Chaith mé bliain den chéad scoth anuraidh i nDeisceart na Fraince in Montpellier ar Erasmus agus rinne mé staidéar ar an Eacnamaíocht trí Fhraincis ann. Ba bhliain iontach é, rinne mé go leor taistil sa Fhrainc agus go tíortha eile. Bhí an deis agam cultúr na Fraince a bhlaiseadh chomh maith le snas a chur ar mo chuid fraincíse agus ba thaithí dochreidte é. Mothaíonn sé mar bhriongoid uaireanta agus bíonn orm breathnú ar na pictiúir agus labhairt leis na cairde a bhí ann le cinntiú gur tharla sé in aon chor.

Is í Montpellier an seachtú cathair is mó sa Fhrainc agus shil mé go raibh méid na cathrach foirfe dom. Bhí rogha iontach ann ó thaobh beáranna, bialanna, siopaí caife agus siopa beaga gleoite ach ní raibh sé rómhór go n-éireofaí caillte.  

Tá sé an-bheomhar agus tá go leor mic léinn ann agus bhíodh féile éigin ar siúl i gcónaí ar nós féile fíona,scannánaíochta nó fiú spórt guaisbheartaíochta. Ag am Nollag bhí margaí nollag ann agus boladh dochreidte crȇpes agus scailtín fíona san aer.

Mhair an aimsir dheas ar feadh i bhfad agus bhí mé ag sú na gréine ar an trá ag tús na Samhna. Táim sásta a bheith ar ais in Éirinn ach nuair a bhíonn orm cóta agus géansaí a thógáil chun na hollscoile agus uaireanta fada á gcaitheamh agam sa leabharlann, bá bhreá liom dul ar ais go dtí mo shaol sa Fhrainc ar feadh lá nó dhó.

Mhothaigh mé ispíní, greann na hÉireann, mo chlann agus mo chairde uaim ach ní raibh mé ag súil go mothóinn an Ghaeilge uaim. In Éirinn táim an-chairdiúil le daoine a dhéanann staidéar ar an nGaeilge nó le suim sa Ghaeilge agus mar sin nuair a chuaigh me thall chun na Fraince Ní raibh na deiseanna céanna ann seachas ar oícheanta amach agus dár ndóigh na ‘voice notes’ iontacha ar Whatsapp.

D’éist mé le ceol as Gaeilge agus le Raidió na Gaeltachta ach níl sé mar an gcéanna le bheith ag déanamh cumarsáide go rialta as Gaeilge mar a dhéanaim in Éirinn.  

Bhí cara liom ar Erasmus in Bordeaux agus thug mé cuairt uirthi ar feadh deireadh seachtaine. Is gaelgóir í freisin agus labhraíomar as Gaeilge an t-am ar fad beagnach lena chéile. B’athrú é ar dtús a bheith ag cainte as Gaeilge ach tar éis leathuaire ní raibh srian ar bith orainn agus muid ag labhairt faoinár dtaithí éagsúla thar lear. Bhí ‘niche joke’ ann go ndeirimís ‘i mBordeaux’ in áit in Bordeaux agus cé go bhfuil sé amaideach mar joke, chuir sé mé ag gáire go mór.  

Bhain mé an-sult as an turas, ní hamháin toisc gur cathair iontach í Bordeaux agus an fáilte mhór a chuir sí romham ach gur chaitheamar ár n-am ag caint is ag cómhrá as Gaeilge. Níor fhill mé go hÉireann go dtí am na Nollag mar sin ba mhór an ardú meanma an turas sin le mothú go bhfuil tú sa bhaile agus le luachanna an bhaile nuair nach mbíonn tú ann.

Ba é an chéad uair dom a bheith i mo chónaí as an mbaile agus bhí roinnt rudaí deacair le dul i dtaithí orthu. Ina measc, ní dheachaigh mé i dtaithí riamh ar thraidisiún na Fraince go ndúnann na siopaí ar fad ar an Domhnach. Ní bheadh uaim ach brean beag (nó brean mór ba chóir dom a rá – is maith liom go leor bainne i mo thae!) don chupán tae. Is óltóir leann úll mé agus mar sin bhí mé croí briste nuair a thuig mé go mbeadh orm morgáiste a thógáil amach chun €7.40 a íoc le haghaidh píonta sa teach tabhairne Éireannach

Bhí mé chomh croíbhriste faoi sin gur thóg mé Orchard Thieves ar ais liom ó Éirinn i mo chás agus nuair a chuamar go Barcelona, cheannaigh stoc Magners le bheith cinnte nach rithfinn amach. Ceann de na rudaí ba dheise a bhraith mé ná dá mbuailfeá le duine Éireannach ann, thug siad tacaíocht duit agus bhí gach duine an-chairdiúil dá chéile agus bhíomar mar phobal beag ann.

D’fhreastail mé ar ranganna Fraincíse le daoine eachtrannacha eile, ón nGéarmáin, ón bPolainn, ón mBeilg, ón Ailgéir agus níos mó. Sa chéad lá, chuamar timpeall na ranga ag caint fúinn féin agus dúirt me go ndéanaim staidéar ar an nGaeilge agus níor thuig duine ar bith cad a bhí i gceist agam. Mhínigh mé go labhraítear an Ghaeilge chomh maith leis an mBéarla in Éirinn ach ní dóigh liom gur thuigeadar an scéal i gceart, rud a bhí an-spéisiúil agus an-difriúil ó Éirinn dar ndóigh.

Ceann de na rudaí ba shuantasaí agus nach raibh mé ag súil le ná gur cheap mórán daoine go raibh baint ag Éirinn le breatimeacht agus go rabhamar ag fágáil an Aontais Eorpaigh ! Tharla seo le muintir na Fraince chomh maith le daoine ó thíortha eile a bhí ar Erasmus freisin

Cuireadh ionadh orm nuair a labhraíomar le léachtóir maicreacnamaíochta agus dúirt sé nár thuig sé cén fáth gur vótáileamar chun an Aontas a fhágáil. Ní raibh séag súil le cloisteáil nach rabhamar bainteach le breataimeacht agus ba léir gur nuacht é dó nach rabhamar faoi riail Shasana freisin. Ba shuimiúil an rud é an bearna a fheiceáil ar an cur amach atá againn ar chúrsaí na Fraince ach nach mbíonn an tuisint chéanna i gcónaí acu orainne.

Táim an-sásta a bheith ar ais in Éirinn, in UCD agus ag úsáid mo chuid Gaeilge níos minice ná mar a rinne mé sa Fhrainc. Táim ar bís faoin Oireachtas ag teacht suas go luath.Níl aon áiféala orm faoi mbliain a chaith mé sa Fhrainc. Bhain mé leas as an gcóras iompar den chéad scoth le ceithre líne tram ann agus bhuail mé le daoine iontacha ann.

Thaitin an trá, an saoirse, an beár Astrálach agus an teas liom go mór agus is aoibhinn liom go bhfuil mé ag úsáid mo Ghaeilge agus mé ar ais. Baineann fírinne leis an seanfhocal críonna, is cinnte gur glas iad na cnoic i bhfad uainn.

 

Cecily Nic Cionnaith – Eagarthóir Gaeilge