Roinneann Diarmaid Ó hIcí eolas críonna faoina thaithí i mBostún

Is é an J1 samhradh na haislinge in aigní na hóige. Gach bliain, no rx téann na mílte thar lear ar thóir turais, ask airgid, buy viagra agus saoire ón gColáiste. I mbliana, bhí mé ar dhuine díobh; ticéid go Bostún agus mála mór liom agus mé ag fágáil ó Bhaile Átha Cliath.

 

Ní raibh post socraithe agam féin sula ndeachaigh mé thall, agus níor thuigeas go mbeadh sé chomh deacair teacht orthu is a bhí. Chaitheas an chéad sheachtain ag dul tríd an gcathair uilig ar thóir poist; ag caitheamh mo “resumé” i dtreo gach duine a chonaic mé. Ach ní raibh mé maith go leor, áfach. D’athraigh mé mo chuid eolais, agus bhaineas triail as mé féin a chur chun cinn chomh maith is arbh fhéidir, ach theip orm. Tar éis breis is seachtain, ba mhise an t-aon duine sa ghrúpa gan phost. Mo náire, i m’aigne.

 

Dá bharr, chuas síos go Halla na Cathrach i gCambridge agus mé naoi lá ann, áit ar cheannaigh mé “Street Performance Permit”. Is feadógaí mé, agus bhí cúpla ceann sa mhála agam ag teacht thar lear mar tháinig mé in éineacht le cúpla ceoltóir eile. Ar a laghad (cheap mé), bheadh airgead ag teacht isteach, agus bheinn in ann post a lorg agus airgead a thuilleamh ag an am céanna. Plean iontach, a Dhiarmó! Cheannaigh mé buicéad mór liath, agus chuaigh mé chuig Cearnóg Lárnach (Central Square) i gCambridge, Massachusetts chun cúpla pingin a thuilleamh dom féin.

 

Thóg mé suíochán, agus chuireas mo bhuicéad síos. Thugas sracfhéachaint timpeall; bhí níos lú ná deichniúr eile ina suí timpeall na cearnóige, cuma andúiligh ar gach duine acu. Thosaigh mé ag seinm. Bhí an ghaoth ag séideadh, agus é ag glacadh cuid den fhuaim léi. Chualas béicín beag ó bhean a bhí nach mór deich méadar uaim. Lean mé ar aghaidh ag seinm. Leathshlí tríd, tháinig fear beag suas chugam, agus sheas sé díreach ós mo chomhair. Leanas ar aghaidh. Níor bhog sé. Chríochnaigh mé ag seinm, agus d’fhéachas air. Bhíos leathchinnte go raibh sé chun buaileadh a thabhairt dom. D’oscail sé a bhéal, agus leis an mblas Bhaile Átha Cliath is láidre a chualas riamh, dúirt sé; “Ar mhaith leat seinm ós comhair mo bheáir don lá? Tabharfaidh mé fiche dollar duit”.

 

“Go brea”, dúras. Agus sna laethanta ina dhiaidh, leanas ar aghaidh ag seinm ós comhair an bheáir agus i gCearnóg Harvard. Lean sé sin ar aghaidh ar feadh seachtaine, measaim. Laistigh de 24 uair ansin, fuaireas ceithre phost éagsúla – ceann díobh ón mbeár. Thógas é láithreach, agus bhí mo shamhradh faoi sheol, ar deireadh thiar thall!

 

Is dócha gur fhoghlaim mé a lán rudaí as an gcuardach. Is fíor go gcaithfear teipeadh roinnt uaireanta sula mbíonn an “bua” agat, in aon chomhthéacs. Is fíor freisin go gcabhraíonn sé go mór leat nuair a bhíonn Éireannaigh eile timpeall, agus nuair a bhíonn tú ullmhaithe i gceart. É sin ráite, ní athróinn an tslí a ndearna mé an J1 in aon slí dá mbeadh deis agam, sílim. D’fhoghlaim mé i bhfad níos mó ón tslí a ndearna mé é.

 

Níl an stíl sin J1 ó gach éinne. Bhí cara liom thall chun airgead a dhéanamh dá Erasmus, agus d’oibrigh sé go crua. Bhí post aige ó Mhí na Márta. Laethanta éagsúla, d’oibrigh sé 12-14 uair sa lá. Bhí tuirse air an t-am ar fad. Bhí an-chraic aige lasmuigh den obair, ach bhí samhradh an-chrua aige ag an am céanna. Bhí cairde eile nár oibrigh mórán, agus bhí aithne agam ar dhaoine nach raibh ag obair ar chor ar bith – thall díreach ar mhaithe do laethanta saoire ollmhóra a chaitheamh le hairgead a rinneadar i rith na bliana roimhe.

 

Níós mo ná an taisteal, an chraic, nó na cairde nua a fuaireas thall, an rud a bheidh mé ag tógaint as an samhradh ná an tábhacht a bhaineann le hobair, agus na ceachtanna a fuaireas ó mo thréimhse dífhostaíochta. Is fiú obair go crua chun rud maith a chruthú, agus is fiú slite eagsúla a chruthú chun tú féin a choimeád socair!