Ina gcuireann Dónal Ó Catháin síos ar an eispéaras de bheith ar stáitse ós comhair na ndeicheanna de dhaoine.

Bhí mé ar mo laethanta saoire sa bhFrainc an samhradh seo, cialis sale i mo shuí laistigh toisc go raibh sé chomh te lasmuigh gur tapúla a leáfainn ná dáth gréine a fháil. Ar mo ríomhaire a bhí mé toisc go raibh na boscraí uile Scrubs a bhí sa teach feicthe agam tar éis dhá lá. Ba chosúil go raibh an ceangal idirlín á chumhachtú ag francach i roth súgartha bhí imithe ar stailc.

Ansin an “ping” álainn, an fhuaim mhilis a dhéanann Facebook nuair a fhaigheann tú teachtaireacht nua. Ba ó Eoin Ó Murchú a bhí sé, dochtúir leighis, a bhí dífhostaithe go dtí le déanaí, a bhíonn ag saothrú ó bhreacadh go deireadh an lae chun an Ghaeilge a chur cinn. Ina shárlaoch teanga atá sé go bunúsach. Nuair nach mbíonn an Murchach gafa ag feachtas Gaeilge de chineál éigin is cosúil gur féidir leis bheith cineál greannmhar. Tháinig sé sa dara háit sa tsraith “An Gaeilgeoir is Greannmhaire” ar TG4. Bhunaigh sé féin agus dlúth-chara leis, Andy Ó Faoláin, duine eile ar éirigh go maith leis sa chomórtas úd, oíche ghrinn rialta Ghaelach darbh ainm Gaelgáirí. Bhí an oíche chomh ráthúil gur tugadh cuireadh dóibh teacht chuig an bPuball Gaeilge a bhíonn ann chuile bhliain ag an bPicnic Leictreach. Is ag tabhairt cuiridh dom teacht chuig an bhféile mar chuid de Ghaelgáirí a bhí an teachtaireacht. Bhí ríméad an domhain orm agus ghlac mé leis an gcuireadh láithreach.

Tá sé iontach bheith ag an bPicnic Leictreach mar fhuirseoir. Ar an gcéad dul síos, ní gá íoc as ticéad! Freisin, is féidir cannaí a thabhairt isteach chuig an bPríomh Ionad, rud nach bhféadfadh gach éinne eile a dhéanamh go dtí gur dhún na beáir istoíche.

Ach leis na buntáistí, agus tá a lán díobh ann, bíonn míbhuntáiste nó dhó. An chéad cheann acu ná gur gá dul ar stáitse uair éigin. Ag deireadh an lae is í sin an chúis a bhfuil tú ann. Tá roinnt rudaí dúshlánacha déanta agam i mo shaol, ach is é dul ar stáitse ag iarraidh grinn a insint an ceann is deacra acu.

Ní chabhraíonn sé gurb as Gaeilge atá sé. Ta sé deacair go leor bheith greannmhar i do theanga féin, gan trácht ar mhíthuiscint bheith ann faoina mbíonn á rá agat freisin. In ainneoin an mhéid de do sheit a fhoghlamaíonn tú roimh ré, ní éiríonn leat cuimhniú air ar fad agus tú faoin spotsholas.

Tá caint ghrinn cineál antoisceach sa chaoi is go bhféadfadh go n-éireodh go han-mhaith ach mura bhfuil ag éirí go maith leat bíonn sé uafásach ar fad. Ar an drochuair is faoin dara catagóir a thiteann mo sheit ag EP. Tubaiste amach is amach. Bhí trí sheit déanta agam roimhe sin agus ba é sin an ceann is measa astu ar fad. Níor éirigh liom ach cúpla gáire a fháil, ach fós féin, fuair mé an deis dul chuig an bPicnic Leictreach saor in aisce, mar sin, ní féidir liom mórán de ghearáin a dhéanamh.

Bhí na ceoltóirí a ndeachaigh mé chucu thar barr, London Grammar, James Vincent McMorrow, an Booka Brass Band agus go leor leor eile. Bhí atmaisféar leictreach, GOA, ann don deireadh seachtaine iomlán. Táim ag súil go mór leis an mbliain seo chugainn.