Tá feachtas faoi bhealach chun lárionad nó cultúrlann Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath. Cé go bhfuil níos mó Gaeil san ardchathair ná in aon áit eile sa tír, níl aon ionad poiblí dírithe ar a gcuid riachtanais. Níl cosúlacht ar bith leis an scéal i mBeal Feirste nó i nDoire.

I mBéal Feirste cuireann an Cultúrlann Mc Adam Ó Fiach fáilte roimh 80,000 cuairteoirí go mbliantúil. Bíonn áiseanna (caifé/bialann, siopa leabhair, dánlann, seomraí cruinnithe ) an ionaid seo oscailte do’n phobal seacht lá faoi seacht (agus sa tráthnóna). Bíonn imeachtaí eagsulá ar siúl gach lá (ceol traidisiúnta, filíocht, damhsa, ceardlanna ealaín, ranganna, srl).  Bíonn na himeachtaí seo oiriúnach do’n gnáthduine, mar shampla, an deireadh seachtaine seo beidh Daidí na Nollag ag teacht go dtí an cultúrlann, beidh Oíche An tAthair Ted, agus siúlóid sléibhe éagraithe le snag ceol agus cupán tae ina dhiaidh.

I nDoire, cuireann Cultúrlann Uí Chanáin (os cionn) réimse de na seirbhisí agus áiseanna céanna ar fáil do lucht na Gaeilge.  Bunaíodh i 1984 í, agus reachtáil sí Fleadh Cheoil na hÉireann i 2013 agus an Fhéile Pan Celtic i 2015. Is léir go bhfuil ag éirí léi, toisc go dtagann 120,000 cuairteoir gach bhliain.

Student_Hub_signup_Leader

Níl a leithéid ar fáil i mBaile Átha Cliath, áfach. Cinnte, tá réimse maith imeacht ag dul ar aghaidh (ranganna agus ciorcail comhrá ach go háirithe), agus grúpaí ilchineálacha á n-eagrú (An Cumann Gaelach Coláiste na hOllscoile ina measc). Tá na himeachtaí seo scaipthe ar fud na cathrach, áfach. Tá ceacht le foghlaim ó’n rath mór ar an Pop –Up Gaeltacht sa chathair. Bailíonn Gaeil ina sluaite (de gnáth níos mó ná 300) go míosúil i dtithe tábhairne éagsúla. Taispeánann seo an t-éileamh agus an gá atá ann le hionad  ceart a bhunú, agus freastal ceart a dhéanamh ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath. Sa daoináireamh is déanaí, thug 27% de dhaonra na cathrach le fios go raibh Gaeilge acu.

Ar na mallaibh thug Liam Ó Cuinneagáin (iarchathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta agus Stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille) tacaíocht suntasach do’n fheachtas. Ag labhairt dó ar an gclár ‘7 Lá’, dúirt sé go raibh an deis ann ionad ceart lárnach Gaeilge a bhunú ní amháin do chainteoirí Gaeilge, ach do na mílte cuairteoirí a thagann ó thiortha eile agus a léiríonn suim sa chultúr agus teanga.  ‘Nuair a shiúlann tú síos ó Choláiste na Tríonóide, tá Alliance Française ann, timpeall an choirnéil tá Instituto Cervantes agus ar Chearnóg Mhuirfean tá an Goethe –Institut, ach tá an Ghaelige in áit na leathphingine’, deir sé.


Columba Larkin –  Scríbhneoir Gaeilge