Irish - Níl Aon Tinteán PicPléann Sophie Osbourne fadbhanna an lóistín do mhic léínn triú leibhéal

 Is iad lucht na hOllscoile atá í dtrioblóíd go mór mór mar gheall ar na fadhbanna lóistín atá le feicéail anois timpeall na cathrach. D’fhreastal 32,387 mac léinn ar UCD don bhliain acadúl 2014/2015 agus tá an uimhir sin méadaithe i mbliana. Tagann roinnt mhaith mic léinn ó cheann ceann na tire agus thar lear ach ar an drochuair níl ann ach 2, 814 áit ar fáil ar an gcampas. I rith an tsamhraidh d’athraigh UCD an polasaí conaithe a bhí curtha i bhfeidhm acu le cúpla bhliain anuas. Mar thoradh an polasaí seo, ní féidir ach mic léinn sa chéad bhliain, mic léinn idirnáisiúnta agus mic léinn scoláireachta lóistín a fháil ar champus.

Bhí cuid mhaith mac léínn ag brath ar lóistín a fháil ar an gcampus agus mar gheall ar na hathruite seo bhí ar cuid mhaith mic léínn dul ag lorg árasáin nó tí ag tús an tsamhraidh. Dar ndóígh tá sé fíorchostasach ar mhic léinn teach nó árasán a aimsiú sa chathair. Is é €500 an meán praghas chun seomra a fháil ar cíos ar feadh míosa ar na suíomhanna gréasán cosúil le Daft.ie nó Rent.ie. Ar an bpraghas sin níl an lóistín fiú in aice na hOllscoile mar ardaíonn an cíos in áiteanna in aice na hOllscoile go dtí €600 ar feadh míosa. Gan amhras níl aon táille fiú amháín san áireamh.

Chun an fhadhb scannalach seo a réiteach bhunaigh Aontais na Mic léinn UCD tacaíocht do mhic lénn trí ‘Accommodation Officer’ a cheapadh agus leathanach Facebook ‘UCD Accommodtion Support’ a chruthú. Is áiseanna úsáideacha iad seo chun cabhair a fháil.