Nuacht mór na seachtaine seo ná gur bhuaigh COBÁC an chéad duais i mBréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2013. Comhghairdeachas le Peadar Ó Lamhna, Aoibhinn Ní Chionnaith agus Simon Mac Giolla Easpaig (sa ghrianghraf) as an éacht ollmhór seo, bhí sé tuilte go maith agaibh agus táimid uilig an-bhródúil asaibh.

Chomh maith leis sin, bhí Oireachtas na Samhna 2013 ar siúl an deireadh seachtaine seo caite. Dha lá lán go béal le craic ‘s ceol a bhí ann, agus grianghraif náireacha a glacadh thíos i gCIll Airne. Bhí an aimsir go hainnis ach níor chuir sé sin isteach orainn!

Ar oíche na hAoine bhí Cabaret Craiceáilte, cóisir na mac léinn, agus chuile shórt ghléasaidh suas iontach le feiceáil. Bhí gach sórt ceoil ann, agus seit iontach ó Kíla chomh maith. Bhí an-sheans ansin maidin agus tráthnóna na Sathairne na comórtais eile a fheiceáil,  damhsa agus amhránaíocht ar an sean nós go príomha. Oíche na Sathairne bhí deis ann do ghnáthéadaí a bhaint umam agus dul ag damhsa arís i gClub na Féile go dtí breacadh an lae.

B’í buaic na deireadh seachtaine a raibh muid uilig as súil lena fheiceáil ná Díospóireacht Gael Linn, agus foireann ChOBÁC le Dónal Ó Catháin agus Niall Ó hUigín ar son an rúin “Ba chóir deireadh iomlán a chur le híocaíochtaí dól do dhaoine faoi 25 bliain d’aois.” D’éirigh le Niall agus Dónal an dara áit a bhaint amach. Dhá lá den scoth a bhí iontu agus neart scéalta agus scannal le tabhairt abhaile ag gach duine.

Oíche na Máirte bhí Tráth na gCeist trí mheáin na Gaeilge eagraithe ag an gCumann Liathróid Láimhe. Bhain gach duine an-sult as, agus bhí duaiseanna iontacha le buachaint ann.

Ag breathnú ar a bhfuil ar siúl ós ar gcomhair amách, táimid ar fad ag súil leis an Máirt seo chugainn.Beidh Spraoi UCD ar siúl. Lá lán le spórt, ceol, craic agus  a thuilleadh a bheas ann ar fad trí Ghaeilge i Halla Astra i Sean Ionad na Mac Léinn. Tá lán fáilte roimh chách; daoine nach bhfuil ach cúpla focal acu ach go háirithe, mar is seans iontach é dóibh siúd píosa Gaeilge a fhoghlaim. Beidh an spraoi ar fad ag tosnú ag a 10rn. Beidh preab chaisleáin agus duaiseanna chomh maith le bia saor in aisce againn ann.Bígí linn!