Irish Gaelbreak ag teacht 2An ndearna tú cúrsa samhraidh sa Ghaeltacht riamh? An raibh sé dúshlánach Gaeilge a labhairt ar feadh trí seachtain inti? An bhfuil tú ag iarraidh dúshláin Ghaelaigh eile? Imeacht ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Gaeltacht, gan Béarla, gan airgead. An bhféadfá é a dhéanamh? Seo é an dúshlán atá romhaibh. I seimeastar a dó beidh dúshlán Gaelbreak ag tarlú. Ag tosú ar an 6ú Feabhra, is deis iontach í chun bualadh le gaeilgeoirí ar fud na tíre. Is casadh é seo ar an imeacht ‘Jailbreak’ a bhí á rith le ceithre bhliain anuas. An uair seo ní hamháin gur gá imeacht gan airgeadh ach caithfear imeacht gan ach Gaeilge a úsáid. Beifear ag clárú na bhfoirne i rith thréimhse na scrúduithe , ón 16 – 17 Nollaig ó 4 – 6 in Ionad na Mac Léinn UCD. Beidh costas €50 ar foireann de bheirt chun clárú!