ed eob

troche serif;”>Nóta na n-eagarthóirí: Chuir na heagarthóirí Gaeilge na ceisteanna seo a leanas ar an mbeirt iarrthóir ar phost Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn , try Ed Campion agus Éanna Ó Braonáin (ord na n-ainmneacha, agus na bhfreagraí thíos, cóirithe de réir aibítre). Beidh an toghchán ar siúl ar an gCéadaoin agus Déardaoin seo, agus is deis í seo don lucht vótála a shocrú cé acu, Ed nó Éanna, atá ar an iarrthóir is fearr don phost. Chun cothrom na Féinne a thabhairt, agus ar fhaitíos go gceilfeaí rud ar bith ar ár bpobal léitheoireachta, ní dhearnadh eagarthóireacht ar bith ar na freagraí a chuir siad chugainn:

1) Céard iad na hathruithe ar mhaith leatsa a thabhairt isteach ar phost an Oifigigh? An bhfuil cuid/codanna ar leith den obair a rinne an tOifigeach reatha a fhéadfaidh tusa cur léi/leo?

Ed: Teastaíonn uaim mo phearsantacht a thabhairt isteach ar phost an Oifigigh. Creidim go réitím go maith le daoine, go bhfuil mé go maith ag argóint agus teacht ar réiteach leo agus go bhfuil an-chuid nascanna agam le daoine sa chomhphobal gaelach ar champas agus i mBaile Átha Cliath i gcoitinne. Teastaíonn uaim leanúint le obair Caoimhe (An Oifigeach) chun an Gaeilge a dhéanamh níos so-fheicthe timpeall an champais.

Éanna:Le cupla bliain anuas níl a ndothain déanta ag Aontas na Mac Léinn don teanga anseo i UCD. Teastaíonn uaim níos mó imeachtaí agus feachtais a chur in éagar ionas go mbeidh an teanga sofheichte ar champus an bhliain ar fad. Anuas ar sin caithfimid níos mó tacaíocht a thabhairt don teanga sna dámha go léir, ní i foirgneamh Newman amháin. Ceapaim go ndearna Caoimhe, an tOifigeach reatha, an jab i mbliana go háirithe leis na foirmeacha dhátheangach a mbeadh sna scoileanna i Mí Mhéan Fomhair.

2.) Céard é a chuireann tusa chun tosaigh ar an iarrthóir eile, agus cén fáth ar ceart vóta #1 a chaitheamh ortsa seachas air siúd?

Ed: Cuireann mo dhíogras, mo phaisean, mo thaithí i Teach na Gaeilge agus mo phleananna don teanga chun tosaigh mé ar Éanna. Creidim freisin go raibh mé níos baintí  le saol na Gaeilge ar champas agus i mB.Á.C ná mar a bhí Éanna. Is cóir vóta #1 a chaitheamh domsa mar go athnaítear mé timpeall an champais mar duine atá bainteach leis an Gaeilge, seachas le aon Cumann eile.

Éanna: Creidim gurb mise an duine oiriúnaí do phost seo tiosc go bhfuil an taithí agam mar ball den Scéim anuraidh agus coiste an Chumainn Ghaelaigh agus Ionadaí Ranga i mbliana. Is mise an t-iarrthóir is díograisí agus tá sé soiléar go bhfuil mé ag iarraidh deis a thabhairt chuig gach duine i UCD a chuid Gaeilge a úsáid.

3.)An bhfuil tú tar éis imeachtaí Gaeilge a chur chun cinn ar champas? An ndearna tú aon imeacht a reachtáil?

Ed: Táim tar éis imeachtaí a chur chun cinn ar champas, chabhraigh mé le eagraíocht agus fógraíocht Rás UCD. Chabhraigh mé le taifead scannáin trí mhean na Gaeilge, bhí mé lárnach in Oíche Grinn ‘Gaelgáirí’ i rith Seachtain na Gaeilge. Anuas ar seo d’eagraigh mé Fugitive na Gaeilge agus ‘YoGaeilge’ (yoga as gaeilge). D’fhreastal mé ar beagnach gach imeacht do phobal na Gaeilge ó tús na bliana.

Éanna: Táim tar eis an chuid imeachtai a chur chun cinn le dhá bhiana anuas. Anuraidh bhí orainn gach imeacht an Chumainn a chur chun cinn leis an scéim agus mar Ionadaí Ranga i mbliana chur mé imeachtaí Gaelach chun cinn le muintir na chéad bhliana ach go háirithe. Anuraidh d’eagraigh mé Rós agsu Stail UCD, ceann de na himeachtaí is mó a bhí ag an scéim anuraidh agus i mbliana bhí Turas Rúnda eagraithe agam sular bheartaigh muid chabhrú le ceann UCD ENTS.

4.) Meas tú an mhaith mar a chuireann Aontas na Mac Léinn chuig cur chun cinn na Gaeilge? Mínigh do thuairim.

Ed: Sílim go rinne Caoimhe sár job i mbliana, ach teastaíonn uaim níos mó a dhéanamh. Tuigim nach bhfuil an-chuid airgead ar fáil chun imeachtaí a reachtáil, mar sin de táim i bhfábhar Gaeilge a chur le imeachtaí atá ann cheana féin. M.sh. Seó faisin 2012-13. Níos tábhachtaí ná sin, teastaíonn uaim go gcuirfear traenáil ar fáil dóibh siúd atá i mbun imeachtaí Gaelacha a eagrú.

Éanna: Creidim gur feidir an Aontas an-chuid níos mó a dhéanamh ar son an Teanga. De réir an bunreacht (Alt 25) bá chóir go mbeadh gach rud a dhéanann an Aontas dátheangach. Is léir nach bhfuil sé seo curtha i bhfeidhm acu faoi láthair. Anuas ar sin ní dóigh liom go bhfuil i ndóthain imeachtaí gaelach ar súil i rith na bhliana. Is feidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh.

5.) Céard é do mheas ar fhorógra an iarrthóra eile? An bhféadfaí a chuid pleananna a chur i gcrích?

Ed: Mo mheas féin ar forógra Éanna ná go bhfuil sé beagáinín lom. Ceapam nach bhfuil mórán smaointe nua ann agus go bhfuil sé thar a bheith ginireálta, go háirithe an cuid faoi ‘feachtas aontais’. Ceapam go bhféadfaí a phleananna a chur i gcrích, ach tá sin de bharr nach bhfuil scríobhta ar ach bun-dualgaisí an Oifigigh.

Éanna: Bhi an chuid rudaí i forógra Ed go réithigh mé leis. Tá muid ar aon-intinn go bhfuil níos mó imeachtaí ag teastáil ón Aontas. Faraor bhí cupla rudaí ann nach ndearna sé fíosrú iontú. Ní bheidh seirbhíse champais sásta le Loch Glass tiosc an dochair a dhéanfaidh sé do na h-ainmaithe sa loch. Anuas ar sin tá chuid na na rudaí a chur sé ina forógra déanta nó thosaithe ag Caoimhe i mbliana mar Oifigeach.

6.)Cé acu ar mó spéise leat – polaitíocht na mac léinn nó An Ghaeilge?

Ed: Is duine oscailte mé a chuireann suim i dtuaraimí daoine, go háirithe i leith na Gaeilge. Sa bhealach sin ta suim agam sa pholaitíocht, ach is í an Ghaeilge a chúisigh an suim sa pholaitíocht, ní a mhalairt.

Éanna: Is í an Ghaeilge an rud is thábhachtaí dom. Cinnte caithfidh Oifigeach na Gailege suí ar “Exec” ach is ansin gur feidir brú a chur are na bhaill eile chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Guíonn muid gach rath ar an mbeirt iarrthóir sa toghchán. Ná déan dearmad do chárta mac léinn a thabhairt leat chun vóta a chaitheamh!