Tá an Nollaig ag druidim linn agus de ghnáth bíonn sceitimíní ar chách. I mbliana, áfach, scéal difriúil ar fad atá ann. Cailleadh na céadta mílte post fud fad na tíre de bharr na paindéime agus níl aon amhras ach go mbeidh na daoine seo ag streachailt go ceann tamall fada eile. Ní fhéadfá a shéanadh gur cúis bhróin atá sa dífhostaíocht seo fiú muna bhfuil tionchar aici ortsa go pearsanta. Is féidir linn mar thomhaltóirí cuidiú le heacnamaíocht na tíre seo chun borradh a chur fúithi arís má smaoiníonn muid go loighciúil faoi agus má ghníomhaíonn muid anois…

Is maith linn ar fad a bheith ag ceannach nithe óna leithéid de Amazon agus ó chomhlachtaí ollmhóra idirnáisiúnta eile toisc gurb é sin an nós a bhfuil muid cleachtaithe leis. Tá sé chomh héasca an suíomh idirlín a oscailt, cuardach sciobtha a dhéanamh agus teacht ar an táirge a theastaíonn uait faoi bhun deich soicind. Tuigim é sin agus táim ciontach as freisin, ach an Nollaig seo, iarraim oraibh an cathú sin a sheasamh agus bhur súile a dhíriú ar ghnólachtaí atá níos giorra don bhaile – (I ndáiríre ní theastaíonn tuilleadh airgid ó Jeff Bazos ar aon nós!).

Tá feachtas ann darb ainm ‘Ceannaigh sa Bhaile’ agus an aidhm atá leis ná daoine a spreagadh chun tacú le gnólachtaí áitiúla chomh minic agus is féídir. Tá roinnt mhaith comhlachtaí Gaelacha ann a mbeidh trácht cloiste agaibh orthu cheanna féin más rud é go leanann sibh tionchairí ar líne ar nós leithéidí @muinteoirmeg ar Instagram. Muna leanann, an fíor-Ghaeilgeoir tú? Ní dóigh liom é!

Do ghnólachtaí a dhíolann earraí Gaeilge a bheidh mé a dhéanamh tagairt san alt seo ach tá go leor comhlachtaí Éireannacha eile ar chóir daoibh tacú leo fosta. Chruthaigh an leathanach Instagram @legaldiaries.ie liosta de 700+ gnólacht beag Éireannach atá roinnte ina naoi gcatagóir déag ar féidir libh bur gcuid siopadóireacht Nollag a dhéanamh leo. Mholfainn go láidir daoibh súil a chaitheamh air sin sula dtugann sibh bhur gcuid airgid do na comhlachtaí móra.

Gan a thuilleadh moille, seo a leanas deich gcomhlacht Gaeilge a bhfuil a dtáirgí foirfe don Ghaeilgeoir in bhur saol! Luaite thíos atá ainm an chomhlachta, chomh maith leis an suíomh gréasáin agus leathanach Instagram s’acu.

1. ‘An Siopa Leabhar’ – siopaleabhar.com – @ansiopaleabhar

Tá gach earra Gaeilge faoin spéir ar díol anseo. Leabhair, éadaí, cupáin, cártaí, cluichí boird. Ainmnigh é, tá sé acu!

2. ‘Gaeilgheansaí’ – gaeilgheansai.com – @gaeilgheansaí

Díolann an comhlacht seo éadaí a bhfuil frásaí Gaeilge orthu, mar shampla: “Tá Gaeilge Agam”, “Ní Saoirse go Saoirse na mBan” agus “Bí Cineálta”. Abairtí simplí atá an-éifeachtach.

3. ‘Baile Clothing’ – baileclothing.com – @baile_clothing

Tá geansaithe Gaeilge inbhuanaithe ar fáil ar praghas réasúnta anseo. Uaireanta bíonn sé deacair teacht ar éadaí atá go maith don timpeallacht, a bhfuil cuma dheas orthu agus nach bhfuil róchostasach. Comhlíonann ‘Baile’ na riachtanais uile!

4.  ‘Nine Arrow’ – ninearrow.com – @nine.arrow

Anseo gheobhaidh sibh a leithéid d’éadaí, pilliúir, málaí, tuáillí tae, cártaí agus ealaíon Gaeilge. Baineann téama an nádúir le cuid mhaith de na táirgí, agus is féidir pearsanú a dhéanamh ar na hearraí áille seo freisin, rud a chuireann go mór le haon bhronntanas.

5. ‘By Holly Blue’ – byhollyblue.com – @byhollyblue

Dearann Holly cártaí Gaeilge aoibhne d’aon ócáid. Tá sí ag tabhairt 20% de bhrabús na gcartaí Nollag do Peata House. Maith thú a Holly!

6. ‘Connect the Dots Design’ – connectthedotsdesign.com – @connectthedotsdesign

Déanann an comhlacht seo stáiseanóireacht, cártaí agus líníochtaí Gaeilge. Dearaí simplí ach álainn atá i gceist leo.

7. ‘Comhar’ – comhar.ie – @iriscomhar

Irisleabhar Gaeilge a dhéanann cúrsaí reatha is litríochta a phlé is ea ‘Comhar’. Seoltar eagrán nua chun do dhorais i gcló nó chun do bhosca isteach go leictreonach gach mí. Is féidir íoc as an síntiús go míosúil nó go bliantúil. Bronntanas den scoth don té a dtaitníonn an léitheoireacht leis is ea an t-irisleabhar seo.

8. ‘Gaelchultúr’ – gaelchultur.com – @gaelchulturteoranta

Soláthraíonn foireann Ghaelchultúr ranganna agus achmhannaí Gaeilge don fhoghlaimeoir chomh maith leis an nGaeilgeoir líofa. Tá dearbháin ar fáil freisin ar fhaitíos nach bhfuil a fhios agaibh cén leibhéal Gaeilge atá ag an bhfaighteoir sa gcaoi is gur féidir leo a gcúrsa teanga féin a roghnú.

9. ‘Gael Linn’ – siopa.gael-linn.ie – @gael_linn

Tá neart rudaí ar díol anseo a bhaineann le gach gné den chultúr Gaelach. Mar shampla: An Fáinne, dlúthdhioscaí ceoil Ghaelaigh, DVDanna bunaithe ar stair na hÉireann, leabhair Ghaeilge is tuilleadh eile.

10. ‘Cupán Cré’ – cupancre.com – @cupancre

Is comhlacht beag é seo a dhearann cupáin chré thaistil atá lámhdhéanta agus in-athúsáidte. Tá siad an-ghleoite agus inbhuanaithe freisin. Ní féidir dul amú leo!

Go raibh maith agaibh as seo a léamh agus go n-éirí go geal libh le bhur gcuid siopadóireachta. Nollaig shona daoibh!

Alahna Ní Bhriain – Gaeilge Scríbhneoir