Banríon draig, Gaeilgeoir agus ealaínteoir is í Bláthnaid McGee (Ciarán de Hearfort) a thosaigh draig sa teach tabháirne Panti Bar i mBaile Átha Cliath nuair nach raibh sí ach seacht mbliana deag d’aois tar éis dallamullóg a chur ar bhainisteoir an bheáir.
“Bhí comórtas na banríona ar siúl in Panti Bar agus bheartaigh me páirt a ghlacadh gan morán taithí agus fíor-chuma an bhuachall orm le smideadh úafásach! Ní raibh móran ádh orm sa chomórtas ach thaithin siad liom agus táim fós ann.’’Is rud mór é an t-ainm draig do bhanríona ar fud an domhain agus an rud céanna do Bhláthnaid. Bhí sé tabhachtach di i dtosach báire ainm Gaeilge a roghnú agus báisteadh í ‘Bláthnaid’. “Is ainm síoraí é Bláthnaid agus i bpobail draig na cathrach seasann mé amach ón slua.’’

Imirteas focal an-ghreannmhar atá i gceist leis an sloinne ‘McGee’ nach mór di míniú. Baineann Bláthanid úsáid as greann go minic agus í ar an stáitse ach tagann sé chun tosaigh i ngach gné dá saol. Ní thuigeann roinnt daoine an t-ainm, go háirithe dóibh siúd nach raibh in Éirinn ón gcliabhán. “Tugtar roinnt daoine “B” orm, agus cuid eile dóibh ainmneacha aisteacha a thosaíonn le “B”. Bíonn iarracht á dhéanamh acu ar a laghad.”

Is teanga lárnach í an Ghaeilge do Bhláthnaid agus chaith sí tréimhse sa Ghaeltacht gach samhradh nuair a bhí sí sa mheánscoil. Is oth léi a rá nach n-úsáideann sí an Ghaeilge ró mhinic i measc an phobail draig. “B’fhéidir go bhféadfainn seó a dhéanamh as Gaeilge mar réiteach.”

Go dtí le fíor déanaí bhí dhá phost ag Bláthnáid ag díol bróga reatha i rith an lae agus ag caitheamh sáíllí airde san oíche. “Ní bhíonn aon am saor agam! An bhfuil fhios agat cé chomh fada is a thógtar an aghaidh seo a phéintáil mar bhean ghleoite?!”

Ealaín is ea draig a bhíodh lárnach ó na mean aoiseacha ach ní rud éasca é, agus ní amháin fear gléasta in éadaí na mban í an bhanríon draig.  “Is féidir le haon duine bréagfholt a chur orthu féin, smideadh a chur orthu agus gúna a chaitheamh, ach ní sin a dhéanann banríon draig. Caithfidh an paisean a bheith ann, agus an greann garbh na banríona a bheith ann. Caithfear a bheith i do dhuine saniúil, agus rud éigin speisialta a thaispeáint.”

Tá stiogma fé leith ag baint leis go deimhin agus is minic nach mbíonn daoine sásta banríon draig a fheiceáil amuigh ar an tsráid, ach is fíor annamh a fhulaingíonn Bláthnáid dá bharr le tacaíocht óna teaghlach agus cairde uilig.  “Chuaigh mo mham go dtí an scannán ‘Queen of Ireland’ le Panti Bliss, a fheiceáil an oíche a tháinig sé amach. Feictear ar an scáileán mé ar feadh níos lú ná deich soicind ach bhí bród an domhain ar mo mham.”
Faraor ní bheidh an deis againn Bláthnaid a fheicéail a thuilleadh in Panti Bar toisc go bhfuil cónaí uirthi anois in Albain.  Ach dar ndóigh is féidir í a lanúint ar Twitter, Facebook agus na meáin soisialta uilig.

_________________________________________________________________

Dean Farrell  |  Scríbhneoir Gaeilge