Do a lán daoine, nuair a smaoinítear ar an drama “An Triail”, smaoinítear ar an Ard Teastas. B’fhéidir go raibh sé an píosa den scrúdú ab fhearr leat, agus b’fhéidir go raibh suim agat agus tú ag scríobh faoi na carachtair agus scéal Máire Ní Chathasaigh agus a grá gheal, Pádraig Mac Carthaigh. B’fhéidir go smaoiníonn tú ar an strus a bhain leis agus na deacrachtaí a bhí agat ag tuiscint caidé a bhí ag dul ar aghaidh agus caidé a bhí Mairéad Ní Ghráda ag smaoineamh nuair a scríobh sí an drama conspóideach seo.

Maireann an ealaín taobh amuigh den mheán scoil, áfach! Tabharfaidh léiriú UCD de “An Triail” seans duit tuiscint nua a fháil ar an dráma seo. Mar an stiúrthoir, béidh mé ag déanamh an leagan is intuisceanaí agus is saoithiúla agus is féidir liom a dhéanamh do dhaltaí scoile agus mic léinn na coláiste. Ní féidir liom seo a dheanamh gan bhur gcuidiú, afách.

An mothaíonn tú mar an Máire Ní Chathasaigh i do grúpa cairde? An ndeireann do chuid cairde go bhfuil tú mar slimeadóir slim sleamhain, cosúil le Pádraig? Nó b’fhéidir go bhfuil carr agat agus glaíonn do cairde “Seanín an Mhotaer” ort? Tá trialacha “An Triail” ar siúl ón 25-27 Meán Fómhair. Béidh siad ar siúl ó 2-6 ar an Luain agus 3-6 ar an Máirt i Seomraí 5,6,7; agus ó 3-6 ar an gCéadaoin sa Seomra Dearg. Beidh mé féin, an leas stiurthóir, Donagh Ó Ruadháin, agus an léiritheoir, Cuán De Barra, ansin agus réidh le feiceáil an tallann mhillteanach mhaith atá ag UCD. Beidh píosaí trialacha ar fáil ag an seastan in Ionad na Mac Léinn, agus cuirfidh muid ceist ort sliocht beag a dhéanamh ó amhrán ar bith, Gaeilge nó Béarla. Beidh “An Triail” ar stáitse ón 20-24 Samhain ag a 1 a chlog. Bígí linn!


Hugh Mac Giolla Chearra, Oifigeach Dramaíochta an Cumann Gaelach