Tá Banc na hÉireann ag tabhairt isteach uathmheaisíní bainc nua (‘LATMs as Béarla) de réir a chéile le seacht mbliana anuas. Beidh custaiméirí an bhainc in ann airgead a lóisteáil ar na huathmheaisíní seo, ach ní bheidh rogha na Gaeilge ar fáil orthu mar a bhí ar na sean-uathmheaisíní. Mar a dúirt an TD Sinn Féin Peadar Tóibín le déanaí, tá earnáil na mbanc go huafásach ó thaobh freastal ar ár dteanga dhúchais de go ginearálta. Faoi láthair, níl rogha na Gaeilge ar fáil ar uathmheaisíní ar bith ach amháin cinn Bainc na hÉireann.

Ach cén fáth go bhfuil an cinneadh seo déanta ag Banc na hÉireann? Tá sé ráite acu, de réir a gcuid taighde, nár úsáid ach níos lú ná 1% de chustaiméirí an leagan Gaeilge ar na huathmheaisíní, agus bhí an t-éileamh ar an seirbhís ag titim go “leanúnach” le tamall anuas. De réir urlabhraí an bhainc, tá sé “inmharthana” dóibh rogha na Gaeilge a chur ar fáil a thuilleadh. Níl aon sonraí cruinn tugtha ag Banc na hÉireann le tacú leis na ráitis seo go fóill, agus n’fheadar cén costas a gcuirfí ar Bhanc na hÉireann an cinneadh seo a chur ar ceal. Cuireann Banc na hÉireann roinnt seirbhís eile ar fáil trí Ghaeilge, mar shampla seicleabhair. Deirtear nach mbeidh athrú ar bith ar na seirbhísí seo, agus go gcoinneofar rogha na Gaeilge ar na huathmheaisíní i siopaí agus i roinnt craobhacha timpeall na tíre.

 

Tá sé ráite ag an iar-Aire Gaeltachta gur ceart go mbeadh náire ar Bhanc na hÉireann, atá ag léiriú dímheas ar chuid shuntasach de na cáiníocóirí céanna a d’fhulaing nuair a bhí Banc na hÉireann i gcruachás le linn aimsir na tarrthála. Faoi láthair tá breis is 3,500 sínithe bailithe ag an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin, ag éileamh ar an mbanc gan na seirbhísí trí Ghaeilge a chuir ar cheal. Anuas ar sin, de réir RTÉ, tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag breathnú ar os cionn €100m d’airgead a bhaint ón gcuntas atá acu i mBanc na hÉireann… seans go gcuirfidh achainíocha cosúil le seo Banc na hÉireann ag athsmaoineamh.

Beidh an eagraíocht teanga Conradh na Gaeilge ag bualadh le hionadaithe ón mbanc ar an 25 Meán Fómhair. De réir Tuairisc.ie, tá sé i gceist ag CnaG argóintí a leagan amach i gcoinne an chinneadh. seo. Ina measc siúd, tá taighde ón suirbhé a rinne Millward Brown i 2015, a thaispeáin gur chreid 42% den phobal ó dheas gur gné uathúil dhíolacháin (USP) do ghnóthaí í an Ghaeilge. Chomh maith le sin, déanfar plé ar ilteangachas ar uathmheaisíní i dtíortha eile ar nós an Bhreatain Bheag.

Más custaiméir Bhanc na hÉireann tú, thig leat moladh a thabhairt ar an ábhar seo trí labhairt le ball foirne i mbrainse, trí ghlaoch orthu ar an nguthán, nó i scríbhinn; féach www.bankofireland.com/help-centre/customer-complaints-process/.


Erin Nic an Bhaird – Eagarthoir Gaeilge