Labhraíonn Diarmuid Ó hIcí faoin léarscáil éiginnte ó Ghaeilge go Béarla ar na bóithre, mind agus níos faide i gcéin.

Bhí Pascal Donohoe sa nuacht arís le deanaí, nuair a dúirt sé go raibh sé ag órdú athbhreithnithe (review) ar phleananna an iar-Aire Iompair Leo Varadkar chun an bhéim chéanna a chur ar Ghaeilge agus Bhéarla ar chomharthaí bóithre.

Tá cuma fhíor-bheag ar an scéal seo, ach amháin go gcuireann sé treise ollmhór ar cé chomh deacair agus casta atá an caidreamh idir eagrais stáit agus pobal na Gaeilge faoi láthair.

Ag tabhairt sracfhéachana air, is athrú an-bheag iad na comharthaí nua a bhí faoi bhun ag Varadkar, le cabhair ó Chonradh na Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, ní bheadh aon chostas breise i gceist fiú, mar athraítear comharthaí boithre gach 15 bliain ar aon nós. Tá comharthaí mar seo in úsáid sa Bhreatain Bheag agus san Fhionláinn cheana féin. Tá na comharthaí nua níos soiléire, agus tá cothromaíocht i gceist.

Rinne an tseirbhís nuachta nua Tuairisc suirbhé, agus bhí 61% i bhfábhar na gcomharthaí nua seo, gan fiú trácht air nach mbeadh costas breise i gceist. Bhain suirbhé ar Thejournal.ie torthaí cosúla amach, le 60% i bhfábhar béim níos mó a chur ar Ghaeilge sna comharthaí bóithre, 27% i bhfábhar na gcomharthaí céanna, agus gan ach 7% i gcoinne Gaeilge bheith ar aon chomharthaí. Tá an fhianaise ann go bhfuil tacaíocht an phobail uile ag na pleananna seo. Cad í an fhadhb?

Na sean chomharthaí (ar chlé) agus pleananna do chomharthaí nua (ar dheis) foilsithe ag Leo Varadkar i rith an tsamhraidh

Ba shlí mhaith a bheadh sna pleananna don Rialtas an caidreamh idir iad féin agus pobal na Gaeilge a dheisiú. Cruthaíonn an t-athbhreithniú comhartha ceiste eile ar mheas an stáit don Ghaeilge, caidreamh atá ar na craga le tamall anuas. Is beagnach bliain ó shin (Mí na Samhna 2013), gur éirigh An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin as a phost, agus é thar a bheith feargach. Dúirt sé le Raidió na Gaeltachta ag an am nach raibh an tSeirbhís Stáit ag cur seirbhísí bunúsacha ar fáil as Gaeilge, go raibh ganntanas oibrithe le Gaeilge sa Státseirbhís, agus go raibh géarghá le hathbhreithniú ar na slite a fhóstaíonn an tSeirbhís daoine nua. Dúirt sé freisin go raibh polasaithe an Rialtais i dtreo na Gaeilge “fimíneach” (hypocritical).

Cuir leis sin ráiteas ó Chonradh na Gaeilge ag an am go raibh “cinneadh olc in aghaidh cinnidh oilc” déanta ag an Rialtas faoin nGaeilge, na hagóidí “Dearg Le Fearg” i mí Feabhra 2014 le breis is 5,000 duine ar shráideanna na cathrach, an t-Aire Gaeltachta nua Joe McHugh (nach raibh Gaeilge aige fiú), agus ráitis Fhine Gael roimh ollthoghchán go raibh siad chun fáil réidh le Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist, agus is léir go bhfuil meon i measc Gaeilgeoirí áirithe nach bhfuil pioc measa ag an rialtas seo ar an nGaeilge.

 

Comharthaí Bóithre san Fhionlainn (ar chlé, i bFionnlainis agus i Sualainnis) agus sa Bhreatain Bheag (ar dheis, i mBreatnais agus i mBéarla)

 

Deis mhór go bhfuil an fhadhb sáite sa Státseirbhís agus sa Tionscal Poiblí. Lasmuigh den chóras scoile, níl go leor Gaeilge acu chun déileáil le idir 80,000 agus 100,000 cainteoirí laethúla, agus níl rogha ag formhór an 1,770,000 duine eile atá in ann í a labhairt í a úsáid go poiblí dá bhárr. Níl aon phleananna foilsithe chun dochtúirí agus seirbhísí ospidéil agus otharcharanna a chur ar fáil dóibh as Gaeilge, cuir i gcás. Tá dúshlán ollmhór ag an gConradh agus iad atá ag troid ar son na seirbhísí búnusacha seo, agus dála an scéil, níl cuma ró-dheas ar na dtorthaí.

Cén fáth ansin a bhfuil an Rialtas ag caint faoi athbhreithniú sa chás seo? An bhfuil siad ag iarradh cogadh a dhéanamh don cheist, gur féidir leo “bua” a ghlaoch air don Ghaeilge nuair a thagann na comharthaí isteach cúpla mí roimh olltoghchán éigin? An bhfuil siad ag iarradh aird Conradh na Gaeilge a choinneáil ar an gceist bheag seo, ionas nach mbeidh an creidmheas polatiúil acu fiú tús a chur le ceisteanna faoi sheirbhísí búnúsacha breise a fháil do na Gaeltachtaí, nó daoine le Gaeilge a thabhairt isteach chuig an Státseirbhís, nó traenáil Gaeilge a chur ar fáil do mhic léinn sna hEolaíochtaí Sláinte agus a leithéid ionas go mbeidh siad in ann obair as Gaeilge.

An bhfuil “cogadh na gcomharthaí” mar phlean neamhchasta aird a dhíriú ón teipeadh ollmhór atá i gceist le Stratéis Fiche Bliain na Gaeilge, n’fheadar? Ceithre bliana isteach i bplean atá thar a bheith inbhainte; an bhfuil aon difríocht shofheicthe tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla nó caighdeán na seirbhísí atá ar fáil dóibh? An bhfuil an Rialtas tar éis aon rud a dhéanamh don Ghaeilge, seachas íoc as cúrsa samhraidh sa Ghaeltacht don Aire nua? Níl Acht a bhaineann le Ghailge tar éis dul tríd an Dáil nó an Seanad le fiche mí anuas! Beagnach dhá bhliain ó shin, chuaigh acht faoi sheirbhísí aistriúcháin tríd an Dáil. Ní haon ionadh é nach bhfuil Acht ar bith ón lá sin aistrithe acu go Gaeilge, tar éis dóibh an acht sin a chur tríd an Dáil chun é sin a chinntiú go díreach!

Tá dualgas ag na seirbhísí stáit tosú ag déanamh rudaí faoin nGaeilge, seachas a bheith ag labhairt faoi. ”Ní féidir an dubh a chur ina gheal, ach seal”, mar a déarfaí, agus tá seal ár Rialtais ag laghdú go tapaidh.