Machnamh ó Dhiarmuid Ó hIcí ar fhiúntas áilleacht an nádúir do bheithinse daonna.

Is fíordheacair a shamhlú i lár gruamacht dhuairc an gheimhridh an mothúchán gealgháireach a bhaineann le haeracht an tsamhraidh. I nglésholas Iúil, nuair a bhíonn glas, buí agus gorm i gcomhluadar a chéile, bíonn uaisleacht ag an saol a théann i bhfolach le donnúchán na nduilleog. Meallann an aimsir nua sluaite dímhaoine chuig gaineamh te agus uisce fuar. Buachaillí dóite ag díol uachtar leath-reoite ar thaobh na cé; ag comhaireamh an airgid go cúramach.  Daoine ag roinnt ceapairí bídeacha agus seacláid leáite, agus ag ól uisce bog faoi spalpadh na gréine, gan bhuairt sa saol acu.

Dár ndóigh, níl in aon rud ach seal, agus ní mhaireann seal i bhfad. Tá an samhradh thart, agus na cladaigh folamh. Liath, donn agus dubh atá go forleathan faoi láthair, i dteannta an fhuachta agus na stoirmeacha fiachmhara, borba. Lucht crua na tonnmharcaíochta fós san fharraige; iad ag preabadh ar na tonnta go healaíonta cosúil lé fáinleogaí ag eitilt. Bruascar leathchlúdaithe soiléir ar thaobh na mbéalta; foinse salach na laethanta meidhreacha i dteannta na luacharacha. Bíonn díláthair an ghnó soiléir, le rí-láithreacht an chiúnais agus an uaignis shuntasaí freisin.

Sílim go maireann d’anam in áit iarghúlta dorcha mar seo go nádúrtha. Tuigimid gealgháireacht na gréine, agus forlíonann sé ár gcroíthe le gliondar agus áthas nuair a bhíonn lá deas lonrach againn. Ach tá rud éigin iontach spreagúil faoi bheith amuigh i bhfuairnimh na gaoithe, le ballóga beaga uisce ag radadh d’aghaidhe, agus d’fhuil ag druidim i dtreo an reophointe. Tarraingíonn sé bunús na beatha chuig d’aigne, agus cuireann sé tú i dteaghmháil le smaointe níos tábhachtaí ná gnáthsmaointe laethiúla. Ceisteanna faoi lárionad ár mbeithinse, nach bhfuil pléite againn ach amháin nuair a bhímid caochta ag am Nollag i measc seanchairde ná gaolta machnamhacha.

In áit chómh fiáin, feidheartha le cladach cois farraige, is minic freisin a bhíonn saoirse iomlán agat. Scoite ón bhfíorshaol, amuigh i d’aonar leis na pórtáin neamhbheo agus na faoileáin ghlórmhara, in éineacht leat féin amháin. Gan strus na hoifige nó brú freagrachtaí ag slabhrú isteach i d’intinn, ach tréigthe i n-oileán do mheabhrach féin. Is dúshlán éagsúil atá i gceist do chorp a ligean ó bheith faoi ionsaí leanúnach na haimsire d’aon ghnó, gan chúis ar bith ach d’aigne a scaoileadh saor.

Níl greadóg níos éifeachtaí ar maidin Shathairn ná eanglach bog na siúlóide. Cloisimíd go minic faoi fholcadáin oighir na bhfoirne spóirt gairmiúla, agus na buntáistí a bhaineann leo ar thaobh matán gortaithe agus a leithéid.

Ní caitheamh aimsire na sluaite atá i gceist agam; tuigim é sin. Cuireann an fuacht an ruaig orainn go léir i lár an gheimhridh; b’fhearr linn a bheith cois tine le leabhar clóite, cupán tae, agus scannán seanfhaiseanta á léiriú ós ár gcomhair. Is annamh a bhíonn scata dúinn sásta aghaidh a thabhairt ar scáthán fíochmhar na mara, cos a thógaint as an limistéar sábhailteachta a líonann formhór ár saolta.

Dár ndóigh, múineadh dúinn meas a bheith againn ar an muir. Is féidir léi bheith chomh fiáin le beithíoch allta ar laethanta éagsula; agus mar choileáinín soineanta uaireanta eile; pé séasar atá i gceist. Caithfear aire a thabhairt ar ár muireanna pearsanta, ionas nach gcailltear muid i measc na dtonnta bán. Ach is beag an luach ar bheatha gan iad a fheiscint, sílim.