Stiúrthóir: Tomás Ó Súilleabháin

Cliar: Dónall Ó Héalaí, Saise Ní Chuinn, Dara Devany, Eoin Ó Dubhghaill

Fad reatha: 86 bomaite

Éire. Conamara. 1845.

Áit a mbíonn an scannán ‘Arracht’ lonnaithe.

Ainnise. Anró. Gorta.

An bhail a bhíonn ar an tír agus ar a muintir.

Más sa tóir ar léiriú scannánaíochta faoin Ghorta Mhór atá tú, ní thiocfaidh tú ar a leithéid anseo. Insíonn ‘Arracht’ scéal corraitheach fir aonair agus é ag troid ar son a mharthanais le linn an Ghorta Mhóir. Bhí an scannán á shruthú beo ar líne mar chuid de Fhleadh Scannánaíochta na Gaillimhe 2020, áit a bhfaca mé féin é. Chuir sé deireadh leis an Fhleadh atá ar an fhód le dhá bhliain is tríocha.

Colmán Searcaigh is ainm do phríomhcharachtar an scéil, fear a bhíonn ina iascaire agus a mbíonn gabháltas beag cois farraige aige i dteannta a mhná agus a mhic. Tagann an crú ar an tairne ina shaol i ndiaidh dhúchan na bprátaí, ardú cíosa, agus dúnmharú gan choinne, go bhfágtar Colmán idir bás agus beatha. Tógann nia Shagart an Pharóiste lóistín le Colmán, iarshaighdiúir darb ainm Patsy a chuireann cor nach beag i gcúrsaí de dheasca a rún díoltais féin. Faraor, is í an cailín óg í Kitty a chuireann dóchas i gColmán athuair in ainneoin an saol a bheith ina aghaidh. Is ar a chéile a bhíonn a leas agus a n-aimhleas ag brath in am an ghátair, ach is gearr go mbíonn taibhsí ón am a chuaigh thart sa tóir ar Cholmán.

Ní hé seo é an cineál scannáin a mholfainn chun scíth a ligint; léiriú machnamhach atá ann a bhfuil blas na dearóile air ó thús deireadh. Bíonn coimhlint, caillteanas agus fuascailt le fáil, agus bogann an scéal ar aghaidh go mall a fhad is a bhíonn teannas a thógáil de réir a chéile.

Tá sé de bhua ag an scannán go mbíonn sé á insint ó thaobh duine aonair de. Is bealach seiftiúil é seo leis an dóigh a dtéadh an plá i bhfeidhm ar an ghnáthdhuine, an tuathánach, a thaispeáint. Cuireann sé abhaile ar an lucht féachana an tráma a bhain leis an tréimhse uafáis sin agus an rian atá fágtha aici ar mhuintir na hÉireann ó shin i leith. Go deimhin, ar choimhéad an scannáin dom féin, mhothaigh mé an tráma céanna.

Éiríonn leis an scannán domhan réalaíoch Éire na seanré a chur faoi bhráid an lucht féachana. Déanann stiúrthóir Tomás Ó Súilleabháin an-chúram de na mionsonraí maidir le slí mhaireachtála na linne sin: réiteach bídh, ullmhú leighis nádúrtha, agus déanamh bróg bocht as leathar – is iad gnásanna mar seo iad a thugann spléachadh caolchúiseach ar shimplíocht na linne.

Cuireann fallás mothaitheach go mór le hinsint an scéil fosta: tá an ghruamacht agus an duairceas a bhíonn le brath ón tírdhreach chreagach sceirdiúil fite fuaite le téamaí an chaillteanais, an éadóchais agus an bháis, agus bíonn crónán uaigneach na gaoithe agus na farraige i dtólamh le cluinstin mar thionlacan.

Ar na gnéithe is cumhachtaí sa scannán atá an scór. Tá éacht déanta ag Kíla, an bhuíon cheoil mór le rá a chum an scór, as fuaim a bhaint as an ghorta agus as an ainnise a bhíonn ag caitheamh ar an tír.

Bíonn an t-arracht de theideal an scannáin as radharc i rith ama agus fágtar faoin lucht féachana é a aithint cé hé nó cad é an t-arracht féin. Seans gurb éard a bhíonn i gceist ná dúchan na bprátaí a thug bás na ndaoine, an tiarna talún Lieutenant a d’ardaigh an cíos, nó an tréigtheoir Patsy a dtaitníonn an fhuil an-iomarca leis. Déanann Colmán an scéal a mheas nuair a deir sé, “Níor tharla sé seo dúinn; is é an chaoi ar déanadh é seo orainn.”

Tá ardmholadh tuillte ag Dónall Ó Héalaí agus Saise Ní Chuinn, a bhíonn i bpáirteanna Cholmáin agus Kitty faoi seach, as scoth na haisteoireachta a thabhairt chun an léirithe. Cuireann Ó Héalaí an fear creatach caite i láthair mar gheall ar an mheachán ar chaill sé le haghaidh na páirte, agus éiríonn leis na dúshláin chruaidh intinne agus choirp a bhíonn ag Colmán a léiriú ar bheagán focal dá réir. Go deimhin, is iad na radharcanna siúd iad atá ar na cinn is déine ar na súile sa scannán. Ar an taobh eile den scéal, croí na féile a bhíonn i Kitty agus is í a spreagann dóchas agus misneach i gcúrsaí in ainneoin thionchar an arrachta.

Díol spéise atá in ‘Arracht’ toisc gur fadscannán den bheagán é a mbíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga ann, ach tá sé teann as féin go mbriseann sé ar shiúl ó lipéad thionscadal maoinithe na Gaeilge. Tá an scéal agus scoth an léiriúcháin chun tosaigh ar chúrsaí teanga, gur ar comhchéim le fadscannán ar bith eile é mar is cóir.

Dá mba rud é go bhfaighinn locht ar bith ar an scannán seo, is éard a bheadh ann ná nach bhfágtar mórán den nua sa scannán féin ó thaobh plota de toisc go scaoileann an réamhbhlaiseadh barríocht uaidh ina thaobh seo.

Tá ‘Arracht’ le heisiúint i mí na Samhna i mbliana agus táthar ag súil go mbeidh sé ar fáil ar TG4.

Anna-Clare McGarvey – Eagarthóir Gaeilge