Bhí na mílte daoine amuigh ar shráideanna Bhaile Átha Claith ar an 15ú lá de Fheabhra ag ceiliúradh Lá Mór na Gaeilge. Bhailigh slua  ollmhór de bhaill an Chumainn le chéile ar son na teanga. Ní fhéadfá an cineál bróid sin a chruthú in aon abairt amháin, pilule ach b’iontach an rannpháirtíocht láidir a fheiceail san agóid teanga is mó le deich mbliaina anuas.

D’eagraigh Ferdia agus Shane, medicine ón Scéim Cónaithe, help Tráth na gCeist ar son Cumainn Ailse na hÉireann ar an Luan seo caite. D’fhreastail líon mór mac léinn air, agus baillíodh an-chuid airgid. Ba mhaith linn comhgairdeachas a ghábháil leis an bhfoireann a chroch an bua leo ar an oíche. Sin iad Stephen Giblin, Alan Fox, Ian Fahey agus Anthony Strogen.

Bhí moltóireacht Ghlór na nGael ar siúl an tseachtain seo caite. Beidh orainn fanacht go dtí an Déardaoin chun na torthaí a fháil. Le cúnamh Dé beidh an bua againn i mbliana!

Táimid ag  lorg aisteoirí chun an Lasair Choille a chur ar siúl le linn mí Mhárta. Is cuid de fhéile drámaíochta na n-ollscoileanna triú léibhéal a bheas sa dhráma seo.  Beidh an fhéile ar siúl i nGaillimh ar an gcéad dheireadh seachtaine den mhí, agus buailfidh muid leis na cumainn drámaíochta ó Choláiste na hOllscoile Chorcaí, ó OÉ Gaillimh , agus ó Choláiste na Tríonóide. Más spéis leat páirt a ghlacadh cur ríomhphost chuig reachtaire@cumanngaelach.ie .

Beidh Bál na Gaeilge ar siúl sa Radisson St. Helen’s, trasna an N11, ar an triú lá de mhí Aibreáin. Beidh Mo Hat Mo Gheansaí ag casadh ar an oíche agus gan amhras beidh an-spraoi ar an oíche. Bígí ag faire amach ar leathanach Facebook an Chumainn i gcomhair tuilleadh eolais faoin mbál.