Nuair a chuirim mé féin ag smaoineamh ar na spóirt go léir, view ní feidir liom a shéanadh gurb í dornálaíocht (nó cicdhornálaíocht fiú) an spórt is ansa liom thar aon cheann eile. Cinneadh simplí atá ann, unhealthy a dhéanaim gan dua, gan stró, gan mhoill. Is í an cheist áfach ná, cén fáth? Is dócha mar go rugadh mé i m’fhear troda. Agus mé ar dhuine de chlann ollmhór (tá deichniúr againn san iomlán), más rud é nach raibh mé fíochmhar nó ceanndána go leor, ní bheadh áit ar an dtolg agam, nó gréim mo bhéil ar fáil agam, fiú! Mar sin féin – ag bogadh ar ais go dtí ábhar na dornálaíochta agus mo phríomhphointe a léiriú, do bhíos san ‘fháinne dornálaíochta’ ó lá mo bhreithe …go bunúsach.

 

Trodaire ab ea m’athair agus bhí Martial Arts druileáilte trím; mar a bhíonn an diallait ar an gcapall. Nuair a bhí mé cúig bhliana d’aois bhínn ag glacadh leis na ranganna cicdornálaíochta le mo bheirt dhearthair – ar muin na muice do bhíos, ag rá leis ‘na leaids’ gur ‘fear na croise dhubha mé’ agus go bhféadfainn éinne a mharú leis an lúidín.. dá mba mhian liom!  Neamhurchódacht agus simplíocht a bhí ann.

 

I bhfad níos sine atáim anois, agus tuigim go hiomlán an maitheas a rinne sé ar mo shaol thar na mblianta. Ó bheith ag traenáil go dian ‘s go dícheallach lá i ndiaidh lae, is féidir liom a rá ó dhoimhneacht mo chroí go bhfuil meas as cuimse agam ar an spórt féin agus ar gach uile dhuine a bhíonn ag plé leis. Is dórnálaí den scoth í Katie Taylor mar shampla; cailín iontach deas atá inti, a chothaigh bród i ngach mac máthar in Éirinn i mí Lúnasa 2012. Ach in ainneoin an tionchair mhóir atá aici ar fud na tíre mar lúthchleasaí cáiliúil, úsáideann sí a cuid ama saoire ag cur teanga na Gaeilge chun cinn. Bhuail mé léi roinnt seachtain ó shin nuair a tháinig sí go dtí an Club Dornálaíochta anseo i gCOBÁC chun dornálaithe go léir s’againn san ollscoil a spreagadh. Agus mé ag caint léi, d’úsáid mé cúpla focal Gaeilge agus bhí an-ionadh orm le cloisteáil an-chuid Gaeilge ag spalpadh as a béal! Eiseamláir den scoth atá inti, is léir.

Mar sin, má bhíonn éinne agaibh ag cuimhniú ar spórt éicint a thosnú, (mholfainn spórt na dornálaíochta). Geallaim daoibh go mbainfeadh sibh sásamh mór as an aclaíocht a ghabhann léi, agus chomh maith leis sin, go bhfaighfeadh sibh ‘an corp foirfe sin’ i gcomhair an tsamhraidh. Is fíor nach minic é go bhfeictear duine ramhar ag déanamh dornálaíochta!