remedy serif;”>Cuimhní chinnillness serif;”> Emmet see serif;”> Ghráda ar sheachtain a chaith sé i mBun Dobhráin le gairid

Ag an tráth seo den bhliainnuair a bhíonn an aimsir ag bisiú, ní dochar dá laghad é smaoineamh a chur ort faoina rudaí a dhéanfaidh tú le do chuid am saoire. Ní i bhfad uainn aimsir na scrúduithe, agus tá sé tuillte go maith againn go léir ár scíth a ligint roimh ré – agus nach áisiúil é go bhfuil bealach iontach le móradh díobh agam anseo.

 Dúradh liom le gairid nach bhfuil a sharú ann faoi luí na gréine, ná bheith i do shuí ar do chlár toinne leis an bhfarraige fút, agus tú ag breathnú amach ar bhun na spéire, ag lorg maidhme mara móire. Fuaireas amach cé chomh fíor is atá an ráiteas sin i rith na seachtaine seo caite.

Ghlac mé seachtain iomláin saor ón Ollscoil (rud nach mholfainn d’éinne i dtaobh an staidéir) agus chaith mé i nDún na nGall í. Bhí cúrsa teagascóra do mharcaíocht toinne á dhéanamh agam agus bhíos san fharraige lá i ndiaidh lae, ag baint sárshuilt as an saol. D’éirigh mé go moch ar maidin chuile lá, roimh éirí na gréine go minic, agus ar aghaidh san fharraige liom. Bheadh iontas as cuimse orm ansin agus an ghrian ag gobadh aníos ó chlár na cruinne ar imeall na mara – mar a bheadh créatúr fiosrach ag féachaint orainn. Agus an láidreacht na lonrachta a bhí ag spréacharnach uaithi ar mhuir agus ar thír! Níl a leithéid eile de rud ann.

D’fhan mé i gceann de na tithe ósta i mBun Dobhráin, a bhí cois trá. Baile beag bídeach is ea Bun Dobhráin, atá lán le tithe samhraidh agus siopaí éagsúla. Chuir na daoine áitiúla fáilte fíor-chaoin romham agus ba ghearr go raibh mé compórdach ann. Bhí an cúrsa é féin go seoigh, lán le craic. Ní raibh i gceist ach roinnt cleasanna marcaíochta a thaispeáint, agus freastal ar léachtaí áirithe ar ghar-chabhair agus ar chúram leanaí. Ní raibh an chuid phraicticiúil deacair ar chor ar bith leis na tonnta álainne a bhí ann.

Is maith is cuimhin liom an mothúchán a bheadh orm agus mé ag céaslú in aghaidh na gcapall bán (sin iad na tonnta móra bána, ó bhíonn cosúlacht an chapaill orthu agus iad ag briseadh). Rith an cúrsa an-tapa agus bhí sé críochnaithe sular raibh a fhios agam.

Bhaineas aoibhneas as an tseachtain agus dhéanfainn arís é i bpreabadh na súl. Tugaim moladh is móradh duit triall a bhaint as, más rud é go mbíonn sos ón ngnáthshaol ag teastáil uait!