Tá stádas oifigiúil ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus is í céad teanga oifigiúil na hÉireann. Tá sé riachtanach ó thaobh an dlí de go mbíonn comharthaí as Gaeilge nó dátheangach (le Gaeilge agus Béarla) ann ar bhóithre na hÉireann agus leagadh amach na riachtanais maidir leis an nGaeilge a bheith feiceálach sa tsochaí ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Baineann an tAcht le comhlachtaí poiblí agus toisc gur comhlacht leathstáit é UCD a fhaigheann maoiniú ón rialtas ach freisin ó dhaoine agus eagraíochtaí príobháideacha, ní bhaineann riachtanais na hAchta leis. Mar sin, tá mé chun iarrachtaí UCD an Ghaeilge a bheith feiceálach ar champas, ar líne agus trí chomhfhreagras a iniúchadh. 

Tá iarracht láidir agus iarracht d’aon ghnó le feiceáil leis an nGaeilge a chur leis an mBéarla go soiléir i UCD. Thar an scríbhneoireacht a deir ‘University College Dublin’ ag an bpríomhgheata ón N11, tá ‘Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath’ ann chomh maith agus is é seo ceann de na céad rudaí a d’fheicfeadh duine ag teacht go UCD. Feictear ainmneacha na bhfoirgneamh as Gaeilge agus Béarla timpeall an champais ar nós Áras Newman nó Halla Uí Raghallaigh agus tá gach foirgneamh san áireamh. Tá ainmneacha na scoileanna go dátheangach timpeall UCD agus ar líne cosúil le Scoil an Dlí agus Scoil an Cheoil. 

ucd entrance

Bíonn fógraí eile a thugann níos mó eolais faoin leabharlann mar shampla nó faoin gcampas as Béarla amháin ach is suntasach fós go bhfuil rudaí atá níos buaine ar nós ainmneacha na bhfoirgneamh agus na scoileanna as Gaeilge agus Béarla. Tá sé fíorthábhachtach go mbíonn teanga le feiceáil, go háirithe mionteanga le go mairfeadh sé. Tugann sé áit agus dlisteanach don teanga sa tsochaí. Baineann sé le daoine a bhfuil Gaeilge acu mar feiceann siad a dteanga féin ach freisin is siombail láidir é do dhaoine le beagán Gaeilge nó beagán eolais ar an nGaeilge go léirítear meas ar an nGaeilge agus gur roghnaíodh í a léiriú d’aon ghnó.

Má bhí aon chréatúir bocht riamh ag críochnú aiste go déanach sa leabharlann nó ag staidéar go dian go dúnadh na leabharlainne i UCD, is cinnte gur chuala sibh an fógra brónach os ard ‘The library is now closing, please leave the building as the doors will be closing in 15 minutes.’ Tríocha soicind níos déanaí, cloistear an rud céanna ach as Gaeilge ‘Tá an leabharlann ag dúnadh anois, fág an foirgneamh le do thoil mar go ndúnfar na doirse i gceann cúig nóiméad déag. Is mionrud é an fógra seo ach tugann sé suntas don teanga agus léiríonn sé arís, cosúil leis na comharthaí dátheangacha go bhfuil áit ag an nGaeilge i UCD agus meas uirthi.Tá a fhios agam go raibh an obair seo curtha i gcrích ag Bord na Gaeilge a bhí ann ag an am agus Gaeltacht UCD atá orthu anois agus tá sé le moladh go mór. 

Ba chóir UCD a aithint as áit lárnach a thabhairt don Ghaeilge agus is cinnte go bhfuil sí feicthe againn ar fad san ollscoil. É sin ráite, tá dhá rud le cáineadh agam. An chéad rud ná go bhfuair mic léinn nua ag teacht chun na hollscoile litir fháilte ón gcláraitheoir gan Ghaeilge ar bith. An teideal a bhí air na ‘Congratulations and Welcome to UCD’. Cheapfá gur rud beag é seo ach fuair go leor daoine an litir seo agus é mar an chéad chomhfhreagras ó UCD do go leor daoine. Chuirfeadh rud beag simplí ar nós ‘Fáilte go UCD/ Welcome to UCD’ go mór leis an litir chun a léiriú go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach in UCD.  An dara rud ná nach bhfuil gach rud in aon chor aistrithe go Gaeilge ar shuíomh UCD agus má bhrúitear ar an gcnaipe ‘Gaeilge’, ní thagann an chuid is mó den eolas in airde. D’fhéadfaí feabhas a chur leis sin go héasca agus ba chóir sin a dhéanamh go háirithe toisc go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil suíomh na hollscoile dátheangach, ach ní go dtí go lorgaítear é as Gaeilge go dtuigtear nach bhfuil sé ann i ndáiríre. 

Cuireann Scoil na Gaeilge,Teach na Gaeilge, An Cumann Gaelach agus Gaeltacht UCD an Ghaeilge chun cinn ar champas gan amhras ach is maith an rud é go bhfuil UCD é féin sásta an Ghaeilge a léiriú. Níl dualgas orthu dé réir an dlí chun an Ghaeilge a léiriú mar sin ba chinneadh coinsiasach é agus is dea-rud é seo don teanga. Níl stádas na Gaeilge in UCD foirfe agus d’fhéadfadh níos mó rudaí a bheith ar fáil go dátheangach ach tá na hiarrachtaí le moladh agus is cinnte go bhfuil an Ghaeilge feicthe againn ar fad ar champas.

 

Cecily Nic Cionnaith – Gaeilge Editor