Tá ceart ag duine tithíocht shlán,ar phraghas réasúnta do chaighdeán maith a bheith acu, rud nach bhfuil fíor in Éirinn faoi láthair agus tá práinn ag baint le hathruithe chun feabhais. 

Tá scéalta an uafáis cloiste againn ar fad, faoi líon na ndaoine gan dídeán, faoi mhic léinn nach féidir leo lóistín do chaighdeán ar bith a fháil gan an t-uafás airgid a íoc agus clainne óga nach mbíonn an dara suí sa bhuaile acu ach teach nó arasán a thógáil ar cíos ar feadh na mblianta.

Is cinnte mar sin go ndíríonn na meáin ar scála na géarchéime ach ba mhaith liom súil a chaitheamh ar na réitigh. Is rud nadúrtha é géarchéim thithíochta ach ní gnách dóibh maireachtáil chomh fada seo, gan feabhas suantasach le feiceáil. 

Pléifidh mé na réitigh a mholaim, a thagraíonn do bhunphrionsabal na heacnamaíochta,soláthar agus éileamh agus tagróidh mé do thíortha eile nach mbíonn géarchéimeanna tithíochta chomh fada seo acu. 

I dtús báire, ó thaobh an tsoláthair de, tá gá le tithíocht phoiblí ar scála mór. Faoi láthair, is ionann tithíocht phoiblí agus 10% de thithíocht na hÉireann. Is coincheap é tithíocht phoiblí seo nach bhfuil againn in Éirinn go fíorleathan agus ní hé an chéad smaoineamh a bhíonn ag daoine mar réiteach ar an ngéarchéim.  É sin ráite, moltar go mbeadh timpeall 30% de thithíocht tíre mar thithíocht phoiblí agus feictear an 30% seo i dtíortha ar nós an Ostair agus an tSualainn. Cabhraíonn sé go mór leo bac a chur le géarchéim thithíochta agus ní mhaireann easpa tithíochta an fad céanna le hÉirinn. Caithfimid iarracht a dhéanamh a sampla a leanúint. 

Ciallaíonn ár nganntanas de thithíocht phoiblí brú sa bhreis ar thithíocht phríobháideach a chúisíonn costas ard ar thithíocht in Éirinn, go háirithe sna cathracha. Cén mhaitheas a bheadh le tithíocht phoiblí sa bhreis?

Bheadh tithíocht ar fáil do dhaoine agus clainne ar ioncam íseal, ag streachailt le bochtanas nó gan dideán nach bhfuil an cheart do thithíocht acu faoi láthair. Chuirfeadh seo mór le hionchuimsiú sóisialta ar an iomlán agus is dea-éifeacht é seo atá níos mó na díreach go bhfuil níos mó tithíochta ar fáil.

Tá n t-airgead ag an rialtas cheana fein ó ‘rainy day fund’ do 500 mhilliún agus muna ndéantar laghduithe cánach, beidh breis is billiún euro 

Níl an dara rogha ann ach níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtithíocht phoiblí mar muna ndéantar, ní thiocfaidh feabhas suntasach ar an ngéarchéim.

Chomh maith leis sin, tá 185,000 tithe folamha sa tír mar sin is gá iad a athchóiriú agus ba chóir go mbeadh seo mar thosaíocht ag na húdaráis aitiúla chun an soláthar a mhéadú. Tá sé róshimplí a rá nach bhfuil go leor tithe ann ach is cinnte nach bhfuil go leor tithe ar phraghas réasúnta do chaighdean maith ann.

Ó thaobh an éilimh de, is gá an t-éileamh a aistriú ó Bhaile Átha Cliath go háiteanna eile sa tír.

Tá gá le hinfreastruchtúr a fhorbairt sa tir ar fad ar nós traenacha, bóithre agus iompar poiblí ionas go mbeidh ceantair mhealltacha ann lasmuigh de chathracha. Caithfear iad a phleanáil agus a thógáil i gceart le seirbhisí cearta ann. Ba chóir go mbeadh traenacha ag freastail ar gach contae agus córas maith busanna agus iompar sna cathracha lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ar nós Gaillimh,Corcaigh, Luimneach agus Port Láirge ach go háirithe. Ghlacfadh sé am agus airgead cinnte, ach ní féidir é a chur siar de shíor.

Meallfadh infreastrúchtúr ceart gnónna nua freisin agus is cóir deontais agus scéimeanna a bhunú chun cabhrú leo.

Laghdódh seo an brú ar chathracha na tire agus bheadh fonn ar dhaoine cónaí sna háiteanna a bhfuil tithe folamha anois agus áiteanna le spás.  

Ní mór go fadtéarmach, forbairt lasmuigh de Bhaile Átha Cliath leis na ranna rialtais a dhílarnu agus oideachas triú leibheal a chur chun cinn lasmuigh den ardchathair mar. Faoi lathair ta leath d’ollscoileanna na tire i mBAC agus tá bearna ollmhór ann go háirithe san iarthuaisceart d’Ollscoil agus cuireann é seo leis an mbrú i mBaile Átha Cliath.

Tá foirgnimh nios airde riachtanach i mBaile Atha Cliath ach go háirithe agus ní mór don rialtas an srianadh ar airde a mhéadú chun an brú millteannach ar Bhaile Átha Cliath a laghdú.  Is gá an cead pleanála a athrú chun é seo a bheith ceadaithe, cosúil le cathracha eile an domhain. 

Go achomair, is gá an soláthar tithíochta a mhéadú le hinfheistiú i dtithíocht phoiblí agus athchóiriú ar thithe folamha. 

Ó thaobh an éilimh, is gá brú na gcathracha a laghdú agus ceantair eile a fhorbairt le hinfreastruchtúir, seirbhísí agus postanna. 

Le pleanáil cheart is féidir an ghéarchéim a réiteach, agus sochaí níos coithroime a bheith againn in Éirinn.

 

Cecily Nic Cionnaith – Gaeilge Editor