Sa toghchán Uachtaránachta is déanaí agus sa toghchán ag vótáil ar leasú don bhunreacht maidir le diamhaslú, rinne mé iarracht mo vóta a chaitheamh as Gaeilge. Bhí a fhios agam go mbeadh an páipéar féin dátheangach agus bhí mé fiosrach an mbeinn in ann an próiseas féin a dhéanamh as Gaeilge, nó ar a laghad, gan aon Bhéarla a úsáid.

Tá m’ionad vótála suite i mo bhunscoil féin, i mBaile Átha Cliath agus gheall mé dom féin agus mé istigh nach dtiocfadh oiread is focal Béarla amháin as mo bhéal agus mé ag caitheamh mo vóta.

Shiúil mé isteach sa halla agus bhí na comharthaí a chonaic mé dhátheangach agus mar sin mhothaigh mé dóchasach. Chuaigh mé go dtí an bord agus dúirt mé go mall “Níl cárta vótála agam ach tá mo phas agam”. Bhí mo phas oscailte agus i mo lámh mar sin ba shoiléir cad a bhí á rá agam. Bhí bean amháin ag an mbord agus silim gur thuig sí mé ach níor labhair sí ar ais liom as Gaeilge. D’fhreagair sí mé le rud éigin ar nós ‘I’ll see if you’re on this list now’. Buíochas le Dia, bhí mé in ann m’ainm a fheiceáil ar an liosta agus dúirt mé ‘sin mise’ agus d’fhéach sí ar mo phas agus ansin ar m’ainm agus bhí sí sásta leis sin.

Chuir mé ceist uirthi sin faoin bpáipéar ballóide a mharcáil. “ An gcuirim X sa bhosca nó uimhreacha ar nós 1,2,3?” a dúirt mé léi go mall agus i mbealach an-soiléir. Mhínigh sí an córas dom as Béarla ach ba léir gur thuig sí mé agus thuig mé  go mbeadh sé deacair é a mhíniú ar ais dom as Gaeilge.

Go dtí sin bhí mé sásta go leor leis an rud ar fad, d´éirigh liom cumarsáid a dhéanamh as Gaeilge agus cé nár labhair sí as Gaeilge ar ais liom, ba bhua é i mo shúile nár úsáid mé aon Bhéarla. Faraor, an rud ba mhó a chur lasmhisneach orm ná nuair a bhí mé ag fágáil dúirt mé ‘slán, go raibh maith agat’ agus an freagra díspreagúil a fuair mé ná ‘thanks see you’. Má bhí sí in ann mé a thuiscint níos luaithe, is dócha go bhfuil an focal ‘slán’ nó ‘go raibh maith agat’ aici. B’ait an rud é i mo thuairim gur úsáid sí Béarla ansin nuair ba léir go raibh mise ag déanamh cumarsáide as Gaeilge agus is dóigh liom nach easpa Gaeilge ba chúis leis an mBéarla sin.

Tá a fhios agam gan amhras nach raibh ann ach taithí amháin agus ní theastaíonn uaim caitheamh anuas ar an mbean áirithe sin. D’fheadfadh go mbeadh sé níos measa le duine ann nach nglacadh liom ag labhairt as Gaeilge nó go mbeadh easpa cumarsáide ann agus nach mbeadh an dara rogha agam ach casadh ar an mBéarla seachas díreach í ag úsáid an Bhéarla.

Bhí mé idir dhá aigne, ar lámh amháin bhí mé sásta gur éirigh liom mo vóta a chaitheamh gan aon Bhéarla ach ar an lámh eile, bhraith mé nach raibh sé sásúil nach féidir an rud ar fad a dhéanamh sa chéad teanga oifigiúil sa tír. Bhí mé ar an eolas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ach ní raibh mé cinnte an dtógadh sé an próiseas féin do vóta a chaitheamh san áireamh mar is cinnte go raibh gach rud scríofa dátheangach. Bheartaigh mé dul i dteagmháil leis an coimisinéir teanga leis an scéal a shocrú agus rinne mé iarracht taithí ó dhaoine eile a fháil ar níor éirigh liom a leithead a dhéanamh.

Fuair mé freagra iontach béasach agus soiléir ón gCoimisinéir Teanga agus mhínigh sé go bhfuil an fhreagracht ar gach Ceann Comhaireamh i ngach toghcheantar treoirlínte a chur i bhfeidhm agus nach bhfuil siad faoi scáth ag an Acht. Shoiléirigh sé na treoirlínte a fhaigheann na Ceann Comhaireamh ón roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, iad sin go mbíodh comharthaí dátheangach, i nGaeilge amháin sna ceantair Ghaeltachta agus go mbeadh Gaeilge ag na oibrithe sna hionaid Ghaeltachta. Ba fhaoiseamh é le cloisteáil go mbíonn Gaeilge ag na hoibrithe sna hionaid Ghaeltachta ar a laghad agus admhaím féin go raibh na comharthaí ar fad dátheangach. Chaith mé mo vóta in ionad i mBaile Átha Cliath agus ba dheas an rud é le cloisteáil go mbeadh nó gur chóir go mbeadh oibrithe le Gaeilge ar fáil ar a laghad sna Gaeltachta.

Dúirt an coimisinéir go bhfuil iarrachtaí déanta acu leis an roinn ionas go mbeadh an próiseas vótála faoin Acht ach nach raibh sé tarlaithe go fóill.

Ba rud é vóta a chaitheamh as Gaeilge nach raibh mórán machnaimh déanta agam air roimhe seo, le bheith macánta. Tá mé an-sásta gur fhiosraigh mé an scéal mar níl mórán ann atá níos oifigiúla ná toghchán sa tír. Is léir dom nach gcomhlíonann Acht na dTeangacha Oifigiúla na riachtanais ar fad a bhaineann le húsáid teanga ag leibhéal an Stáit. D’fhiosraigh mé dearcadh daoine eile, idir Bhéarlóirí agus Ghaeilgeoirí, faoin gceart nó faoin bhféidearthacht do do vóta a chaitheamh agus d’admhaigh siad ar fad nár smaoinigh siad faoi, cé má smaoiníonn tú faoi ó thaobh cearta teanga, creidim gur chóir go mbeifeá in ann é a dhéanamh.

Is duine réalaíoch mé agus aithním féin gur mór an éileamh é le bheith ag súil go mbeadh scoth na Gaeilge ag gach éinne ag obair sna hionaid vótála ar fud na tíre. Mar sin féin, ní theastaíonn uaim glacadh leis status quo, é sin nach mbíonn an Ghaeilge le feiceáil ach ar pháipéar agus tú ag vótáil. Bíonn Gaeilge ag teastáil le bheith i do Gharda, b’fhéidir go mbeadh gá le bunchaighdeán ar a laghad sa Ghaeilge le hobair sna hionaid vótála.

Tá gaeilgeoirí a chónaíonn lasmuigh de cheantair Ghaeltachta, creidim ag an gcéad toghchán eile gur chóir dúinn gach duine le Gaeilge a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun vótála ionas go bhfeicfear go bhfuil gá agus an ceart le bheith in ann do vóta a chaitheamh sa chéad teanga oifigiúil sa tír – í sin an Ghaeilge.

 

Cecily Nic Cionnaith –  Eagarthóir Gaeilge