Tuairimíocht ar Uile-Láithreacht na Teicneolaíochta i láthair na huaire agus a Drochthionchar do Chumarsáid Dhaonna

Ní féidir maireachtáil gan an teicneolaíocht sa lá atá inniu ann. Is beag duine nach bhfuil fón póca acu agus méid mór astu siúd is ‘fóin chliste’ nó smartphones atá ann. Tá ná gléasanna nua-aimseartha seo ar chaighdeán i bhfad níos airde ná mar a bhíodh ríomhairí fiche bliain ó shin. Dom féin go pearsanta, is é an ní deireanach a dtugaim aghaidh air istoíche é agus an chéad ní a lorgaím aimsir na maidine. B’fhéidir go bhféadfaí úsáid na maidine a mhaitheadh dom toisc go n-úsáidim feidhm an aláraim chun mé a dhúisiú ach i ndiaidh é a mhúchadh ar aghaidh liom ag fiosrú má tá aon ríomhphoist nua faighte agam i mo chuntas pearsanta nó mo chuntas ollscoile, nó má tá aon téacstheachtireachtaí, teachtaireachtaí Facebook nó Snapchats faighte agam i rith na hoíche. Coinníonn sé sin gnóthach mé ar feadh deich nóiméad ar a laghad. Bíonn cúpla nuashonrú úrnua a déanadh faoi thionchar an óil agus go hiondúil ní bhíonn mórán céille ná brí ag gabhadh leo. Ach breathnaím orthu fós mar cuireann an rud beag buí soir mé.

Déanaim na nithe seo a sheiceáil arís roinnt uaireanta chuile huair ar feadh na cuide eile den lá. Ní cumarsáid phráinneach atá ann don chuid is mó. Bheadh sé ní b’éifeachtaí dá bhfanfainn go dtí an tráthnóna agus dá seicfeálfainn gach rud in aon bheart amháin. Ach ansin ní bheinn in ann bheith ag breathnú síos ar m’fhón an lá ar fad agus seans go ndéanfainn teagmháil súl le duine agus go mbeadh orm labhairt leo! Samhlaigh cé chomh holc a bheadh sé sin.

Ní raibh an Domhan mórán níos measa as tríocha bliain ó shin nuair nach bhféadfaí brath ar ghréasán bídeach leictreonach i bpócaí daoine le bheith i síor-theagmháil leo. Is amhlaidh go mbíodh cúrsaí ní b’fhearr i mo thuairimse. Níl aon éalú sa lá atá inniu ann. Ar ndóigh, tá uaireanta ann ar mhaith le daoine go mbeifí in ann cumarsáid a dhéanamh leo ar an toirt, má bhíonn géarchéim ag gaol leo mar shampla. Ach an fiú an truflais agus an meillt ama ar fad nach mór cur suas leis idir an dá linn? Ma smaoiním ar an méid ama ar chaith mé ar Facebook i mo shaol agus an méid leabhar neamh-acadúil atá léite agam le cúpla bliain anuas cuireann an chodarsnacht ghéar náire orm.

Is fualang a chruthaíonn na nithe seo i mo bharúil, seachas saol níos fearr. An mó brí a bhaineann le ‘like’ a thabhairt do mheme éigin ar line nó ligean don Réaldhomhan i do thimpeall dul i bhfeidhm ort. Ní dóigh liom go bhfuil aon cheist faoi seo.

Nílim ag moladh go bhfillfimis ar Ré na Clochaoise. Is féidir linn úsáid a bhaint as na nithe seo fós, ach caithfimid bheith iomlán saor uathu anois is arís chomh maith. An réasúnú a dhéanaim go bhfuil cuntas Facebook agam fós ná go bhfuil codanna de mo shaol sóisialta nach bhféadfadh bheith agam murach é. Is trua an scéal sin measaim. Ag cóisirí is minic a fheiceann tú gach éinne ag stáineadh ar fhón nó ríomhaire agus is é cumarsáid leictreonach an t-aon chumrsáid a bhíonn ar siúl sa seomra, rud atá chomh mí-shóisialta nach bhfuil sé greannmhar fiú.

Tá an Carghas nach mór thart, is cuma má tá tú i do Chríostaí nó nach bhfuil. Ach táim chun cúlú siar ón teicneolaíocht ar aon nós. Cad fúibh?

________________________________________________________________________________________

Dónal Ó Catháin  Scíbhneoir Gaeilge