Irish - An Rothaíocht ar son na Córa PicCuireann Donncha Ó Murchú rath ‘Tour de Wexford’ in iúl

Bhí beocht san aer, agus ceobhrán ag luí go trom ar champus UCD. Bhailigh na sluaite, geansaithe uaine na bliana 2015 ar a ndroim acu, iad bríomhar, sceitimíneach, suan na maidine curtha díobh acu agus iad réidh don aistear a bhí os a gcomhair. Bhí an t-aer i mo thimpeall ag crith leis an mbriosc-chaint, agus rothair úrnua ag glioscarnach le mo thaobh. Meascán iontach carachtar a bhí i láthair, iad siúd a bhí réidh le tabhairt faoi Alpe d’Huez an Tour de Wexford agus iad siúd a raibh solas an lae ag teastáil uathu siúd agus ón rothar acu ba léir! Ach iad ar fad anseo ar son na cúise céanna. I ndiaidh don bhfear é féin, an t-Athair Peter McVerry, cúpla focal inspioráideach a thabhairt, thugamar aghaidh ar an mbóthar le chéile, mar a bheadh fáinleoga ag bogadh chun siúil, gleo na gcoscán agus na ngiaranna dár dtimpeallú.

Ar an 19 Meán Fómhair, 2015, ghlac breis is 300 duine páirt sa 26ú rothaíocht urraithe go Loch Garman eagraithe ag an gcarthanacht Peter McVerry Trust. Ón uair a bhain an t-Athair McVerry féin tuaisceart Bhaile Átha Cliath amach sa bhliain 1974, tá sé tar éis aghaidh a thabhairt ar fhadhb na bochtaineachta agus an easpa dídine i measc ógánach na cathrach. Sa bhliain 1990, cuireadh tús le Rothaíocht Welcome Home a théann caol díreach ó champus Choláiste na hOllscoile go lár bhaile Loch Garman. Gach bliain, tugann na céadta daoine faoin rothaíocht 138km ar fhad, iad ar fad tar éis méid áirithe airgid a bhailiú ar son na carthanachta. Ní haon ionadh mar sin go bhfuil an rothaíocht ar an bhfoinse maoinithe is mó atá ag an eagraíocht.

Ó bunaíodh í, tá an charthanacht ag dul ó neart go neart. In 2014, tugadh cúnamh do 4,460 duine. Ní hamháin sin, ach cuireadh 2,357 leaba ar fáil sa chathair. Tugadh 111,000 béile amach i gcistiní na carthanachta agus tugadh tacaíocht cheart do 54 ógánach faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. Is léir ón méid seo amháin gur daoine ar leith iad an t-Athair McVerry agus a chomhleacaithe, a bhfuil a saol tugtha acu dóibh siúd atá i gcruachás. Leis an airgead a bhaileofar ón rothaíocht, cuirfear leapacha breise ar fáil i rith an Gheimhridh, chomh maith le béilí te. Anuraidh, mar shampla, leagadh 604 leaba éigeandála amach i lár na cathrach.

Maidir leis an aistear é féin, tá an bóthar réasúnta cothrom, gan ach aon dreapadh mór amháin ina lár. Ní gá go mbeadh an t-uafás taithí rothaíochta agat le páirt a ghlacadh, ach rothar maith a bheith i do sheilbh agat. Dóibh siúd a bhfuil spéis acu san aclaíocht i nginearálta, is fiú go mór tabhairt faoina leithéid de dhúshlán. Cruthaítear atmaisféar spraoíúil ar an mbóthar, a ghiorraíonn an turas go pointe!

Agus, ar deireadh thiar thall, chífidh tú abhainn na Sláine ag sní amach romhat, gan ach droichead gearr idir tú féin agus críoch an aistir. Ní fada uait anois an baile.