Léirmheas ón Murchach ar alt de chuid Le Monde faoi na cluichí Gaelacha.

Le blianta beaga anuas tá cluichí Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tar éis dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine ar fud na cruinne. Na laethanta seo, tá an cumann níos láidre ná mar a bhí riamhh, agus le cúnamh teicneolaíochta, tá fáil ar ár gcluichí ársa ar líne, pé áit ar domhan ina bhfuil tú. Is cinnte go meallann an phoiblíocht seo turasóirí chuig Stáid Semple lá chluiche ceannais na Mumhan, nó chuig Páirc Loch Garman tráthnóna gréine, ach is annamh a chloistear faoi chuairteoir a ghlacann an dúshlán air féin fíoreolas a chur ar chúlra agus ar chultúr an dá spórt. Iriseoir is ea Bruno Lesprit atá fostaithe ag an nuachtán is mó clú sa Fhrainc, Le Monde. Ar an 21 Márta 2015, foilsíodh alt dá chuid sa nuachtán, a thug mionchur síos ní hamháin ar na cluichí iad féin, ach ar na traidisiúin a bhaineann leis na cluichí a mhaireann i measc an phobail.

’Vous avez vu “Braveheart”, de Mel Gibson? Eh bien, le hurling, c’est pareil ! Oui, je sais, le film se passe en Ecosse, mais l’esprit est le même : il faut du courage et du cœur.’

B’in an míniú ba shimplí a d’fhéadfaí a thabhairt do mhuintir na Fraince ar choincheap na hiomána! Is léir ó thús an ailt go bhfuil Lesprit faoi dhraíocht ag an spórt, agus is deacair dó a chreidiúint go léiríonn imreoirí amaitéaracha an oiread sin bróid agus díograise dá gcontaetha agus dá gclubanna. Is éard atá eisceachtúil faoin alt seo, a scarann amach ó thuairiscí eile é, ná go léirítear suim agus tuiscint ar leith ar Chraobh na gclub, agus ní dhírítear ar chluichí idirchontae amháin. Luann sé an nós bliantúil go n-imrítear Cluiche Ceannais na gClub ar Lá Fhéile Pádraig i bPáirc an Chrócaigh, agus tugann ainmneacha na bhfoirne a ghlac páirt ann i mbliana.

I ndáiríre, is é an t-éileamh ollmhór atá ar na cluichí sa tír a chuireann iontas ar Lesprit, nuair a thugtar le fios dó gurb iad na cluichí is mó a bhfuil spéis ag pobal na tíre iontu, a bhfuil breis is 650,000 ball ag an eagraíocht. Feictear dó nach ar an rugbaí ná ar an sacar atá an chuid is mó de mhuintir na hÉireann dírithe, ach an an iomáint agus an bpeil. Rud eile a bhfuil súntas ag baint leis sa tuairisc ná go n-éiríonn leis an scríbhneoir an t-atmaisféar ag na cluichí a chruthú go healaíonta ag na cluichí. Nuair a thug iománaithe na príomhchathrach aghaidh ar Thiobraid Árann i gcéad-bhabhta na sraithe, bhailigh muintir na háite le chéile i dteach tábhairne Chraobh Chiaráin, taobh le Páirc Pharnell, agus Bruno Lesprit ina measc. Is ansin a d’aithin sé na luachanna a bhaineann le pobal na hiomána i nginearálta. Níl a leithéid le fáil in aon áit eile.

Ábhar spéise ann féin is ea gur ar lucht intleachta na Fraince atá an tuairisc, agus an nuachtán go deimhin, dírithe. Léiríonn an foilseachán seo, a chlúdaíonn breis is dhá phríomhleathanach agus a bhfuil scata griangraf iontach ag gabháil leis, go bhfuil spéis ag muintir na Fraince i gcluichí CLG, agus is cinnte gur ábhar mór dóchais é seo don eagraíocht iad féin, atá ag iarraidh go bhféachfaí ar a gcluichí ar scála domhanda. Feictear domsa mar sin, nárbh é Sky an bóthar ba thairbhí don chumann, agus seachas díriú ar fhoinsí ioncaim mar sin i gcónaí, ba chóir muinín a chur sna meáin náisiúnta i dtíortha eachtranacha, a chuirfeadh an spórt chun cinn ar scála i bhfad ní ba mhó, go háirithe agus é léirithe ag an bpobal go mbeadh tóir ar a leithéid. Tuairim is ea é nár mhiste a fhiosrú.

Bíonn tionchar láithreach ag na cluichí gaelacha ar chuairteoirí i gconaí ar theacht chun na tíre dóibh. Téann luas millteanach na hiomána, chomh maith le crógacht na n-imreoirí go mór i bhfeidhm orthu siúd a fheiceann den chéad uair é. Is deas leithéidí Bruno Lesprit a fheiceáil, atá sásta dul i ngleic leis na cluichí agus an cultúr a bhaineann leo a shú isteach agus a roinnt lena phobal féin. Léiríonn an tuairisc seo i nuachtán Le Monde go bhfuil saol breá fada ag na cluichí gaelacha.

Tá an t-alt ar fáil ag an nasc seo:

http://www.lemonde.fr/sports-extremes-insolites/article/2015/03/19/le-miracle-gaelique_4597164_1616626.html