Is iad leabhair chultais an cineál leabhair a aimsítear i bpócaí dúnmharfóirí. Dúnmharfóir John Lennon, bhí The Catcher in the Rye á iompar aige nuair a mharaigh sé é agus is cosúil gur cheap sé gur Holden Caufield, príomhcharachtar an leabhair chéanna, a bhí ann féin. Cuirtear an leabhar seo i gcatagóir an fhicsin chultaigh go minic. Leabhar eile ná Growing Up Absurd le Paul Goodman, a bhí á léamh ag matamataiceoir Meiriceánach, Ted Kaczynski, a fhad is a bhí sé ag scaoileadh buamaí i Meiriceá chun aird a tharraingt ar an laghdú atá tagtha ar shaoirse an duine faoin gcóras caipitlíoch.

Deirtear gurb é Crá Croí Werther Óg le Goethe a chuir tús le ficsean an chultais. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1774 agus is cosúil go raibh an-tóir air i measc fear óga rómánsacha na hEorpa a raibh crá croí fulaingthe acu. Chuaigh an t-úrscéal seo chomh mór sin i bhfeidhm orthu gur tháinig borradh ar an ráta féinmharaithe ina measc agus iad ag leanúint sampla Wether. Tarraingíodh aird, dá bhrí sin, ar an bhfeiniméan ar a nglaoitear “féinmharú aithrise” – nuair a mharaíonn duine é féin i ndiaidh do chara leis nó do dhuine ar aithne aige é a dhéanamh. Ar ndóigh, baineadh stangadh as scríbhneoirí agus údaráis na haoise nuair ba léir gur chúisigh an leabhar seo na féinmharuithe seo. Athscríobhadh deireadh an leabhair ionas nach gcuireann Werther lámh ina bhás féin ach bhí conspóid ag baint leis seo, ar ndóigh. Ar aon chuma, thaispeáin an eachtra seo an chumhacht a bhí ag an litríocht dul i bhfeidhm ar shaol an ghnáthphobail i ndiaidh don chlóphreas teacht ar an bhfód go gairid roimhe sin.

Is deacair cur síos cruinn a dhéanamh ar thréithe sainiúla an genre litríochta seo, agus d’fhéadfá a rá nach bhfuil tréithe sainiúla coitianta ar bith ag na húrscéalta a gcuirtear lipéad an fhicsin chultaigh orthu. Ach tá rudaí áirithe i gcomónta ag úrscéalta cultais: na mothúcháin a mhúsclaíonn siad in aigne na léitheoirí, cuir i gcás: an chaoi a dtéann siad i bhfeidhm ar na léitheoirí agus a mbíonn na léitheoirí faoi anáil acu. Déanann léitheoirí ionannú chomh mór sin leis an úrscéal go ndéanann siad déithe de charachtair áirithe sa leabhar agus go nglacann an t-úrscéal suntas reiligiúnda nó thar a bheith suntasach ina saol. Go bunúsach, deirtear go bhfeidhmíonn siad mar bhíoblaí pagánacha de chineál do léitheoirí áirithe.

An bhfuil a leithéid de leabhair chultais ann sa Ghaeilge? Dá gcuirfeá ceist ar dhaoine óga Éireannacha céard iad na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu is annamh an duine a luafadh leabhar Gaeilge leat. B’fhéidir go mbeadh corrGhaeilgeoir ollscoile a luafadh leabhar Gaeilge éigin duit ach ní chuireann an chuid is mó de mhuintir na tíre mórán suime i litríocht na Gaeilge. Ar ndóigh, is annamh an duine a bheadh dóthain Gaeilge aige, fiú, chun leabhar Gaeilge a léamh. Dá bhrí sin, is dócha go bhfeadfaí a rá gur litríocht chultach gach uile leabhar a scríobhtar sa Ghaeilge, sa mhéid is go bhfuil údair na Gaeilge ag freastal ar phobal beag léitheoireachta, a fhaigheann inspioráid agus dóchas ó leabhair scríofa sa teanga. Na léitheoirí Gaeilge, is dream iad atá tugtha don teanga agus a bhfuil tionchar mór aici ar a bhféiniúlacht agus, dá bhrí sin, ar a saol. Is bocht an cás é go bhfuilim ag cur léitheoirí na Gaeilge i gcomparáid le léitheoirí an fhicsin chultaigh, ach caithfear a rá gurb amhlaidh atá. Is beag duine, i dtéarmaí daonra iomlán na tíre, a fhaigheann sólás nó spreagadh ó leabhair Ghaeilge. Cheapfá go mbeadh níos mó léitheoirí Gaeilge ann, agus formhór de mhuintir na tíre tar éis ceithre bliana déag a chaitheamh leis an teanga sa seomra ranga.

Eoin Ó Cróinín