Is cúis náire dom a rá gurb í oíche aréir an chéad uair ar fhreastail mé ar cheolchoirm de chuid Kíla riamh. Nach ormsa an áiféil. Bhí dhá huaire draíochtúla de bhuillí, sovaldi sale ghreann agus fhuinneamh a mbeadh sé deacair teacht orthu in áit ar bith eile ar domhan.

Ní bhfuair mé amach go mbeinn ag dul go dtí an cheolchoirm go dtí an lá roimpi. Táim i mbun socruithe a dhéanamh faoi láthair chun Kíla a thabhairt isteach chuig UCD le linn Sheachtain na bhFreisear le ceolchoirm a sheinm, treatment ócáid a chinnteofar go luath le cúnamh Dé. Thug Colm, store duine de Mhuintir Uí Snodaigh, cuireadh dom teacht chuig an gig i Whelans chun cúrsaí a phlé. Bhí mé ar mhuin na muice bheith in ann freastal air. Is sé bliana ó shin an uair dheireanach a raibh féidearthacht ann dom iad a fheiceáil, agus mé i mo dhalta meánscoile óg, gan bheith ach sa chéad bhliain i gColáiste Eoin, an scoil ar fhreastail mórchuid de bhaill Kíla air. Bhí an grúpa ag seinm ar bhonn carthanachta an babhta sin agus ní cuimhin liom go díreach cén fáth nár éirigh liom dul ach táim deimhin de anois nach scaoilfidh mé deis eile mar sin uaim feasta.

Bhí banna Éireannach eile darbh ainm The Pale  ag tacú leo. Triúr atá sa bhanna, duine acu ar an mandailín, roghnú uirlise a bhí spéisiúil go maith. Ba dheas gur úsáid siad roinnt Gaeilge idir na hamhráin, is dócha leis an tuiscint go mbeadh roinnt maith Gaeilgeoirí sa lucht éisteachta chun Kíla a fheiceáil (B’fhíor sin i mo chás chaithfinn a rá).

Bhain mé sult as an a sheit ach ní raibh an daonchumhacht acu áfach chun dul in iomaíocht leis an mbeocht agus an láithreacht atá ag Kíla ar an stáitse. Tá ochtar acu, agus a f(h)éiniúlacht féin ag achan duine acu (Bean amháin sa ghrúpa, Dee is ainm di). An cur síos ginearálta a thabharfainn ar an gcineál ceoil a sheinneann siad ná ceol traidisiúnta Éireannach amhlaidh is a mbeadh sé ar stéaróidigh (steroids). Leagan Éireannach de Arcade Fire a déarfainn féin. Níl líricí i gcuid mhaith dá namhráin agus ní aireofá é. Tagann na línte éagsúla séiseanna le chéile chun fuaim atá ríshaibhir, rísnasta a chruthú. Bhuail fear an bhodhráin, Rónán, an uirlis s’aige lena chipín na mílte uaireanta le linn na ceolchoirme. Déarfaí go minic go mbeadh an lucht féachana faoi dhraíocht ag an mbanna. Is dócha le Kíla, go mbímid féin agus an banna faoi dhraíocht ag an gceol íon a chumann siad. Bhí paisean as cuimse á léiriú ag an ngrúpa dá nuirlisí.

Chun cur leis an éagsúlacht agus an ilchultúrthacht, bhí cuairteoir gorm acu ó Cheanada a bhí ag seinm cnagadh de shaghas cinnte i gcomhair cúpla amhrán.

Is deacair a chreidiúint gur tháinig siad ar bhfód den chéad uair siar in 1987, ach nach iontach an saol ceolmhar atá curtha rompu agus atá fós á chur rompu. An samhradh seo bhí siad ag an bhFleadh agus thar sáile san Ostair agus sa tSualainn. Má bheidh siad ag teacht go UCD ná cailligí amach air, oíche den scoth a bheadh ann, fé mar a bhíonn gach oíche le Kíla.

Go raibh míle, Kíla