De ghnáth bíonn dhá mheoin ann i gcomhair tús mí Eanair agus is minic a bhíonn siad ag teacht sallach ar a chéile i measc an phobail. Deir dream amháin gur cheart smaoineamh ar an t-am seo bliana mar tús nua, lán le féideireachtaí agus eachtraí speisiúla fós le bhlaiseadh. Is féidir linn nósanna nach n-oibríonn ar ár son  a thuilleadh a chaitheamh amach agus cinn nua a chur ina n-áit. Braitheann dream eile náireach faoin am agus airgead ar chuir siad amú agus faoi na deiseanna nó éachtanna nach bhfuil bainte amach acu gó fóill, (b’fhéidir toisc go raibh siad amach ar an dreamhleas nó áit éigin eile), agus bíonn rian a gcinntí leagtha amach go soiléir dóibh.

Is cuma cén leath den tuairim ina luíonn tú go phearsanatúil i náiríre. Déarfainn go bhfuilimid go léir ag luascadh eatarthu ag aon am amháin. Ach nuair is mac léinn ollscoile thú is fiú smaoineamh ar na cúinsí eisciachtúla a bhíonn  i gceist nuair a smaoinítear ar an gcoincheap sin. Is é an chéadsprioc atá againn ná céim a bhaint amach agus post a fháil i ndiadh sin, ach bíonn dualgas níos mó orainn freisin. Don chuid is mó dúinn, is iad na laethanna ollscoile na cinn ina fholaimaímid an t-uafás rudaí nua, idir na hábahair a chuireamar síos ar an liosta CAO agus an ag am céanna conas an saol mór a lámhseáil mar daoine fásta don chéad uair riamh. Caithfidh gach mac léinn gnáthnós  a chur ar bun chun cothromaíochas a aimsiú idir na heilimintí sin go laethúil. Is féidir liom a adhmháil go macánta gur éacht ar leith é sin uaireanta.

Mar sin, bíonn neart deacrachtaí le sarú chun fiú  jobanna laethiúla a chur i gcrích. Conas ar féidir linn féinforbrú a dhéanamh san am saor atá fágtha againn? Fograítear go poiblí sa mheáin gur chóir dúinn i gcónaí a bheith ag iarraidh eagrán níos fearr dúinn féin  a chruthú  (Mar a dúirt Molly Mae Hague go feasach, ‘We all have the same 24 hours in a day!!). Is dócha go bhfuil maitheas ag baint leis an ráiteas sin go hidéalach, ach bíonn sé i gcónaí deacair an chéad chéím a thogáil chun na brionglóidí móra a bhíonn ag ceachtar againn a chruthú.

https://docs.google.com/forms/d/1DH2imWDYNJ5BYqkTvT7cI6vbrfY5h_6_KzrGzpUkBs0/edit

Creidim gur ag an pointe sin  a bhíonn cabhair agus treoir ag teastáil go géar ag iomaitheoirí. Leannan sé le ciall go mbeadh an coláiste mar institiúid fregarach  na seirbhísí caoi a bhíonn á lorg ag mic léinn a sholáthar. An ea go bhfuil sé sin déanta ag UCD? Tá na foirginimh oscailte i gcomhréir leis na srianta cinnte, ach ar bhain tú trial as áit sa gym a chur in áireamh? Is cosúil le ticéidí óirge Willy Wonka na spásanna sin. Ansin má tá tú ag iarraidh cara a aimsiú agus gearrán a dhéanamh faoin bpróisis, bíonn gach ionad ina geaptar go mbeadh cupán caife le bheith ar fáil dúnta roimh a cheathair san iarnóin!

Is sampla seafóideach é sin cinnte ach léiríonn sé tuarim na mac léinn ina bhfuil comhráití agam  leo go rialta. Nuair nach bhfuil rochtain ag mac léinn ar na seirbhísí breise sin, tagann laghdú ar a gcuid misneach agus ní dhéantar aon idirdhealú ó lá amháin go lá eile. Bímid mar phobail léinn ag brath ar UCD  tacaíocht a thaispeáint dúinn trí iarracht níos fearr a ndícheall a dhéanamh in aineoinn na cúinsí aisteacha i mblianna.

Nilim ag iarraidh a bheith diúltach leis an bpíosa sin. I gcodarsnacht leis na laochra cróga taobh amuigh de foirgeanamh RTE chuile sheachtain, ní credim gur bréige a bhíonn i gceist leis an bpandéim. Tuigim go bhfuil dualgas speisialta ag UCD agus ag gach ollscoil a gcuid mhic léinn a chosaint ó gach dochar. Ach, credim gur chóir doibh a gcuid polsaithe a chomhardú níos mó. Ní féídir linn na spriocanna is mó a bhíonn againn a bhaint amach nuair nach bhfuil na háiseanna dúinn tús a chur leo. Is é manna UCD ná ‘Ad astra’, ach ní leor tastáil antaigine saor in aisce ón SU chun cuairt a thabhairt orthu.

Doireann O’Sullivan – Eagarthóir Gaeilge