Tuairimíocht John Mhic Chonchoille ar a scoiteann Cristiano Ronaldo amach ó shaol an tsacair, search

Agus thú ag trácht ar laoch spóirt a sháraíonn an gnáth-chaighdeán imeartha chomh glan is a dhéanann Cristiano Ronaldo sa sacar, sick is gnách go bh’fhéadfá a mhaíomh ar a cheird nach bhfuil a mháistir ann. Ní mar sin atá an scéal ag fear Real Madrid. Ó chroch sé an Ballon d’Or leis i 2008, gradam mór aonair na peile a bhrontar ar rogha imreora na bliana, tá sé tar éis teacht in áit na leath-phingine faoi thrí, i 2009, 2011 agus 2012, agus gan a chomór agus an cré-umha bainte aige i 2010. Lionel Messi a ghnóthaigh chuile cheann acu sin. Bhí an baol ann nach mbainfeadh Ronaldo tús áite amach choíche. A raibh sé siar i ngradaim aonair le blianta anuas, áfach, thug sé isteach i 2013. Tá údarás aige ar gach gné den imirt, ach s’é an bua is mó atá aige ná daingne na hintinne. Tréan nirt a dhiongbháilteachta a rug dúshlán Messi anuraidh.

Ó oidhreacht oileánaigh, lomchlár charraige agus chruatain Funchal, Madeira, a shíolraíonn an dhiongbháilteacht seo. D’fhág sé an áit sin in aois a cheithre dhéag le haghaidh ionad a ghlacadh in acadamh peile Sporting Lisbon. Ba chargas leis scaradh lena áit dhúchais, ach chinnigh an t-oileánach óg go raibh ré na dearóile istigh, agus go gcuirfeadh sé máistreacht ar a cheird. Bhí sé chomh tógtha sin leis an obair go gceapadh sé breis thraenála dó féin; deir lucht bainistíochta an ionaid ina d’fhanadh sé go dtagadh siad air sa ghiom i lár na hoíche.

Bhí sé ina pheileadóir crua-fáiscithe faoin uair a tugadh go Manchester United é  i 2003. Neart cúis imeachta ag mórán imreoirí a bheadh sa shíor-scalloid a thugtaí air; é ró-thúisce chun talún, leithleascach, ciontach de shíor as lagbheart seilbhe liathróide. Ach ba chuma le Ronaldo casaoid a chorraí; ba léire fós i 2006 é sin. Agus Sasana ag imirt in aghaidh na Portaingéile sa Chorn Domhanda, cuireadh Wayne Rooney chun bealaigh agus leagadh an locht ar Christiano. B’údar ghráin ag muintir Shasana uilig é. Beag beann ar an sciolladh a bhí i ndán dó, d’fhill sé ar Mhanchain. Ghnóthaigh sé trí shraitheanna príomhroinne as a chéile idir 2007 agus 2009, chomh maith leis an gCorn Eorpach agus an Ballon d’Or a chrocadh leis ar scoráil 42 chúl dó i 2008.

Nuair a chaith Real Madrid na Spáinne €90 miliún air i 2009, bhí urra curtha sa ghéaga ag an bhfear a tháinig go Manchain ina lagrachán, agus a dhiongbháilteacht intinne curtha i láthair an tsaoil. Ba ghearr go raibh a luach faighte ag Maidrid uaidh. Faoi dheireadh an tséasúir 2011-12 bhí sé ar an gcéad imreoir le leathscór cúl in aon shéasúr La Liga amháin a shárú dhá bhliain as a chéile. Ag na gradaim aonair, in ainneoin a éachta, bhí sé ar an dtrá folamh i gcónaí. A bhuí lena oidhreacht, ba nós leis an áit sin a fhágáil ina dhiaidh, agus tá sé ar sheol na braiche ó shin i leith.

Gríosadh chun gnímh níos bisiúla ná riamh é i 2013. D’imir sé i 59 gcluichí agus scóráil sé 69 gcúil, 1.17 in aghaidh an chluiche. Bhí 14 acu ina gcúil chloiginn, 36 chinn stróicthe chun lín ag an leath-chos is túisce aige, agus an leath-oiread sin scóráilte ag an gcos clé. Anuas air sin, tháinig sé i bhfóir ar chúil a chomhghleacaithe faoi 17, níos mó ná Xavi, Iniesta, Ozil agus mór-uaisle eile na ceirde sin. Bhí sé dóchoiscthe; agus cluichí móra na bliana idir an leac is an losaid, b’é Ronaldo máistir na ciniúna. Nuair ba ghá don Phortaingéil  buachaint i gcoinne na Sulainne, scóráil Ronaldo hat-trick leis an bhfoireann a thabhairt slán chun na Brásaíle don Chorn Domhanda 2014.

Imreoirí ilfheidmeach is ea é, is léir, agus tá ról imeartha úr-nua cruthaithe aige, é síor-bhríomhar agus síor-bhagarthach go cliathánach agus go díreach maraon. Is sa ról sin dá rath agus is dual dó é, tá sé cleachtaithe ar a bheith ag bogadh ó d’fhág sé Madeira an chéad lá.  Ar deireadh thiar, áfach, seachas a bheith faoi shiúl i gcónaí, tá sé seasmhach. Oileánach is ea é, agus ar nós na háite arb as dó, tá sé scoite amach ón saol, síon-chaite agus storrúil. Tá Ballon d’Or 2013 tuillte aige, agus má sheasann sé dúshlán na haimsire sna blianta amach romhainn, tabharfaidh sruth na taoide níos mó gradaim chun cladaigh ina slaoda. Toisc a ionraice atá cloch, carraig is trá…