College Tribune

Independent UCD News

Gaeilge

Ath-athbheochan na Gaeilge

Mhair ré athbheochana na Gaeilge idir deireadh an naoú haois déag agus tús an fhichiú haois. Roimhe sin, ní raibh mórán scríofa le fada sa Ghaeilge ach le linn na hathbheochana tháinig iriseoireacht, gearrsceálta, filíocht agus níos mó ar an bhfód. Bhí réimse leathan ar fáil agus é d’ardchaighdeán agus ba mhór an athrú spéise a d’fhorbair ar son na teanga.

 

Cuireadh béim níos láidre ar an nGaeilge sna scoileanna agus bhí sí níos lárnaí sa tsochaí ar an iomlán. Bunaíodh Conradh na Gaeilge atá fós ar an bhfód inniu agus go láidir ar fud na tíre.  

 

Tháinig an Cumann Luthchleas Gael chun solais mar eagraíocht oifigiúil agus bhí an Ghaeilge agus an Gaelachas níos treise in Éirinn agus i bhféiniúlacht na n-Éireannach.

 

B’athbheochan liteartha é, athbheochan na Gaeilge céad is fiche bliain ó shin den chuid is mó agus silim go bhfuil athbheochan de chineál eile ar siúl anois sa Ghaeilge. Athbheochan ilghnéitheach, beomhar gan teorann atá ag athrú agus ag neartú na Gaeilge ar bhealaí éagsúla agus spéisiúla agus i mbealaí nach raibh feicthe roimhe seo.

 

Tá an Ghaeilge an-lárnach ar líne anois agus is í ceann de na 100 teanga is mó a úsáidtear ar líne, rud atá suantasach do mhionteanga cosúil léi. Feictear é seo leis an bhfeachtas #TrasnaNadTonnta ar Twitter ina raibh tvúit as Gaeilge ó breis is 120 tír ar fud an domhain. Tá ne meáin cumhachtach agus éifeachtach ag scaipeadh na Gaeilge agus cás na Gaeilge. Chuaigh an haischlib #NílSéCgl ó neart go neart nuair a tharraing sé aird ar an difríocht a bhíonn ann idir an Ghaeilge agus teangacha eile sa bhealach ina gcaitheann daoine léi.

 

Dul chun cinn teicneolaíochta is cúis leis na rudaí seo ag teacht ar an bhfód ach freisin ar ndóigh suim sa Ghaeilge agus le chéile tá siad ag cur borradh faoin ‘Athbheochan 2.0’ seo.

 

Tosaíodh comhráite agus tá an chaint fós ar siúl le podchraoltaí ar nós ‘Motherfoclóir’ agus fiséain ar BLOC. Tá rudaí eile lasmuigh den teicneolaíocht tagtha ar an bhfód ar nós na Pop Up Gaeltachtaí.Tá Tá siad tagtha chun cinn agus ag dul ó neart go neart, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na cruinne. Is smaoineamh chomh simplí agus bunúsach é ach tá an-rath air. Buaileann Gaeil le chéile go míosúil in áít éagsúil chun a bheith ag caint is ag comhrá agus is ól is as Gaeilge. Bíonn sé go míosúil san Ardchathair ach níl srian ar bith leo agus tharla Pop Up Gaeltachtaí i bPáras, Beirlín, Toronto, Hong Cong agus fiú sa Neipeal.

 

Ní fhéadfá labhairt faoi nuálaíocht na Gaeilge gan tagairt don ghrúpa rap-cheol as Gaeilge ‘Kneecap’. Is grúpa conspóideach de thriúir iad ó Bhéal Féirste a bhíonn ag rappáil faoi chúrsaí an Tuaiscirt, drugaí agus saol an duine óig. Cé nach dtaitníonn siad le gach duine, ina measc an BBC (agus na doirseoirí slándála sa chlubtheach) ní féidir a shéanadh go bhfuil siad ag dul ó neart go neart. Sheinn siad ag Oireachtas na Samhna, bhí siad ag Féile na Gealaí anuraidh agus beidh siad ann i mbliana agus tá an-éileamh orthu le gigeanna díolta amach acu ar fud na tíre.

 

Cé go bhfuil siad conspóideach, tugann siad fuinneamh don Ghaeilge agus léiríonn siad arís nach bhfuil srian nó teorainn ag baint léi. Tá a gceol nua-aimseartha agus léiríonn sé gur féidir leis an nGaeilge forbairt agus athrú. Tá lucht leanúna láidir agus óg acu agus is fianaise é seo go bhfuil spéis nua sa Ghaeilge.

 

Tá féiltí nua tagtha ar an bhfód ar nós ‘Féile na Gealaí’ atá ina féile Ghaelach ar feadh deireadh seachtaine. Tá sé spraoiúil, fuinniúil agus trí Ghaeilge. Bhí ionad campála trí Ghaeilge ag Picnic Leictreach i mbliana. Is rudaí nua iad seo ach fós bíonn Oireachtas na Samhna, an fhéile náisiúnta is Gaelaí ar siúl gach bliain le breis is 10,000 cuairteoir ann.

 

Tá an Ghaeilge láidir i bPoblacht na hÉireann ach freisin sa Tuaisceart le héileamh láidir d’Acht na Gaeilge. Bíonn an Dream Dearg an-ghníomhach ag éileamh cearta teanga ó Thuaidh. Tá Cumann Gaelach anois in Ollscoil na Banríona agus tá an spéis agus bród sa Ghaeilge i dTuaiseart na hÉireann ag dul i dtreise.

 

Is feiniméan réasúnta nua iad na cúrsaí Gaeltachta agus na cúrsaí samhraidh ar fud na tíre. Téann na mílte déagóir chun coicís nó trí sheachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht gach bliain ag foghlaim na Gaeilge. Bíonn córas cinnireachta i bhfeidhm ann mar sin éiríonn na daltaí bródúil dá nGaeltacht féin agus bíonn siad paiseanta faoi. (Camus go Deo) Is spreagadh dochreidte é seo don teanga agus éiríonn leo dearcadh níos dearfaí i leith na Gaeilge a chothú i ndaoine óga. Bíonn siad ag caint, ag spraoi agus ag buaileadh le daoine nua as Gaeilge agus tuigeann siad a luach níos mó.

 

Thug athbheochan na Gaeilge ardán don Ghaeilge go háirithe do chúrsaí liteartha. Creidim go bhfuil athbheochan nó ré nua ar siúl anois i saol na Gaeilge. Tá an Ghaeilge nua-aimseartha, gan teorainn nó srian le rudaí nua agus suimiúla ag teacht an an bhfód taobh leis an litríocht agus saibhreas atá ann cheana féin. Tá sí ag ag dul i dtreise agus suas chun dáta ar líne, leis na Pop Up Gaeltachtaí agus imeachtaí sóisialta. Tá an Ghaeilge ar fáil do níos mó daoine mar gheall ar na cúrsaí Gaeltachta agus an t-éileamh do Ghaelscoileanna.

 

Is le blianta beaga anuas ach go háirithe go bhfuil rudaí inniúla ar nós Féile na Gealaí,Pop Up Gaeltachtaí ó chian is ó chongar, Kneecap agus comhlachtaí Gaeilgheansaí agus Bean an Tees tagtha chun solais. Is de bharr an borradh seo go bhfuil mé an-dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge.

 

B’éacht é athbheochan na Gaeilge a thosaigh Conradh na Gaeilge agus cearta teanga sa Bhunreacht ach tá an dara tonn ann anois agus is am an-spéisiúil é i saol na Gaeilge.

 

Cecily Nic Cionnaith – Eagarthóir Gaeilge

LEAVE A RESPONSE

Your email address will not be published. Required fields are marked *