Tugann Romy Lynch, try ball de choiste an Chumainn Ghaisce UCD, léargas dúinn ar an nGradam Gaisce féin, ar na buntáistí a bhaineann leis, agus ar ar féidir leis an gCumann a dhéanamh chun cabhrú leat an Gradam a bhaint amach tú féin.

Gach bliain, bronnann an t-Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn an duais seo ar dhaoine óga in Éirinn.  De réir shuíomh idirlín na heagraíochta, is focal sean-Ghaeilge é Gaisce, a chiallaíonn “éacht mhór”. Is í an éacht mhór seo an bhrí a chuireann dúshlán an chláir do dhaoine óga spriocanna pearsanta i gceithre réimse éagsúla de ghníomhaíocht a leagan síos: rannpháirtíocht an phobail, scileanna pearsanta, áineas fisiciúil agus turas eachtraíochta.

Tá 3 leibhéal de chlár Gradam, ag tosú leis an gCré-umha agus dul ar aghaidh chuig Airgead nó Ór. Is le ham agus le haibíocht a ghluaiseann an rannpháirtí ón gCré-umha i dtreo an Ghradaim Óir. 26 seachtain is ea an tréimhse íosta ar gá a chur i gcrích leis an nGradam Cré-Umha a bhaint amach ach don Ghradam Óir bíonn ardú go 78 seachtain.

Soláthraíonn rannpháirtíocht i nGradam deis fáis agus forbartha le cúnamh agus tacaíocht Cheannaire Ghradam an Uachtaráin (PAL) i rith na hidirthréimhse rí-thábhachtaí ó dhuine óg go duine fásta. Ag tosú ar an Gradam, oibríonn an PAL leis an rannpháirtí i roghnú a c(h)uid gníomhaíochtaí agus a c(h)uid spriocanna do gach ceann acu. De réir mar a leanann an rannpháirtí ar aghaidh lena g(h)níomhaíochtaí, tacaíonn an PAL agus meantóirí leis an rannpháirtí agus cabhraíonn siad leis constaicí a shárú.

Ar chríochnú an Chláir Ghradaim, faigheann gach rannpháirtí teastas sínithe ag Uachtarán na hÉireann agus bonn comóraidh. Bronnann Uachtarán na hÉireann na Gradaim Óir go pearsanta ag ócáid bhliantúil. Is trí shearmanais Gradam réigiúnacha a bhíonn ar siúl i rith na bliana a dhéanann eagraíochtaí a bhí ag soláthar an chláir a nGradaim Airgid agus Cré-Umha a bhronnadh.

Oibríonn an clár go rathúil idir na hearnálacha d’oideachas foirmiúil agus oideachas neamh-fhoirmiúil. Cuirtear an clár ar fáil i méid mór eagraíochtaí óige agus oideachais ar fud na tíre. Éiríonn thar cinn leis i scoileanna nuair a chuirear ar fáil é i rith na hIdirbhliana agus do chúrsa na hArdteistiméireachta Feidhmí. Tá fás ag teacht ar sholáthar an chláir i measc eagraíochtaí óige ar nós grúpaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu, lena chois sin tá sé ar fáil i bpríosúin, do thionscadail ceartas óige, don lucht siúil, d’eagraíochtaí éide agus i gcoláistí tríú leibhéal. Feabhsaíonn an clár saolta na ndaoine a ghlacann páirt tríd scileanna poist a thabhairt dóibh agus a n-infhostaitheacht a fheabhsú.

Is é cuspóir an Chumainn Gaisce i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ná rochtain an chláir Gaisce a bheith ann don mhéid is mó daoine óga agus is féidir ar fud na hÉireann. Léiríonn ár dtaithí dúinn go bhfuil an clár Gradam solúbtha agus gur féidir le go leor cineálacha éagsúla eagraíochtaí agus comhlachtaí óige é a chur ar fáil i gcomhthéacsanna difriúla. Is féidir an clár a chur ar fáil tríd cabhrú le heagraíochtaí óige a gcuid spriocanna straitéiseacha féin a bhaint amach agus ansin aitheantas seachtrach a fháil uathu.

Cabhróidh Cumann Gaisce COBÁC le mic léinn a bhfuil an Gradam á dhéanamh acu. Sa chumann is féidir PAL a fháil go socair, mar aon le smaointe do na gníomhaíochtaí Gaisce. Eagraíonn an cumann an turas eachtraíochta agus freisin, cuirtear grúpaí le chéile chun cúnamh a thabhairt daoibh maidir leis an scil phearsanta. Má tá suim agat, glac páirt sa ghrúpa “UCD Gaisce Support Page” ar Facebook nó cuir ríomhphost chuig gaisce@ucd.ie.