Roinneann Lucy Ní Nialláin a taithí ar lóistín a fháil tar éis torthaí na hArdteiste agus an chúis go gceapann sí nach droch rogha iad ‘Digs’

Cosúil le gach fresher anuas is aníos na tíre, táim ag tnúth go mór le saol na hollscoile a bhlaiseadh. Rugadh agus tógadh mé i gContae Maigh Eo, agus is é seo mo chéad uair as bhaile i m’aonar. Bhí mé agus mo thuismitheoirí  trína chéile agus muidne ag smaoineamh ar lóistín don bhliain a bheadh os mo chomhair.
Is beag lá dá dtéann tharainn inniú nach mbíonn caint ar easpa lóistin i mBaile Átha Cliath dona mic léinn. Ní féidir leat an nuachtán a léamh nó an nuacht a chloisteáil ar an raideo gan scéal éigin iontu faoi ardú cíos. Fágadh daoine óga gan dídean, agus iad ag ullmhú do tréimhse nua ina tsaoil.

Chun an fhírinne a rá, rinne mé dearmad glan ar m’ainm a chur síos le haighaidh lóistín campus!  Chuaigh mé ar líne an oíche roimh na offers agus fuair mé cúpla uimhreacha téilifóin ar suíomhanna ar nós collegecribs.ie agus daft.ie. Ní raibh drogall ar bith orm ‘digs’ a fháil – is eard atá i gceist leo dar liom ná mo sheomra féin i dteach le clann áitiúla.

Chuir mé glaoch orthu go léir ar maidin agus chuaigh mé go dtí Baile Átha Cliath níos déanaí le mo chlann chun na seomraí a fheiceáil. Bhí an t-adh dearg agam áit a fháil in aice na hollscoile. Beidh mé ag fanacht le bean an tí thart ar trí nóiméad siúlóid ón ollscoil. Fanfaidh mé léi gan brú orm bilí a íoc ach amháin mo chíos! Ullmhíónn sí dinnéar gach lá dona clann féin, agus mar sin ní bheidh orm aon cocaireacht a dhéanamh – buíochas mór le Dia!

Ní féidir a shéanadh go bhfuil an-chuid deacreachtaí ag na mic léinn agus iad ag iarraidh lóistín a fháil don bhliain. Tuigim nach dteastaíonn gach scoláire fanacht i digs mar gheall go bhfuil ‘saoirse agus craic’ uathu, agus tá clú agus cáil ar saol sóisialta na cathrach. Is é tuairim an phobal gur rud cúngarach é digs.  Faraor, ni mar a bhíonn sé – de gnáth, bíonn an-saoirse ag lóisteoirí. Caithfear a admháil go bhfuil buntáistí a bhaineann le digs, go háirithe sa lá atá inniú ann. Go hiondúil, bíonn sé i bhfad níos costasaí lóistín a fháil i dteach príobháideach sna bruachbhailte ná seomra shingil a aimsiú i dteach clainne éigin níos giorra don ollscoil.

É sin go léir ráite, beatha duine a thoil; agus beidh mé go sona sásta ar lóistin ag mo bhean an tí – i mbliana ar ndóigh!