An Cumann Gaelach UCD ag súil le gradam a bhaint amach ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Idir 23-25 Feabhra, beidh ceann de na féilte is mó i bhféilire na nGaeilgeoirí ag tarlú i dTrá Lí, Co. Chiarraí: Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2018. Sa bhliain 1893 i mBaile Átha Cliath, bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus mar sin is é an téama atá ann ná “125 Bliain Ar Aghaidh: Fís, Forbairt & Fás”.

Tá breis is 200 craobh agus na mílte ball aonair ag Conradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann, agus is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é a spreagann ár dteanga náisiúnta mar gnáth-theanga labhartha na tíre. Tá an mórchuid de na cumainn gaelacha mar chraobhacha oifigiúla de Chonradh na Gaeilge, ina measc siúd An Cumann Gaelach UCD.

Beidh idir cruinnithe agus ceardlainne ar siúl do bhaill Craobhacha Conradh na Gaeilge, bunaithe ar ábhair ar nós na meáin shóisialta, ‘photoshop’, Seachtain na Gaeilge agus timireacht sa 21ú Aois. Seolfar Seachtain na Gaeilge 2018, agus toghfar Uachtarán nua agus Coiste Gnó nua don eagraíocht.

Beidh seiminéar ag díriú ar tiomantas na rialtas in Éirinn don Ghaeilge agus do na Gaeltachtaí, agus i measc na cainteoirí atá le bheith ag diospóireacht ann tá ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, an tAire Stáit Seán Kyne, an Teachta Dála Bríd Smith (Pobal Roimh Bhrabús), agus  an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire, (Sinn Féin). Na hábhair eile a bheidh á phlé ná oideachas trí Ghaeilge ag gach leibhéal do gach atá á lorg, agus oifigí Gaeilge sna húdaráis áitiúla ar fud na tíre.

Tugann an Ard-Fheis deis do bhaill an Chonartha teacht le chéile, smaointe a roinnt agus pleanáil a dhéanamh don todhchaí. Freisin, is cúis é an Ghaeilge a chéiliúradh – beidh siamsaíocht ann, chomh maith le Dinnéar na hArd-Fheise. Beidh ionadaithe ann ón gCumann Gaelach UCD agus beidh siad ag súil le gradam a bhuachan mar aitheantas don dul chun cinn atá déanta acu i rith na bliana. Dár ndóigh, bíonn iomaíocht ghéar ann ó na coláistí eile, Coláiste na Trionóide ach go háirithe. Pé scéal é, tá sceitimíní ar na cumainn ar fad bualadh le chéile arís agus ceisteanna thábhachtacha na Gaeilge a phlé.


Erin Nic An Bhaird – Eagarthóir Gaeilge

Be first to comment