Níl conradh nua an CLG le moladh go hard na Spéire ag ár gcomhfhreagraí spóirt, Diarmuid Ó hIcí

Is léir ó thaighde nua ó Paul Rouse anseo in UCD go bhfuil ag teipeadh ar an gconradh idir Sky agus an Cumann Lúthchleas Gael ar gach taobh, seachas an brabús beag a fhaigheann Páirc an Chrócaigh as.

Níl ann ach difear “€1-2 milliúin” sa mhéid airgid a thuilleann an C.L.G. as an gconradh; níl ansin ach 5% den €30 milliúin a fuair siad in 2013 ó na meáin chumarsáide as cearta craoltóireachta. Ach an costas air sin ná figiúirí an-íseal, ardú costais ollmhór don lucht tacaíochta sa Bhreatain chun breathnú ar chluichí, agus fiú amháin easpa craoladh san Astráil, a bhí mar chuid den chonradh.

An argóint a dhéanann cosantóirí an chonartha ná go méadaíonn sé líon na ndaoine sa Bhreatain a bhreathnaíonn ar na cluichí. Ar an drochuair, níl aon fhianaise gurb é sin an cás in 2014. Bhí conradh don Bhreatain ag “Premier Sports” in 2013, agus é ag mealladh 8,000-12,000 duine do chluichí sna babhtaí luatha ar chostas €10 sa mhí. Mheall Sky 8,900 duine le breathnú ar Chorcaigh v Sligeach sa chluiche cáilithe peile. Mhealladar tuairim is 32,000 an chluiche don 14 chluiche a bhí acu sa Bhreatain, ach tabhair faoi ndeara nach bhuil ansin ach 0.25% den mhargadh teilifíse atá ann. Mheall an cluiche ceannais iomána 104,000 chuig Sky Sports 1; bealach a meallann 1-1.8 milliúin duine go hiondúil ag an am a gcraoltar an cluiche ceannais. Sin laghdú 90-94% do Sky sa Bhreatain don lá sin.

Anuas air sin, caill Premier Sports na cearta uilig a bhí acu roimh an gconradh; bhíodar ag craoladh cluichí CLG san Áis, i Meiriceá, agus san Aifric. Tá an CLG tar éis na margaí teilifíse seo a dhúnadh uilig ag am a bhfuil na mílte ag dul ar imirce; agus CLG a bhaint de mhargadh 6.5 billiún duine.

Ach léiríonn figiúirí Éireann scéal i bhfad níos tubaistí; ní raibh i líon na ndaoine ag breathnú ar chluichí ceathrú ceannais ar Sky ach 12% d’fhigiúirí an bhabhta chéanna ar TV3 an bhliain roimhe, cé go raibh Baile Átha Cliath (an contae leis an daonra is mó) ag imirt ar Sky an lá sin.

Is léir ón bhfianaise go bhfuil an CLG ag cailliúnt a lucht féachana anseo mar gheall ar Sky, ag gearradh costas atá i bhfad níos airde ar lucht féachana dílis sa Bhreatain dá bhárr, agus ag dúnadh margaí ollmhóra teilifíse. Is léir freisin go bhfuil an conradh ag gortú gach páirtí anseo, agus go mbeadh sé ní b’fhearr do Sky agus don CLG é a chríochnú láithreach.