Tá saoire na Nollag ag druidim linn, buíochas mór le Dia, agus má tá aon éinne agabhse cosúil lomsa, ní bheadh bronntanas amháin ceannaithe agaibh go fóill. Bhuel a chairde, ná bí buartha. Táim chun brú an tsaoil a laghdú daoibh san alt seo!

Bhí an t-ádh dearg orainn i mblianna go rabhamar in ann bhlaiseadh den saoirse a bheith againn arís, ach níor athraigh gach rud. Ní féidir a rá go raibh an saol díreach mar a bhí sé cheana do dhreamanna áirithe. D’fhualing gnólachtaí ar fud fad na tíre mar gheall ar na srianta deacaire i mblianna agus is ag an t-am seo a bhíonn rian chúinsí aisteacha na bpandéíme le bhrath go láidir. 

Mar sin ba chóir dúinn ár bpáirt féin a ghlacadh chun casadh a chur ar an scéil. Seo liosta de bronnatanaisí Gaelach ó fhiontair Éireannacha ar féidir libh tacú má tá pingin rua le sparáil agaibh!

Brontannaisí Faisin

Is fíor go bhfuil na clubanna oíche ag dúnadh ag a dó dhéag agus lear mór do na scrudaithe curtha ar líne, ach beidh deiseanna eile agaibh bhur gcuid stíl a thaispeáint. Má chaitear aon cheann dos na nithe thíos beidh daoine in éad ort, dabht ar bith faoi sin.

1)Mála Tote,executeexist

2)Fleece, Sew It Seams

3) Hata, Baile Clothing

4)Geansaí,Beanantees

Bronntanaisí Bia

Go hiondúil ní bhíonn aon gheanntanas do sholáistí blasta ag am Nollag, ach bíonn réímse mór de chomlachtaí Éireannacha ag iarraidh rogha níos leighne fós a sholáthar i mblianna. Cuir na bronntannaisí sin i dtaisce áit éigin shabháílte, ní mhairfidh siad i bhfad.

1)Bean and Goose, ‘sharing slabs’

2)Braw barra seacláide

3)Tony’s Chocolonelys, bosca roghnúcháin

4)3Fe Coffee, dríodar caife

Bronntanaisí don Mhac Léinn

Cé go bhfuil sé spraoiúil bronntanas galánta nach gceannófá riamh duit féin a fháil ó ham go tam, de ghnáth is fearr rud phracticiúil a bheith agat don tseamaistair a tá le teacht. Is aoibhinn beatha an scoláire.. Ach eiríonn sé níos fearr nuair a bhíonn stocaí faoin gcrann Nollag!

1)Badly Made Books, leabhar nótaí

2)Narcissips, buidéal inathnuaite

3)The Happy Pear, leabhar cóicearachta

4)Donegal Sock Company, stocaí

Bonntanaisí Eachtraíochta

Ní caithfear i gcónaí bronntanas fisiciúil a bhronnadh ar Lá Nollag. B’fhéidir gur mhaith an smaoineamh deis a chur ar fáil don té speisalta tabhairt faoi eachtra nua. In aineoinn coiníollacha na bpandéime faoi láthair, táimid fós inár gcónaí i gceann do na tíortha is áile ar domhan. Bheadh sé náiriúil gan leas a bhaint as sin!

Má theastaíonn níos mó inspioráide uait, is féidir tuilleadh chomhlachtaí eile eile a fháil ar shuíomh idirlín údarás na Gaeltachta.

Doireann O’Sullivan – Eagarthóir Gaeilge