De réir tuarascáil chigireachta ón Roinn Oideachais a foilsíodh ag tús na seachtaine seo, tá caighdeán theagasc na Gaeilge i mbunscoileanna na hÉireann ag dul in olcas. Rinneadh beagnach 5,000 tuairisc chigireachta idir Mí Éanair 2013 agus Mí Meitheamh 2016, agus clúdaíodh idir bunscoileanna agus meánscoileanna ar fud na tíre.

Ar an drochuair, ó bhí an tuarascáil chigireachta deireanach a rinneadh ceithre bliain ó shin, tá caighdeán na foghlama agus an teagaisc tar éis laghdú i bunscoileanna. De réir an taighde, bhí caighdeán na foghlama ‘míshásúil’ i gceathrú de na ranganna Gaeilge. Tá an chodarsnacht idir na hábhair le feiceáil go soiléir sna torthaí seo a leanas: i 28 faoin gcéad de scoileanna, bhí caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Gheilge ‘níos lú ná sásúil’ – ní raibh an caighdeán chomh olc sin sa Bhéarla nó sa mhata in ach 7% agus 4% de scoileanna, faoi seach.

I meánscoileanna na tíre , faraor, cé go bhfuil dúshláin ann fós maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge, tá feabhas tagtha ar an gcaighdeán ó bhí an tuarascáil chigireachta deireanach. É sin ráite, níl cúrsaí Gaeilge chomh sásúil is a bhfuil cúrsaí mata agus Béarla – tuairiscítear nach raibh ach 28% de cheachtanna sa Ghaeilge ‘an-mhaith’, i gcomparáid le 34% sa Bhéarla agus 41% sa mhata. Tá seans maith ann go raibh tionchar ag an straitéis náisiúnta chun feabhas a chur ar litearthacht agus uimhearthacht i measc daoine óga ar na torthaí seo.

Moltar nach mór níos mó deiseanna a thabhairt do pháistí cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge, agus go gcabhródh rannphártaíocht gníomhach agus comhoibriú sna ranganna le múinteoirí dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Rud eile gur féidir cabhrú leis an bhfadhb ná leas a bhaint as teicneolaíocht sna seomraí ranga. Tá súil ag an Roinn Oideachais go dtiocfaidh feabhas ar an scéal go luath, go háirithe leis an gcuraclam nua a tháinig isteach an bhliain seo caite, chomh maith le hacmhainní nua atá á fhorbairt acu do theagasc na Gaeilge faoi láthair.

Rud faoi leith atá spéisiúil a d’aithin Tuarascáil an Phríomhchigire ná go mbíonn raon éagsúil scileanna teanga in aon seomra ranga amháin, agus cruthaíonn sé seo deacrachtaí don teagasc agus don foghlam dár ndóigh. Ní mór do mhúinteoirí seo a choinneáil i gcuimhne agus iad ag pleanáil do na ceachtanna Gaeilge. Rud eile iontach tábhachtach atá soiléir ón taighde seo ná, cé go bhfuil an córas nua do Ghaeilge na hArdteiste (ina bhfuil 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul don bhéaltriail) i bhfeidhm le ocht mbliana anois, fós níl daltaí meánscoile compórdach ag labhairt na Gaeilge.

An raibh dea-scéal ar bith le fáil ón tuarascáil seo? Bhuel, cé gur ‘mórábhar imní’ é an scéal seo, de réir na tuarascála tá caighdeán ard ann i scoileanna Éireannacha go ginearálta… ach is léir go bhfuil níos mó oibre le déanamh ag an Roinn Oideachais maidir leis an nGaeilge.


Erin Nic An Bhaird – Eagarthóir Gaeilge