remedy serif;”>Is deacair an boladh aoibhinn úd a bhíonn i siopa leabhar a bhualadh. Níl ach rud amháin is deise liom ná é, cumhrán álainn an tsiopa leabhar athláimhe. Is leabharbhách nó bibliophile le fada fíorach an lá mé. Is iomaí uair, lá is seachtain atá caite agam i dtimpeallacht chluthar na siopaí leabhar, Waterstones na sócúlachta agus na fairsinge leabhar den chuid ba mhó. Mo athair a thugadh ann mé, leis an lá a chaitheamh i measc na leabhar is mé ar mo shuaimhneas ag léamh liom is ag piocadh leabhar. Chuireas tréimhse phromhaidh na leabharlann isteach go maith roimhe sin.

Tá an dúil chraosach sna leabhair agam fós. Is breá liom tráthnónta a chaitheamh ag spaisteoireacht i siopaí leabhar. Siopaí leabhar athláimhe ach go háirithe, nó cinn a bhfuil réimse mhaith leabhar acu i nGaeilge. Cathair í Baile Átha Cliath atá ar maos leis an litríocht, fiú mura mbeadh á áireamh ach saothar Joyce. Is maith mar sin go bhfuil an oiread sin de shiopaí a dhíolann an focal clóite ar chrainn mharbha mar a dúirt an té a dúirt. Seo roinnt de na siopaí leabhar a thugaim taitneamh ar leith dóibh.

Ceann de sheoda na cathrach, dar liom, is ea Cathach Books, siopa leabhar atá tearc, seanda agus an-chostasach. Is minic acu céad eagráin de Ulysses ar €30,000 an ceann. Tá réimse fhairsing leabhar a bhaineann leis an Éireannachas; stair, polaitíocht, litríocht, is cuid mhór acu sínithe ag a n-údair. Tá rannóg Ghaeilge acu is rannóg leathphraghas thíos staighre áit ar féidir leabhar athláimhe a cheannach cuid mhaith níos saoire ná nuaeagráin. Ba le fear de bhunadh Ghleannn Cholmcille, Éanna Mac Cuinneagáin, an siopa go dtí gur shéalaigh sé tamall de bhlianta ó shin, agus is a chlann atá ina bhun anois.

Tá roinnt mhaith ar fáil i gceantar Bharra an Teampaill, leis. Tá siopa leabhar Connolly Books ann, an siopa leabhar cumannach; cúrsaí polaitíochta an chloch is mó ar a bpaidrín siúd, is roinnt leabhar athláimhe is Gaeilge acu chomh maith. Ar na deirí seachtaine bíonn margadh na cearnóige ann i lár an Bharra áit a mbíonn leabhair ar díol ag stainníní. Thall, tá siopa carthanachta ar Shráid na Parlaiminte a bhíonn ag cur thar maoil le leabhair dheasa. Tá Hodges Figgis breá mór agus is beag leabhar nach bhfuil acu! Pluais Aladdin eile is ea Siopa Rúnda na Leabhar is na gCeirníní ar Shráid Chill Mhantáin, i ngiorracht scread asail do Shráid Ghrafton. Istigh i gcathair ghríobháin Stuara Shráid Sheoirse tá siopa seanleabhar costasach eile, téigí ann! Níos faide ar shiúl tá cúpla both foilseachán i nDún Laoghaire, agus sa Charraig Dhubh.

An cineál leabhar is fearr liom féin ná cinn nach bhfaca cheana, iad tearc, leochaileach agus tí a ndíothaithe. In aimsir seo an digitithe mhóir ag Google cheapfá go raibh dúchas an fhocail scríofa slán. Ní hionann picteilíní HD agus leabhar lámhdhéanta áfach. Is spéis liom clófhoirne nó teangacha aduaine is súim a gcomhairle isteach. Tá Siopa Leabhar 6 Sráid Fhearchair le moladh go mór. Aon uair a bhím ar fán fud fad na tíre nó ag tabhairt cuairt na cruinne fiú is deas liom teacht chugam féin i measc na leathanach is leabhar. Tá Cultúrlann Bhéal Feirste inmholta go maith. Fiú i mBostún Mheiriceá bhí orm dul ag póirseáil síos seanscabhait ar thóir na leabhar.

Táim prioctha ag galar seo na leabhar ceart go leor ach ní mian liom é a leigheas. Ar uairibh is trom ar na pócaí atá sé ach ar an gcuid is mó is féidir leabhar álainn a fháil ar chostas caife. Deirtear liom anois go bhfuil lá na leabhar caite, gur seo chugainn ré na ríomhleabhar ach ní ghéillim dóibh. Is treise dúch ná solas na scáileán.

Eoin P. Ó Murchú