Tá grúpa cairde agam sa saol seo, 10 mbliana ó shin bheadh an grúpa cairde sin i bhfad níos mó ach anois, tá muid ar imeall an phobail. Níl fíor-aithne agam ar fhormhór na ndaoine seo agus seans maith nach roinneann muid na suimeanna céanna ach ar feadh na nóiméad sin, fad is a chaitheann muid toitíní, déantar neart cainte.

Go minic is le mo chairde is fearr a bhím, ach maidin nó oíche, báisteach, sioc nó toirneach, má sheasaim taobh amuigh de shiopa, teach tábhairne, fiú mo theach féin, tugtar an seans dom labhairt le daoine eile atá ag caitheamh toitíní. Caint ghonta atá ann cinnte, ag líonadh na mbearnaí leis an gcaint chéanna an t-am ar fad, ‘tá mé préachta’, ‘an bhfaca tú an cluiche an lá  faoi dheireadh’ nó an ceann is coitianta a chloistear ‘tá mé ag déanamh iarracht éirí astu ach nílim ábalta’.

Sin í an fhadhb, nach í? Seasta síoraí ag déanamh iarracht éirí astu. Faoin am seo anois tá timpeall sé seachtaine caite ag daoine atá éirithe astu ó Lá Chinn Bliana. Daoine crógacha, i mo thuaraim. Ach i dtuaraim na ndaoine nach gcaitheann tobac, ní raibh orthu ach dúiseacht ar maidin agus cinneadh a dhéanamh chun stop a chur leo. Is andúiligh muid an oiread le haon andúiligh eile; ní déarfá le handúileach hearóine, ‘cén fáth nach n-éiríonn tú as ar maidin?’. Ní deir daoine é sin toisc go dtuigeann siad nach bhfuil sé chomh héasca sin. Fiú muna bhfuil briseadh intinne ag baint le caitheamh tobac, agus níl aon chruthúnas ann go scaiptear teaghlaigh dhá bharr,  tá sé fós chomh dainséarach le drugaí eile. Déantar dearmad air sin ó am go ham, díreach ós rud

é go nglactar leis go pointe áirithe sa tsochaí, ní hé sin le rá nach gcuireann pictiúir de scamhóga dubha nó na focail ‘Toradh caithimh tobac – bás’ isteach orainn.

Níl formhór na ndaoine a chaitheann tobac ag iarraidh tobac a chaitheamh. Tá muid ag iarraidh stopadh, ach cuir ceist ar éinne a d’éirigh astu agus beidh an ghráin dhearg acu orthu. Tá ‘mental reliance’ ag baint leo. Tá toitín uaim sula ndúisím i gceart. Sula bhfillim ar mo chuid ranganna. Roimh dhinnéar. Roimh chith. Mar bhronntanas tar éis obair an lae chomh maith. Tar éis ranga. Tar éis dinnéir. Tar éis scrúduithe. Níl uainn ach leithscéal ar bith! Tá sé deacair iad a chur uait agus formhór den am, teastaíonn leithscéal cuimsitheach uainn ar nós a bheith ag iompar clainne nó dochar aitheanta do do shláinte. Le déanaí, labhair mé le bean a d’éirigh astu agus dúirt sí gur chaoin sí a toitín, go raibh sé ar nós báis carad ina saol.

An clár is mó a chuaigh i gcion orm le cúpla bliain anuas ná Love/Hate agus déarfainn gurb ionann teideal an chláir sin agus mo chaidreamh le toitíní. Chomh maith le chuile andúileach eile sa saol seo, ba bhreá liom iad a chur díom, gan an maide beag ailse sin a fheiceáil ariamh arís i mo shaol. Ansin tagann folús ionam, a gcreidim nach féidir a líonadh gan an maide, beag álainn sin agus nílim in ann mo shaol a shamhlú gan iad. Tá muid deighilte ón ngnáthdhuine i suíomhanna sóisialta, ag caitheamh airgead seafóideach in aghaidh na seachtaine agus ag déileáil leis an stiogma a théann leo, agus fós leanann muid ar aghaidh á gcaitheamh.

-Caoimhe Seoige

zp8497586rq