“más go fíorúil féin é”

In ómós Oireachtas na Samhna 2020, nach mbeidh ag titim amach i mbliana de dheasca na paindéime COVID-19, tá clár d’imeachtaí fíorúla le reáchtáil le linn sheachtain an Oireachtais a mbeidh fáil orthu ar TG4, Raidió na Gaeltachta agus suíomh gréasáin an Oireachtais

I dtrátha an ama seo gach bliain bíonn pobal na Gaeilge ag fáil faoi réir do mhórthionól bliantúil na Gael, Oireachtas na Samhna. Is i nGaillimh a bhí an fhéile stairiúil, a mbíonn idir óg agus aosta ag freastal uirthi, le bheith ar siúl i mbliana mar gheall ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa a bheith bronnta ar an chathair don bhliain 2020. Faraor, ní hamhlaidh a bheas an scéal i mbliana, nó cosúil le himeachtaí eile de chuid na tíre idir bheag agus mhór, tá Oireachtas na Samhna curtha ar ceal mar gheall ar an chontúirt atá sa choróinvíreas do shláinte an phobail.

Ar an 8 Meitheamh níos túisce i mbliana a cuireadh an méid sin in iúl i bpreasráiteas a eisíodh ar shuíomh gréasáin an Oireachtais. Dar le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, ní raibh sé “indéanta féile Oireachtais mar is eol dúinn é a reáchtáil i mbliana”, agus is iad “sláinte, sábháilteacht agus leas phobal an Oireachtais, agus an mhórphobail” a luaigh stiúrthóir na féile mar chúraimí tús áite. Is í seo an chéad uair le 80 bliain anuas í nach mbeidh an fhéile ar siúl.

Bunaíodh an tOireachtas, arb í an chiall atá leis ná ‘tionól’, in 1897. Féile chultúrtha atá ann a dhéanann cultúr na nGael a cheiliúradh agus a thaispeáint tríd amhránaíocht, damhsa, reacaireacht, díospóireacht, seoltaí leabhar agus go leor eile nach iad. Is mór an craic, an ceol agus an chuideachta a bhíonn i gCóisir na Mac Léinn agus i gClub na Féile fosta. Tá sé i ndiaidh fás ó fhéile leathlae go ceann a mhaireann trí lá, agus is cinnte gur buaicphointe de chuid fhéilire na nGael í an fhéile.

Mar chuid d’Oireachtas na bliana seo, táthar ag leanúint ar aghaidh leis na Comórtais Liteartha, na Gradaim Fhoilsitheoireachta agus na Gradaim Chumarsáide a reáchtáil. Ina hábhar mór díomá, áfach, a bheas easpa na gcomórtas eile, go háirithe an príomhchomórtas amhránaíochta ar an tsean-nós, Corn Uí Riada. Mar sin féin, tá fasach ann a thugann le fios go bhféadfadh go n-éireodh go breá le hathleagan fíorúil den Oireachtas, nó is maith a chruthaigh leagan teilifíse de Fhleadh Cheoil na hÉireann le linn an tsamhraidh. 

Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair a forógraíodh buaiteoirí Ghradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais, a thugann aitheantas d’ardchaighdeán i scríbhneoireacht agus i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge. Na trí chatagóir atá ann ná leabhar na bliana do dhaoine óga (Gradam Réics Carló), leabhar na bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge (Gradam de Bhaldraithe), agus leabhar na bliana don léitheoir fásta (Gradam Uí Shúilleabháin). Is iad na foilseacháin agus na foilsitheoirí a thug an chraobh leo i mbliana ná: “An Féileacán agus an Rí” (Futa Fata) le Máire Zepf – Gradam Réics Carló, “Ar Luch agus ar Dhuine” (Leabhar Breac) le Colmcille Ó Monacháin – Gradam de Bhaldraithe agus “Máchail” (Móinín) le Ré Ó Laighléis – Gradam Uí Shúilleabháin

Dé Máirt, 27 Deireadh Fómhair ar 12.00 i.n. a fhorógrófar buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020 a thuagann aitheantas do bhua na scríbhneoireachta atá ag an scríbhneoir fásta agus ag an scríbhneoir óg. Ina measc, tá an duais le haghaidh Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana le buachan.

Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair ar 7.30 i.n. a fhorógrófar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a thugann aitheantas d’éachtaí de chuid earnáil na cumarsáide Gaeilge. Ina measc tá an duais le haghaidh Réalt Óg na Bliana le buachan.

Mar chuid den sceideal fhíorúil i mbliana, beidh meascán d’imeachtaí beo, cláir athchraolta agus míreanna cartlainne ann. Roinnt de na buaicphointí atá sa sceideal is ea iad ná:

“Aos Óg na Gaeltachta: Inniu, Amárach agus Amach Anseo” – eagrán speisialta den chlár 7Lá  a fhiosróidh na cúiseanna imní is mó atá ar aos óg na Gaeltachta faoin todhchaí, na rudaí a n-ardaíonn a gcroí, agus na rudaí a dtugann dóchas dóibh. Craolfar an clár ar an 27 Deireadh Fómhar 2020 ar 8.00 i.n.

“An tOireachtas sa Bhaile” – eagrán speisialta den chlár raidió Bladhaire ina gcuirfear i láthair ceol beo, agallamh beirte, agus roinnt d’obair chumadóireachta de chuid éisteoirí an chláir, gan ach an beagán a lua. Craolfar an clár Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2020 idir 3.00-5.00 i.n. 

“Seimineár an Oireachtais: Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht – Éiginnteacht agus Éigeandáil?” – seimineár an Oireachtais a bheas á gcomhreáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus ag an Oireachtas, agus mar a mbeidh Príomh-Aoire agus Aire stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, Jack Chambers, mar aoichainteoir. Sruthófar an seimineár beo ar an 31 Deireadh Fómhar 2020 ar 3.00 i.n.


Anna-Clare Nic Gairbheith