Ar 15 Meitheamh, d’fhoilsigh Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas a ndréachtchlár nua rialtais dar teideal ‘An Clár Rialtais: Ár dTochaí Le Chéile’. Tá an dréachtchlár seo ag teacht corradh beag le ceithre mí i ndiaidh Olltoghchán na hÉireann ar 8 Feabhra 2020.

Is i mBéarla atá an cháipéis 126 leathanach den chuid is mó, cé is moite de leagan Gaeilge dá réamhrá agus de líne fánach Ghaeilge ina réamhrá Béarla.

Maítear i réamhrá an chláir go bhfuil “Éire na Gaeilge” mar fhís ag an chlár nua rialtais, Éire ina mbíonn an Ghaeilge “á forbairt agus á cothú”. Níl trácht ar bith ar cheist na Gaeilge san oideachas tríú leibhéal áit ar bith sa dréachtchlár nua rialtais, áfach.

Luaitear ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta sa cháipéis faoi na bunchuspóirí “Pobail Níos Láidre agus Níos Sábháilte a Thógáil” agus “Deiseanna Níos Fearr trí Oideachas agus trí Thaighde”.

Tabharfar misneach agus tacaíocht do phobail na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Glactar leis an Ghaeilge sa chlár nua rialtais mar phríomhtheanga an Stáit agus mar theanga bheo. Ina theannta sin, aithnítear idir dhaoine a bhfuil líofacht sa teanga acu agus daoine atá ar bheagán Gaeilge, agus cuirtear an mhian in iúl go mbeadh an dá dhream cainteoirí sin cumasaithe agus muiníneach ó thaobh a gcuid Gaeilge de, faoi seach. Tugtar aitheantas freisin do phobail na Gaeilge atá lasmuigh den Ghaeltacht a dtabharfar misneach agus tacaíocht dóibh.

I measc na ngealltanas atá leagtha síos sa dréachtchlár rialtais, tá geallta go ndéanfar:

  • Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge 2010-2030 agus an Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm
  • Bille na dTeangacha Oifigiúla a neartú agus a achtú faoi dheireadh 2020
  • Monatóireacht ar an chuspóir fhoriomlán go mbeidh Gaeilge ag 20% de na hearcaigh nua don tseirbhís phoiblí
  • Forbairt lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a chur chun cinn
  • Na meáin chumarsáide trí mheán na Gaeilge a fhorbairt go n-ardófar an tsuim atá ag daoine óga sa Ghaeilge e.g. TG4, Raidió na Gaeltachta, RTÉ, agus Raidió Rí-Rá
  • An Ghaeilge in áiteanna oibre agus i suíomhanna sóisialta a chur chun cinn agus feachtas meán cumarsáide náisiúnta a fhorbairt chuige seo
  • ‘Teanga Tí’, an scéim teanga teaghlaigh, a leathnú amach

Branda ‘Gaeltacht na hÉireann’ le neartú

Tugtar le fios sa chlár rialtais gurb iad na ceantair Ghaeltachta iad atá i gcroílár theanga bheo na Gaeilge. Leagtar síos go cuirfear acmhainní cuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus go n-ardófar tacaíochtaí don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Gealltar freisin go ndéanfar neartú ar bhranda ‘Gaeltacht na hÉireann’ agus go ndéanfar straitéis turasóireachta do cheantair Ghaeltachta a fhorbairt.

Is cloch chúinne de theanga bheo bheathach an córas oideachais láidir

Dar leis an chlár nua rialtais, is cloch chúinne de theanga bheo bheathach é an córas oideachais láidir.

Tá sé i gceist ag an chlár nua go mbeidh an Ghaeilge á labhairt níos forleithne i scoileanna fud fad na tíre, fiú iad siúd nach gaelscoileanna iad. Chuige sin, luaitear mar sprioc sa chlár nua líon na bpáistí a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna a mhéadú: déanfar líon na ndaltaí gaelscoile a mhéadú faoi dhó agus déanfar gaelscoileanna agus gaelcholáistí nua a sholáthar mar a bhfuil móréileamh orthu.

In áiteanna eile sa cháipéis atá gealltanais go ndéanfar an Ghaeilge a chothú mar theanga oibre an Oireachtais agus go dtabharfar tacaíocht don chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge e.g. Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Ó thaobh maoinithe de, ní shonraítear figiúirí cruinne sa dréachtchlár nua rialtais. I bhforógraí toghcháin na bpáirtithe, gheall Fianna Fáil go n-ardódh siad maoiniú do TG4 faoi €6 milliún agus mhaígh Fine Gael go méadódh siad maoiniú don Ghaeilge faoi dhó faoi 2025 i gcomparáid le 2017.

Ní thugtar le fios sa dréachtchlár nua rialtais go gceapfar aire stáit sinsearach don Ghaeilge sa rialtas, cé gur gheall an Comhaontas Glas ina bhforógra toghcháin go molfadh siad go mbunófaí Aonad Gaeilge i Roinn an Taoisigh.

Trácht ar bith ar cheist na Gaeilge san oideachas tríú leibhéal 

Níl dada luaite sa dréachtchlár rialtais faoi neartú ná faoi chur chun cinn na Gaeilge san oideachas tríú leibhéal, in ainneoin gur tugadh gealltanais dá leithéid go sonrach i bhforógraí toghcháin Fhine Gael agus Fhianna Fáil.

In ‘Éire do Chách’, forógra toghcháin Fhianna Fáil, gealladh go ndéanfaí polasaí Gaeilge la haghaidh oideachas tríú leibhéal a dhréachtú.

Gheall Fine Gael ina bhforógra toghcáin ‘A Future to Look Forward to’ go gcuirfí acmhainní ar fáil do chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal in Éirinn agus thar sáile, agus go leathnófaí amach scéim Sheimeastar na Gaeltachta. Is éard a bhí i gceist le Seimeastar na Gaeltachta ná scéim píolóta, a seoladh den chéad uair anuraidh, a thug deis do mhic léinn tríú leibhéal a raibh an Ghaeilge mar chroí-ábhar léinn acu tréimhse trí mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht le teaghlach Gaeltachta.

Níor luadh ceist na Gaeilge san oideachas tríú leibhéal i bhforógra toghcháin An Chomhaontais Ghlais ar chor ar bith.

Gealltar sa dréachtchlár nua rialtais, áfach, go nglacfar le cur chuige uile-rialais maidir le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-20130 agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022.

Ar ‘Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006’ atá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bunaithe, agus dar le Cuspóir 7 na straitéise: “Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge”.

Léirítear in Straitéis 20 Bliain freisin tábhacht ról na n-institiúidí tríú leibhéal i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge :

“Tá ról tábhachtach ag institiúidí tríú leibhéal ó thaobh tionchar a imirt ar an teanga a labhróidh duine ar feadh a shaoil agus ó thaobh a húsáide i measc mic léinn agus maidir le tacú le tionscnaimh theanga áitiúla sa phobal trí chéile agus spreagfar iad leis sin a dhéanamh,” dar leis an straitéis.

Tá iarrtha ag UCD College Tribune ar fhoireann Scoil na Gaeilge, an Leinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD trácht ar an dóigh a dtéann an clár nua rialtais i ngleic le ceist na Gaeilge, ach tá freagra fós le teacht ón scoil.

Tá leagan PDF den dréachtchlár nua rialtais, ‘An Clár Rialtais: Ár dTochaí Le Chéile’, ar fáil ar shuíomhanna gréasáin Fhine Gael, Fhianna Fáil, agus An Chomhaontais Ghlais faoi láthair.

Anna-Clare McGarvey – Eagarthóir Gaeilge