Chonaic mé Example beo sa Button Factory le déanaí. Is amhránaí é a thaitin go mór liom agus mé san idirbhliain, go háirithe nuair a d’éisigh sé a album ‘The Evolution of Man’. Is albam é atá go hiomlán measta faoina luach. Pléann Example nó Elliot Gleave faoina fhadhb le drugaí agus substaintí agus conas gur scrios sé caidreamh a bhí aige. Tá sé dorcha, domhain agus lán leis an bhfírinne lom agus a mhothúcháin. Miníonn sé a dheacrachtaí agus a fhorbairt go han-éifeachtach ar fad.

 

Níl aon taithí agam ar chaidreamh ag briseadh síos mar gheall ar an andúileachas ach is féidir a dhearcadh a thuiscint go rímhaith ina liricí. Níl sonraí a shaoil brúite faoi chois aige ach mínithe go cuimseathach. Feictear é seo go han-soiléir san amhrán ‘All My Lows’ ina bhfuil sé buíoch dá sheanchailín cara a bhí ann dó nuair a bhí sé in umar na hamhléise agus tá an lucht air gur tháinig deireadh leis. ‘And I never did ask, You said the answers would be yes, I killed us,had tools to built us, a castle, But I never played chess’. Tá sé goirrasc ina liricí agus scéal a shaoil á insint aige agus ba iad na liricí chomh macánta agus mothúchánach a mheall mé le héisteacht leis níos mó. Tá táirgeadh iontach ar an albam ‘The Evolution of Man’ ar an iomlán ó dhaoine ar nós Tommy Trash, Alesso, Dirty South agus Benga. Tá fuaim roc-leictreonach ag an album agus é seo leis na liricí doimhne, cruthaíonn sé albam dorcha ach beomhar i mbealaí eile freisin. Chuirfinn é i gcomparáid leis an albam ‘808 and Heartbreak’ le Kanye West ach tá albam Example céim níos griothalaí toisc nach gceilteann sé an fhírinne in aon chor.

 

Roimhe sin, chuir sé an t-album ‘Playing in the Shadows’ amach agus tá cáil ar na hamhráin ‘Change the Way You Kiss Me’ agus ‘Stay Awake’ ón albam seo. Is albam a bhaineann leis féin agus substaintí freisin uaireanta ach níl an coimhthéacs chomh dorcha le ‘The Evolution of Man.

 

Idir an dá linn, tá Example tar éis pósadh, bogadh go dtí an Astráil agus tá beirt mhac aige anois. Is léir go bhfuil a shaol i bhfad níos sona ná a bhí sé agus é ag cur amach ‘The Evolution of Man’ agus ‘Playing in The Shadows. Faraor, cé go bhfuil a shaol pearsanta tar éis feabhsú áfach i mo thuairim, ní féidir an rud céanna a rá faoina cheol.  D’éisigh sé dhá albam eile, ‘Live Life Living’ agus ‘Bangers & Ballads’. Is féidir a thuiscint ó ainmneacha na n-albam nach mbaineann an doimhneacht céanna leo. Cinnte, is dócha nach bhfuil an t-ábhar céanna aige óna shaol pearsanta agus is mar sin a phléann a cheol le grá i mbealach an-éadrom, damhsa agus ag dul amach. Is ceol é a chuirfeá ar siúl agus tú ag ullmhú d’oíche amach. Níl aon rud láidir nó lán le mothúcháin a rá aige. Tá seo go breá gan amhras ach i comparáid leis an gceol a chur sé amach roimhe, níl an inchreidteacht chéanna ann. Is trua é seo braithim mar is scríbhneoir ceoil den chéad scoth é agus tá cumas iontach aige.

 

É sin ar fad ráite, bhí ceolchoirm aige sa Button Factory le déanaí agus caithfidh mé a admháil go gceapaim go bhfuil a mhójó caillte aige. Muna mbeadh aithne agam ar mar cheoltóir agus munar thuig mé an poitensúil agus cumas atá aige, dearfainn gur cheolchoirm an-mhaith a bhí ann. Níor sheinn sé go leor amhráin a chruthaigh a cháil, go háirithe amhráin a d’éisigh sé mar amhráin shingil. Bhí an ceolchoirm bunaithe ar cheol damhsa gan mórán focal nó le focal nach raibh chun saol éinne a athrú. Is cinnte go raibh sé spraoiúil agus taitneamhach ach bhí an doimhneacht a bhain leis go hiomlán imithe. Cheapfá gur beirt iomlán difriúil a bhí ann idir Example i ré ‘The Evolution of Man’ agus ‘Bangers agus Ballads’.

 

Ní raibh ceolchoirm aige i mBaile Átha Cliath le cúpla bliain anuas agus an uair dheirneach, sheinn sé san O2 (ag an am). Bhí mé ann agus ba cheolchoirm dochreidte é le hatmaisféar leictreach agus mhothaigh an slua a mhothúcháin agus a fhuinneamh tríd an gceol agus na liricí. Sa Button Factory, sheinn sé amhráin ar nós ‘All Night’ le liricí ar nós ‘8 quid for a G&T, probably going to spill it on my jeans’. Is amhrán beomhar é gan dabht ach an-difriúil ó na liricí pearsanta a bhíodh aige agus tá a cheol ar an iomlán anois cosúil le ‘All Night’.

 

Tá Button Factory i bhfad Éireann níos lú ná an O2 Arena agus creidim gur éirigh leis seinm san O2 arena i 2012 mar gheall go raibh substaints ina chuid cheoil agus bheadh tionchar ag na liricí ort.

 

Tuigim dó go bhfuil a shaol níos fearr agus níos sona agus nár mhaith leis a bheith ag dul siar ar am níos dorcha atá feabhsaithe anois ach tar éis na ceolchoirme bhí sé brónach le feiceáil nach raibh sé ag comhlíonadh a phoitéinseal mar cheoltóir i mo shúile. Fós creidim gur saothair iontacha iad ‘The Evolution of Man’ agus ‘Playing in the Shadows’ agus leanfaidh mé ag éisteacht leo ach ba bhreá liom níos mó den sean-Example chloisteáil

 

Cecily Nic Cionnaith -Eagarthóir Gaeilge