir lenár sonraí, le hearraí nua ar nós Alexa a bhíonn mar mícreafón sa teacht, ag éisteacht leat i gcónaí, an cuma linn má bhíonn teicneolaíocht ag éisteacht linn?  

Sa bhliain 2013, chuir an sceithire Meiriceánach Edward Snowden pobal an domhain ar an eolas go mbíonn fáil ag rialtais an domhain ar d’eolas príobháideach, go háirithe eolas ó do mheáin shóisialta agus ó do ríomhphoist. B’oibrí de chuid an CIA é a nochtaigh cláracha farachais timpeall an domhain. Nochtaigh sé go raibh spiadóireacht ar siúl ar cheannairí domhanda chomh maith leis an ngnáthphobal. Ba mhór an nochtadh é, ina measc faoin gclár faireachais ‘PRISM’ a bhailíonn eolas i ngan fhios don dhuine ó chomhlachtaí ar nós Facebook, Google, Apple agus níos mó. Níos measa fós, cuireadh muid ar an eolas faoin gclár ‘Xkeyscore’,clár cumhachtach scanrúil a bhailíonn eolas faoi beagnach gach uile rud a dhéanann duine aonair ar an idirlíon. Cuireadh an t-eolas i gcló sna nuachtáin ‘The Guardian’, ‘Le Monde’ ‘The Washington Post’ agus níos mó agus ba sna nuachtáin sin a chonaic an pobal an scéal agus an scannal den chéad uair.  

Bhí rialtas Mheiriceá corraithe nuair a thuigeadar go raibh a gcáipéisí rúnda i mbéal an phobail agus chuir siad pas Snowden ar ceal.

Ghlac Snowden le riosca mór, bhí sé éiginnte go hiomlán cad a bhí i ndan dó ach cinnte dearfach gurb é an rud ceart le déanamh ná pobal an domhain a chur ar an eolas faoin sarú príobháideachais seo. Bhí air teitheadh ó na Stáit Aontaithe agus fuair sé tearmann ón Rúis. An argóint a bhíonn ann agus an leithscéal a thug an tUachtarán ag an am, Barack Obama,cé go ndearna sé go leor rudaí a shéanadh ná go bhfuil an rialtas ag iarraidh muid a chosaint agus ar ár son.Luaitear an baol d’ionsú sceimhlitheoireachta go mion minic ach creidim go bhfuil an líne trasnaithe idir slandáil náisiúnta agus an cheart d’eolas príobháideach a bheith agat.

Is fealltóir é dar le rialtas Mheiriceá ach ní féidir a sheanadh go raibh rudaí rúnda mímhórálta ar bun acu gur theastaigh uathu a chóiméad uainn.

Is cúis imní é an easpa priobháideachais a bhíonn ar siúl gan chead agus i ngan fhios don ghnáthduine agus is míchompórdach an smaoineamh é go mbíonn an rialtas nó comhlachtaí ag faire ort. Creidim go bhfuil an scéal níos dáiríre ná sin mar is ionann spiadóireacht agus smacht agus is nóisin scanrúil é nach bhfuil mórán cumhachta againn air. Admhaíonn Snowden seo agus deir sé go bhfuil daoine gan cumhacht ach eolach anois agus tá sé gan áifeála ar bith.

Cúig bliana níos déanaí, ceistím mé féin – an bhfuil aon rud athraithe? Ar ghlacamar lena rabhadh agus a fhianaise?

Is fíor go bhfuil  reachtaíocht nua ag an Aontas Eorpach ar son cosanta sonraí agus príobhaideachas ar líne. Chomh maith leis sin bíonn criptiúchan i bhfeidhm anois ar Whatsapp ach is aisteach an rud é nach raibh sé ann ón tús. Is é seo ceann de na torthaí is feiceálaí don ghnáthdhuine d’obair Snowden.

Baineann na fograí cruinne ar na meáin shóisalta le cuacha a bhailíonn eolas faoinár mbrabhsáil agus tá seo dleathúil mar tugtar rogha dúinn glacadh leo nó diúltiú leo.

Fós féin, má iarrann tú ar Tinder mar shampla, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise don eolas ar fad atá acu fút, bheadh ionadh ort faoin méid atá acu. D’iarr an t-iriseoir Judith Duportail ar Tinder don eolas seo agus tugadh 800 leathanach di faoina cairde ar Facebook, gach uile comhrá a bhí aici ar Tinder, faoina hoideachas, gach pictiúir a d’úsáid sí, na háiteanna a bhí sí agus í ag úsáid an aip agus níos mó. Is mór an méid sonraí é sin agus níl ann ach aip amháin, shamhlaím go bhféadfadh na mílte leathanach a bheith ag Facebook faoi ghnáthdhuine.

Bhí scéal níos dáirire ann leis an scannal príobhadachais ag Facebook a roinn eolas príobhaideach le comhlacht tríú páirtí ‘Cambridge Analytica’ faoi 87 milliún duine.

Deirtear go raibh éifeacht acu ar bhreatimeacht agus an toghchán don Uachtarán Mheiriceánach le tionchar ar an toradh.

Ghabh Mark Zuckerberg, bunaitheoir Facebook leithscéal lag agus d’adhmaigh sé gur botún a bhí ann ach d’fhág sé ansin é gan aon réiteach nó gan athrú suntasach a offráil.  

Mar chomhthéacsú an í sin an fhírinne iomlán? Ní chreidim é. Tá baol ann munar roinn Snowden a eolas, nach mbeadh a fhios againn faoi fiú inniu. Creidim go bhfuil rudaí rúnda agus scannalach fós ar siúl ar nós le Facebook agus Cambridge Analytica agus níos mó le teacht amach faoi spiadóireacht rialtais agus mí-úsáid sonraí.

Fiú má cheadaímid d’aip nó suíomh greasáin ár n-eolas a bhailiú go dlíthúil, d’fhéadfadh go bhfuil an iomarca á mbailiú acu, nó níos mó ná a cheapfá.

Smaoiním freisin ar ‘Amazon Alexa’ a éisteann leat agus a déanann an rud atá uait, ar nós amhrán faoi leith a chur ar siúl. Dar liomsa, is ag ligint micreafón inár dtithe atáimid agus is  forbairt aisteach scanrúil é i gcúrsaí teicneolaíochta leis an bpoitéinsiúil do mhí-úsáid eolais.

Go praicticiúil cad gur féidir linn a dhéanamh le muid féin a chosaint? Bheadh sé mí-phraicticiúil deireadh a chur le húsáid teicneolaíochta ach is féidir linn ár gcuid slándála a láidriú ar bhealaí simplí. Molann Snowden dúinn pasfhocail iontach láidir a úsáid agus cinn éagsúla do chuntais éagsúla más féidir. Is smaoineamh maith é an ceamara ar do ríomhaire a chlúdach le greamán agus bíonn an cleachtas seo ar siúl ag Mark Zuckerberg é féin !

Mar fhocal scoir, molaim go láidir an clár fáisnéise ‘Citizenfour’, chomh maith leis an scannán ‘Snowden’.

 

By Cecily Nic Cionnaith – Eagarthóir Gaeilge