Ina leabhar 1984, help scríobhann George Orwell faoi thráth a bhfuil gach pioc eolais faoin saoránach le fios ag na hudaráis. Níl a leithéid de phríobháideachas ann, order coimeádtar súil ar a ndéanann gach duine agus is gnáthchuid den saol é an múnlú intinne.

Más coitianta leat an méid seo, malady is éard is cúis leis ná go maireann muid i linn a bhfuil gach rud fúinn ar fáil ar an idirlíon. Sonraí bainc, sloinne díomhaoin do mháthar, an cineál pornagrafraíochta is fearr linn, fiú – tá siad uilig ann.

Achan uair a dhéanann muid rud a chuardach ar Google, ar Youtube, fiú ar shuíomh ár n-ollscoile uaisle féin, coimeádtar taifead air. Ach murab ionann agus i ndomhan Orwell, ní hiad  na húdaráis a shealbhaíonn an fhaisnéis sin, ach Google. Coimeádann an comhlacht cuardaigh an fhaisnéis ar feadh naoi mí, ar mhaithe le modhanna cuardaigh a fheabhsú, dar leo.

Daoibh siúd atá mar chuid den 150m timpeall an domhain a úsáideann Gmail, tá seans gur thug sibh faoi deara cheana féin go mbíonn na fógraí ag barr do bhosca isteach thar a bheith ábhartha lena bhfuil faoi chaibidil sna ríomhphoist ar do scáileán. Is amhlaidh go léann Gmail do ríomhphost agus go soláthraíonn sé fógraí a thagann le hábhar na teachtaireachta.

Ní hamháin go gcoimeádtar taifead ar a ndéanann muid ar an idirlíon, ach a bhuí le suíomhanna ar nós Facebook, ní féidir dearmad a dhéanamh riamh ar aon rud a dhéanann muid san fhíorshaol ach oiread.

Is oth nach bhfanann a dtarlaíonn i Vegas ann a thuilleadh. Faoin am a shroiceann tú abhaile tar éis oíche ar an drabhlás na laethanta seo, bíonn d’fhíorthuairimí ar do shaoiste oibre agus ar mháthair do ghrá ghil le feiceáil ar Facebook i lántaifeach HD – agus iad beirt ina “gcairde” leat, ar ndóigh!

Ó 2005 i leith, táimid tar éis na mílte miliún pictiúr agus físeán dínn féin a chur in airde ar an suíomh sóisialta. Bionn muid lán sasta gach gné dár saol a roinnt go hoscailte leis na miliúin daoine – ár mothúcháin agus ár dtuairimí is láidre, agus an truflais is leadránaí agus is neamhthábhachtaí ar aon.

Ach dá maolódh riamh an fonn orainn gach uile smaoineamh linn agus íomhá dínn a dháileadh ar an saol, ní fhéadaimis fáil réidh lenár n-abhatáranna. Níl cead proifílí Facebook a scriosadh; bíonn siad “díomhaoin”  go dtagann muid ar ár gciall agus go gcuireann muid beocht iontu arís.

Nuair a tháinig 1984 ar an bhfód i lár an fhichiú haois, cuireadh buairt nach beag ar an saol mór go gtiocfadh Big Brother agus go scoibfeadh sé gach gné dár saol príobháideach. Bhítí ag creathnú roimh thráth nach bhféadfadh duine maireachtáil gan súil ghéar agus taifead á  gcoimeád ar achan imeacht leis. Seans gur tháinig an Deartháir Mór fiche bliain níos déanaí ná a rabhthas ag tnúth leis, ach ní eagla nó drochamhras a cuireadh roimhe, ach fáilte chroíúil.

 

Breandán Mac Ardghail