An mbaineann tú úsáid as aipeanna a dhéanann iarracht tú a mheaitseáil le duine ar mhaith leat siúl amach leo? An mbíonn díomá ort i gcónaí nuair nach mbíonn Gaeilge ag an bhfear nó ag an mbean a dhéantar a phéireáil leat? Tá réiteach na faidhbe tagtha, a chairde – Loinnir. Gréasán sóisialta a ligeann duit caidreamh a chruthú le daoine nua, agus é go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Ní hí príomhsprioc na haipe caidrimh rómánsúla a bhunú áfach. D’fhorbair an smaoineamh as Hackathon na Gaeilge a reáchtáil Tomás Mac Pilib agus Cumann Gaelach Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath thiar i mí Aibreáin na bliana seo. Tharla trí sheans amach is amach go raibh mé féin ag obair le hEdmond Ó Floinn, mac léinn ríomheolaíochta ó Choláiste na Tríonóide a bhí ar an Scéim Chónaithe ansin, agus Noah Ó Donaile ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. An dúshlán a bhí ós ár gcomhair don lá ná coincheap a fhorbairt a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn ar an Ollscoil agus níos faide i gcéin. Is ansin ar thángamar ar an smaoineamh ar an gcéad dul síos.

Bainim féin úsáid rialta as aipeanna a bhaineann an méid is mó as na cumais atá ag fóin chliste sa lá atá inniu ann chun an t-eispéaras is idirghníomhaí agus is fearr a thabhairt don úsáideoir. Thuig mé ó leithéidí an Pop-Up Gaeltacht, a eagraíonn Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha, agus tograí Gaelacha eile, go bhfuil pobal gníomhach Gaelach ann, ní hamháin san Ardchathair ach ar fud an domhain. Léiríodh an méid seo ag an méid mór daoine atá tar éis freastal ar na cinn i mBaile Átha Cliath, agus ar eagrú Pop-Up Gaeltachtaí neamhoifigiúla eile i Dubai, Nua Eabhrac, Perth agus eile.

An rud is mó a thaitníonn liom faoin bPop Up, seachas an cúpla scúpls, ná go bhfuil an Ghaeilge, agus na daoine a labhraíonn í, feiceálach dá chéile, agus os comhair an phobail. Chun go mbeadh aip in ann an aidhm seo a chomhlíonadh, theastaigh uaim Tinder agus Hailo/MyTaxi a nascadh le chéile. Is é sin go mbeadh léarscáil ann ag croílár na haipe, a thaispeánfadh duit na Gaeil atá i do cheantar agus ar fud an domhain. Ansin go mbeifeá in ann comhráite a thosú leo, iarradh ar imeachtaí a eagrú, do chuid Gaeilge a fheabhsú, nó cibé rud ar mhaith leat a dhéanamh i ndáiríre.

D’éirigh linn an Hackathon a bhuachan ar an lá ar an dea-uair. Agus bhí mé féin agus Edmond i dteagmháil ó shin, agus lean sé air ag forbairt na haipe, níl scileanna códúcháin agam faraor. Ach tugaim ‘tacaíocht chruthaitheach agus mhórálta’ dó an chaoi is fearr le cur síos a dhéanamh air b’fhéidir. Tharla gur fhás an méid úsáideoirí atá ar an aip go mór le seachtain nó dhó anuas toisc gur chuir Tuairisc.ie Ed faoi agallamh agus d’eisigh alt faoi. Anois tá breis is 300 ar an aip agus an méid sin ag fás gach lá!

Níl sé ach ar fáil ar an Play Store do Android go fóill ach tá pleananna é a thabhairt trasna go iOS go fóill, is díreach go bhfuil sé deacair an t-am a fháil chun í a fhorbairt toisc nach aon chabhair mé maidir leis an ríomheolaíocht agus go bhfuil poist lánaimseartha againn beirt. Ach bígí ag faire ar an spás seo go luath i gcomhair a thuilleadh feidhmeanna, craice agus Gaeilge!


Dónal Ó Catháin – Scríbhneoir Gaeilge